Dáil debates

Thursday, 1 April 2010

4:00 am

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Déanaim comhghairdeas, mar atá déanta mo chomhghleacaí anseo, leis an Aire agus leis an Aire Stáit as na cúraimí úra atá tugtha dóibh. Tá súil agam go n-éireoidh go geal ar fad agus atá an bheirt acu ansin. Mar a dúirt an Teachta Ring, áfach, tá súil agam nach mbeidh siad ann ró-fhada.

Cuirim fáilte roimh an méid a bhí le rá ag an Aire sa fhreagra ansin maidir le hÚdarás na Gaeltachta. Tá mé cinnte go dtuigeann an tAire cé chomh tábhachtach agus atá an t-údarás ó thaobh na Gaeltachta de, ó thaobh fostaíochta sa Ghaeltacht de, agus ó thoabh shaol sóisialta na Gaeltachta agus ó thaobh chultúr na Gaeltachta de agus go n-aontóidh an tAire go bhfuil sé iontacht tábhachtach go gcuirfear na hacmhainní cuí ar fáil don údarás le gníomhú go héifeachtach ina dhualgais i leith na Gaeltachta.

Dúirt an tAire go bfhuil titim mhór ar an chaiteachas d'Údarás na Gaeltachta i mbliana agus le cúpla bliain anuas, nuair nach raibh an tAire ansin. An dtuigeann sé na deacrachtaí atá ag an údarás i láthair na huaire? Tionscnaimh úra agus fostaíocht úr a cheadú sna ceantair Ghaeltachta mar de bharr an ghearradh siar, go speisialta ar an deontas caipitil. Go dtí seo, bhí Údarás na Gaeltachta in ann acmhainní a dhíol agus breis airgid a fháil isteach ach tá beagnach gach acmhainn díolta anois. Mar sin, tá sé tábhachtach san am atá romhainn amach go gcuirfear na hacmhainní ar fáil don údarás.

Dúirt an tAire go bhfuil sé ar intinn aige bualadh leis an údarás gan mhoill. Tá mé cinnte go ndéanfaidh sé na rudaí seo a phlé. An féidir leis an Aire aon tuairim a thabhairt dúinn maidir le an bhfuil sé ar intinn aige toghchán an údaráis a bheith ann i mbliana nó sa bhliain seo chugainn? An bhfuil socrú déanta aige faoi sin?

Má tá tionscnaimh ceadaithe ag an údarás, an gcuirfidh an tAire na hacmhainní ar fáil dó le tacaíocht a thabhairt do na tionscnaimh sin le fostaíocht a chruthú sna Gaeltachtaí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.