Dáil debates

Thursday, 1 April 2010

4:00 am

Photo of Pat CareyPat Carey (Dublin North West, Fianna Fail)

Tá soláthar iomlán de bheagnach €30 milliún curtha ar fáil d'Údarás na Gaeltachta ón Státchiste trí Vóta mo Roinne don bhliain 2010. Cé gur laghdú é seo ar an gcionroinnt iomlán de €37.6 milliún a cuireadh ar fáil ón Vóta i 2009, creidimse nach gciallaíonn sé seo go mbeidh ciorrú substaintiúil á dhéanamh ar ghníomhaíochtaí an údaráis, nó go mbeidh leas phobal na Gaeltachta ag fulaingt dá bharr.

Ar an gcéad dul síos, ní mór a chur san áireamh gur cuireadh méadú de €2 mhilliún ar fáil ag deireadh 2009, mar thacaíócht bhreise don eagraíocht, le cur leis an mbunsoláthar de €35.6 milliún a bhí fógartha i meastacháin 2009.

Chomh maith leis sin, ní mór a chur san áireamh go mbíonn teacht ag an údarás ar fhoinsí ioncaim eile, ar a n-áirítear: ioncam a ghintear ó scéimeanna a fheidhmiú, ar nós na scéimeanna fostaíochta pobail agus sóisialta tuaithe; fáltais ó Chistí an Aontais Eorpaigh, agus ioncam a fhaightear ó dhíol agus léasáil socmhainní, ó dhíbhinní agus ó tháillí.

Chomh maith leis sin, cuirtear maoiniú ar fáil don údarás tríd an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta chun an Scéim Fóirdheontas Fostaíochta agus an ciste cobhsaíochta fiontar a fheidhmiú. Tá tábhacht ar leith ag na tacaíochtaí seo do chomhlachtaí sa Ghaeltacht chun cuidiú leo leanúint ag trádáil agus poist a choinneáil slán. Anuraidh, mar shampla, thacaigh an dá scéim seo le caomhnú 605 post.

Is eol dom go maith na dúshláin agus na constaicí a gcaithfidh an túdarás dul i ngleic leo sa timpeallacht dheacair gnó atá i bhfeidhm faoi láthair. Níl amhras ar bith ach go bhfuil an ghéarchéim eacnamaíoch náisiúnta agus domhanda ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí sa Ghaeltacht agus tá impleachtaí dá réir ann do chúrsaí fostaíochta. É sin ráite, áfach, is údar misnigh é gur cruthaíodh 710 post nua i gcliant-chomhlachtaí de chuid an údaráis i 2009.

Ar ndóigh, ní mór féachaint ar chomhthéacs níos leithne ná an túdarás féin chomh fada agus a bhaineann sé le caiteachas sa Ghaeltacht. Chomh maith leis an soláthar de bheagnach €30 milliún atá curtha ar fáil don údarás i mbliana, tá €33 milliún eile le caitheamh trí Vóta mo Roinne ar scéimeanna éagsúla sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin, a bhfuil formhór an daonra a chónaíonn orthu sa Ghaeltacht.

Anuas ar an gcaiteachas iomlán seo de €63 milliún, ní miste a chur san áireamh go bhfuil cúnamh iomlán de luach €17.3 milliún agus €4.6 milliún ceadaithe faoin gclár forbartha tuaithe do mheitheal forbartha na Gaeltachta, MFG, agus do Chomhar na nOileán, faoi seach, chun tacú le réimse de ghníomhaíochtaí fiontraíochta agus forbartha sa Ghaeltacht agus ar na hoileáin go dtí an bhliain 2013.

Tá mé cinnte go n-aontóidh an Teachta, i bhfianaise an mhaoinithe shubstaintiúil atá á chur ar fáil — fiú san aeráid eacnamaíoch dhúshlánach seo — nach bhfuil neamhaird á déanamh ag an Stát ar an Ghaeltacht.

Tuigfidh sé freisin, tá súil agam, nach raibh deis agam castáil le hÚdarás na Gaeltachta go fóill ach beidh áthas orm é sin a dhéanamh a luaithe a bheidh deis fheiliúnach chuige sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.