Dáil debates

Thursday, 1 April 2010

4:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Gabhaim buíochas leis an dea-mhéin atá curtha in iúl ag an Teachta, ar mo shon fhéin agus ar son an Aire Stáit. Tá deacrachtaí ann ceart go leor. Is dócha gur comhartha dóchais é go bhfuil poist d'ard chaighdeán á chruthú sa Ghaeltacht. Tá níos mó eolais faoi sin ag an Teachta ná mar atá agam. Tá sé sin le feiceáil san earnáil seirbhísí agus déantúsaíochta nua-aimsirthe, ach go háirithe. Rinne an túdarás an-obair le blianta anuas chun tionscadail ar nós an tionscadal closamhairc a fhorbairt. Léiríonn sé seo go bhfuil ag éirí le straitéis réamhghníomhach an túdarás chun fiontar dúchasach le postanna ard-oilte a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Níl dabht ar bith ach go bhfuil athstruchtúrú ag teacht ar geilleagar na Gaeltachta de réir a chéile de bharr na straitéise seo. Tá athrú ar siúl ó earnálacha le beagán teicneolaíochta go hearnálacha déantúsaíochta agus seirbhísí a bhfuil ard-teicneolaíocht ag baint leo. Mar sin, bíonn fórsa oibre níos oilte ag teastáil uathu.

Luaigh an Teachta cúraimí fiontraíochta an údaráis. Déanfar measúnú ar aon leasuithe atá le déanamh ar chumhachtaí agus aidhmeanna an údaráis i gcomhthéacs an dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge. Mar is eol don Teachta, tá an straitéis á scrúdú ag an coiste faoi láthair. Nuair atá obair an choiste curtha i gcrích agus tuairisc faighte, tá sé ar intinn agam an dréachtstraitéis — agus í leasuithe más cuí — a thabhairt faoi bhráid an Rialtais, le ceadú.

Maidir leis an toghchán d'Údarás na Gaeltachta, mar is eol don Teach reachtáladh an toghchán deireanach i mí Aibreán 2005. Faoi réir na reachtaíochta faoina bhfeidhmíonn an túdarás, ní mór an chéad toghchán eile a reachtáil am éigin sa tréimhse idir inniu agus 1 Deireadh Fómhair 2010. Faoi láthair, tá moltaí éagsúla maidirleis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht, a bheadh impleachtaí acu don údarás amach anseo, á phlé i gcomhthéacs an dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge, a fhoilsíodh le déanaí.

Sa chomhthéacs sin, níl sé i gceist agam cinneadh a thógáil ag an bpointe seo maidir le dáta don chéad toghchán eile. Más gá, áfach, agus má oireann sé do chúinsí an cháis, is féidir liom cás a bhreithniú maidir le Bille a thabhair os comhair an Tí seo chun síneadh a chur ar thréimhse comhaltaí tofa an bhord reatha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.