Dáil debates

Thursday, 1 April 2010

Priority Questions

Fostaíocht Gaeltachta.

4:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 4: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an eol dó an ghéarchéim airgeadais in Údarás na Gaeltachta agus na deacrachtaí a éiríonn as seo maidir le fostaíocht a chruthú sna ceantair Ghaeltachta agus an bhfuil sé ar intinn aige bualadh le bord agus feidhmeannaigh an údaráis chun an ghéarchéim a phlé agus a réiteach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14326/10]

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá soláthar iomlán de bheagnach €30 milliún curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ón Státchiste trí Vóta mo Roinne don bhliain 2010. Cé gur laghdú é seo ar an gcionroinnt iomlán de €37.6 milliún a cuireadh ar fáil ón Vóta i 2009, creidimse nach gciallaíonn sé seo go mbeidh ciorrú substaintiúil á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an údaráis, nó go mbeidh leas phobal na Gaeltachta ag fulaingt dá bharr.

Ar an gcéad dul síos, ní mór a chur san áireamh gur cuireadh méadú de €2 mhilliún ar fáil ag deireadh 2009, mar thacaíócht bhreise don eagraíocht, le cur leis an mbunsoláthar de €35.6 milliún a bhí fógartha i meastacháin 2009.

Chomh maith leis sin, ní mór a chur san áireamh go mbíonn teacht ag an údarás ar fhoinsí ioncaim eile, ar a n-áirítear: ioncam a ghintear ó scéimeanna a fheidhmiú, ar nós na scéimeanna fostaíochta pobail agus sóisialta tuaithe; fáltais ó Chistí an Aontais Eorpaigh, agus ioncam a fhaightear ó dhíol agus léasáil socmhainní, ó dhíbhinní agus ó tháillí.

Chomh maith leis sin, cuirtear maoiniú ar fáil don údarás tríd an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta chun an Scéim Fóirdheontas Fostaíochta agus an ciste cobhsaíochta fiontar a fheidhmiú. Tá tábhacht ar leith ag na tacaíochtaí seo do chomhlachtaí sa Ghaeltacht chun cuidiú leo leanúint ag trádáil agus poist a choinneáil slán. Anuraidh, mar shampla, thacaigh an dá scéim seo le caomhnú 605 post.

Is eol dom go maith na dúshláin agus na constaicí a gcaithfidh an túdarás dul i ngleic leo sa timpeallacht dheacair gnó atá i bhfeidhm faoi láthair. Níl amhras ar bith ach go bhfuil an ghéarchéim eacnamaíoch náisiúnta agus domhanda ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus tá impleachtaí dá réir ann do chúrsaí fostaíochta. É sin ráite, áfach, is údar misnigh é gur cruthaíodh 710 post nua i gcliant-chomhlachtaí de chuid an údaráis i 2009.

Ar ndóigh, ní mór féachaint ar chomhthéacs níos leithne ná an túdarás féin chomh fada agus a bhaineann sé le caiteachas sa Ghaeltacht. Chomh maith leis an soláthar de bheagnach €30 milliún atá curtha ar fáil don údarás i mbliana, tá €33 milliún eile le caitheamh trí Vóta mo Roinne ar scéimeanna éagsúla sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin, a bhfuil formhór an daonra a chónaíonn orthu sa Ghaeltacht.

Anuas ar an gcaiteachas iomlán seo de €63 milliún, ní miste a chur san áireamh go bhfuil cúnamh iomlán de luach €17.3 milliún agus €4.6 milliún ceadaithe faoin gclár forbartha tuaithe do mheitheal forbartha na Gaeltachta, MFG, agus do Chomhar na nOileán, faoi seach, chun tacú le réimse de ghníomhaíochtaí fiontraíochta agus forbartha sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin go dtí an bhliain 2013.

Tá mé cinnte go n-aontóidh an Teachta, i bhfianaise an mhaoinithe shubstaintiúil atá á chur ar fáil — fiú san aeráid eacnamaíoch dhúshlánach seo — nach bhfuil neamhaird á déanamh ag an Stát ar an Ghaeltacht.

Tuigfidh sé freisin, tá súil agam, nach raibh deis agam castáil le hÚdarás na Gaeltachta go fóill ach beidh áthas orm é sin a dhéanamh a luaithe a bheidh deis fheiliúnach chuige sin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Déanaim comhghairdeas, mar atá déanta mo chomhghleacaí anseo, leis an Aire agus leis an Aire Stáit as na cúraimí úra atá tugtha dóibh. Tá súil agam go n-éireoidh go geal ar fad agus atá an bheirt acu ansin. Mar a dúirt an Teachta Ring, áfach, tá súil agam nach mbeidh siad ann ró-fhada.

Cuirim fáilte roimh an méid a bhí le rá ag an Aire sa fhreagra ansin maidir le hÚdarás na Gaeltachta. Tá mé cinnte go dtuigeann an tAire cé chomh tábhachtach agus atá an t-údarás ó thaobh na Gaeltachta de, ó thaobh fostaíochta sa Ghaeltacht de, agus ó thoabh shaol sóisialta na Gaeltachta agus ó thaobh chultúr na Gaeltachta de agus go n-aontóidh an tAire go bhfuil sé iontacht tábhachtach go gcuirfear na hacmhainní cuí ar fáil don údarás le gníomhú go héifeachtach ina dhualgais i leith na Gaeltachta.

Dúirt an tAire go bfhuil titim mhór ar an chaiteachas d'Údarás na Gaeltachta i mbliana agus le cúpla bliain anuas, nuair nach raibh an tAire ansin. An dtuigeann sé na deacrachtaí atá ag an údarás i láthair na huaire? Tionscnaimh úra agus fostaíocht úr a cheadú sna ceantair Ghaeltachta mar de bharr an ghearradh siar, go speisialta ar an deontas caipitil. Go dtí seo, bhí Údarás na Gaeltachta in ann acmhainní a dhíol agus breis airgid a fháil isteach ach tá beagnach gach acmhainn díolta anois. Mar sin, tá sé tábhachtach san am atá romhainn amach go gcuirfear na hacmhainní ar fáil don údarás.

Dúirt an tAire go bhfuil sé ar intinn aige bualadh leis an údarás gan mhoill. Tá mé cinnte go ndéanfaidh sé na rudaí seo a phlé. An féidir leis an Aire aon tuairim a thabhairt dúinn maidir le an bhfuil sé ar intinn aige toghchán an údaráis a bheith ann i mbliana nó sa bhliain seo chugainn? An bhfuil socrú déanta aige faoi sin?

Má tá tionscnaimh ceadaithe ag an údarás, an gcuirfidh an tAire na hacmhainní ar fáil dó le tacaíocht a thabhairt do na tionscnaimh sin le fostaíocht a chruthú sna Gaeltachtaí?

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an dea-mhéin atá curtha in iúl ag an Teachta, ar mo shon fhéin agus ar son an Aire Stáit. Tá deacrachtaí ann ceart go leor. Is dócha gur comhartha dóchais é go bhfuil poist d'ard chaighdeán á chruthú sa Ghaeltacht. Tá níos mó eolais faoi sin ag an Teachta ná mar atá agam. Tá sé sin le feiceáil san earnáil seirbhísí agus déantúsaíochta nua-aimsirthe, ach go háirithe. Rinne an túdarás an-obair le blianta anuas chun tionscadail ar nós an tionscadal closamhairc a fhorbairt. Léiríonn sé seo go bhfuil ag éirí le straitéis réamhghníomhach an túdarás chun fiontar dúchasach le postanna ard-oilte a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Níl dabht ar bith ach go bhfuil athstruchtúrú ag teacht ar geilleagar na Gaeltachta de réir a chéile de bharr na straitéise seo. Tá athrú ar siúl ó earnálacha le beagán teicneolaíochta go hearnálacha déantúsaíochta agus seirbhísí a bhfuil ard-teicneolaíocht ag baint leo. Mar sin, bíonn fórsa oibre níos oilte ag teastáil uathu.

Luaigh an Teachta cúraimí fiontraíochta an údaráis. Déanfar measúnú ar aon leasuithe atá le déanamh ar chumhachtaí agus aidhmeanna an údaráis i gcomhthéacs an dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge. Mar is eol don Teachta, tá an straitéis á scrúdú ag an coiste faoi láthair. Nuair atá obair an choiste curtha i gcrích agus tuairisc faighte, tá sé ar intinn agam an dréachtstraitéis — agus í leasuithe más cuí — a thabhairt faoi bhráid an Rialtais, le ceadú.

Maidir leis an toghchán d'Údarás na Gaeltachta, mar is eol don Teach reachtáladh an toghchán deireanach i mí Aibreán 2005. Faoi réir na reachtaíochta faoina bhfeidhmíonn an túdarás, ní mór an chéad toghchán eile a reachtáil am éigin sa tréimhse idir inniu agus 1 Deireadh Fómhair 2010. Faoi láthair, tá moltaí éagsúla maidirleis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, a bheadh impleachtaí acu don údarás amach anseo, á phlé i gcomhthéacs an dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge, a fhoilsíodh le déanaí.

Sa chomhthéacs sin, níl sé i gceist agam cinneadh a thógáil ag an bpointe seo maidir le dáta don chéad toghchán eile. Más gá, áfach, agus má oireann sé do chúinsí an cháis, is féidir liom cás a bhreithniú maidir le Bille a thabhair os comhair an Tí seo chun síneadh a chur ar thréimhse comhaltaí tofa an bhord reatha.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire as an fhreagra chuimsitheach atá tugtha aige. Tá a fhios agam nach bhfuil an tAire i mbun na Roinne ach le breis agus seachtain anuas. Tá mé cinnte go bhfuil sé ar intinn ag an Aire cuairt a thabhairt ar na ceantair Gaeltachta chomh luath agus is féidir. Tá súil agam go mbeidh sé ábalta cuairt a thabhairt orainn ó thuaidh gan mhoill go dtí go bhfeicfidh sé céard atá ar siúl sna ceantair Gaeltachta ansin agus, chomh maith, sa chuid eile den tír. Mar sin, táim cinnte go mbeidh cúpla seachtain gnóthach ag an Aire ag taisteal ó cheann amháin den tír go dtí an ceann eile ag tabhairt cuairte ar na Gaeltachtaí, gan dearmad a dhéanamh ar na hoileáin, Tóraí, Árann Mór, Gabhla, Inis Meáin, Inis Bó Finne, Oileán Uaighe agus Inis Sionnaigh agus gach oileán eile idir sin agus Corcaigh.

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Táim ag súil le tosnú ar an taisteal sin go luath tríd na Gaeltachtaí go léir agus na hoileáin i dtreo agus go mbeidh seans agam bualadh le pobal na Gaeltachta agus seans a thabhairt dóibh na ceisteanna atá acu a phlé liom agus le m'Aire Stáit.