Dáil debates

Tuesday, 6 October 2009

Departmental Expenditure

Scéim na mBóithre Áise.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 120: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cá mhéad iarratas a fuarthas ina Roinn de bharr na dtuilte a tharla i nGaoth Dobhair, i mí Mheithimh seo caite, cá mhéad acu atá ceadaithe go dtí seo, cá mhéad den obair atá déanta, cá mhéad airgid atá ceadaithe agus íoctha, an mbeidh breis airgid á cheadú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [34307/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Fuair mo Roinnse 114 iarratas ar chúnamh deontais ag eascairt as damáiste a rinne tuilte i nGaoth Dobhair níos luaithe i mbliana.

Go dáta, tá 18 de na hiarratais sin cáilithe ag mo Roinnse faoi Scéim na mBóithre Áise. Tá deontas de €87,000 ceadaithe agam i leith 15 cinn díobh seo a bhfuil meastacháin faighte ina leith agus tuigim go gcuirfear tús leis an obair dheisiúcháin ar na bóithre seo go luath. Maidir leis an trí iarratas eile atá cáilithe, tá mo Roinn ag fanacht le meastacháin ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ar oibreacha deisiúcháin ar dhroichid ar na bóithre seo. Déanfar cinneadh maidir le deontais a cheadú sna cásanna seo ach na meastachán sin a bheith curtha ar fáil.

Tá iarratais eile a bhféadfadh a bheith cáilithe faoin scéim agus déanfar cinneadh fúthu siúd chomh luath agus is féidir.

Maidir leis na deontais atá ceadaithe, déanfar íocaíocht leis an gComhairle Contae ach deimhnithe cuí a bheith faighte go bhfuil na hoibreacha deisiúcháin déanta chun sástacht mo Roinne.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas den Aire maidir leis an méid eolais atá tugtha aige, go bhfuil €87,000 ceadaithe le haghaidh 15 cinn de na bóithre áise.

Rinneadh damáiste mór de bharr na dtuilte agus tá sé beagnach ceithre mhíó tharla sin. Bhí an tAire agus an Tánaiste agus mé féin ansin cúpla lá ina dhiaidh sin agus bhí lúcháir orainn go raibh deis ag an Aire a fheiceáil cé chomh holc agus a bhí cúrsaí. Dé bharr chuairt an Aire, cuireadh 125 iarratas isteach chuig an Roinn agus ní raibh ag muintir na háite ach seachtain chun sin a dhéanamh. Rinneadh dóchar do thalamh na ndaoine seo, do na bóithre agus do na droichid. Tá 15 ceadaithe anois ach tá 110 eile nach bhfuil ceadaithe go fóill. An bhfuil sé i gceist ag an Aire agus ag an Roinn aon rud a dhéanamh faoin 110 iarratas nach bhfuil ceadaithe go fóill?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is cosúil go bhfuair mo Roinn 114 iarratas, sin an t-eolas atá agam agus glacaim leis go bhfuil sé cruinn. Tá os cionn 60 acu seo nach bhfuil cáilithe ar chor ar bith, agus beimid ag scríobh chuig na daoine sin go luath chun sin a chur in iúl. I gcuid de na hiarratais bhí bóithre comhairle condae i gceist agus níl siad cáilithe faoi Scéim na mBóithre Áise. Ansin, bhí iarratas amháin a bhain le talamh príomhaideach, rud eile nach mbaineann leis an scéim.

Ar an lá a bhí muid thíos, dúirt mé gur iarratais faoi Scéim na mBóithre Áise a bheadh i gceist. Má thógtar an 18 iarratas atá measúnaithe déanta, tá fadhb leis na droichid — caithfidh na háitreabhaigh cead a fháil faoin Acht Siltin Airtéirigh 1945 sular féidir na droichid a dheisiú agus tá meastacháin ag freastal freisin. Sin 18 ó 114, agus fágann sin níos lú ná céad. Bainfear 60 eile as sin fosta so tá níos lú ná 40 go gcaithfear measúnú agus cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad cáilithe. D'fhéadfadh cuid den 40 sin bheith cáilithe.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Nuair a bhí an tAire ansin, rinne sé, mé féin agus daoine eile scrúdaithe ar pháirceanna agus ar an fhéar a bhí loite ag na tuilte, talamh agus féar a bhfuil feirmeoirí ag braith orthu lena gcuid stoc a chothú. Más cuimhin liom, dúirt an tAire go bhféadfaí b'fhéidir cúiteamh éigean a thabhairt do na feirmeoirí. Tharla rud éigin cosúil leis sin in iarthar na hÉireann, i Maigh Éo nóáit éigin, cúpla bliain ó shin. An bhfuil scrúdú déanta ag an Aire ar chás na bhfeirmeoirí agus an bhfuil aon chúnamh gur féidir a thabhairt dóibh chun bia a cheannach do na hainmhithe fá choinne an gheimridh atá buailte orainn i láthair na huaire?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Shíl mé go bhfuair an Teachta cóip de na nótaí a tugadh dom an t-am sin. Scríobhadh ansin má bhí cruatán i gceist do dhuine ar bith le rud éigin príobhaideach, ba cheart don duine sin dul chuig an community welfare officer agus cúnamh a iarraidh uaidh. Rinne mé soiléir an lá sin go raibh mé ag caint faoi bhóithre áise agus faoi Scéim na mBóithre Áise go ndéanfaimis na bóithe nach bóithre comhairle condae iad a athchóiriú agus sin atáá dhéanamh. Aon iarratas nach mbaineann le bóthar áise, níl sé incháilithe faoin scéim a d'fhógair mé an lá sin. Má bhreathnaíonn daoine ar na foirmeacha feicfidh siad gur mar sin atá. Foirmeacha bóithre áise a cuireadh amach.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil aon foinse cuidithe eile ann? Má thugann an tAire an t-eolas dom, déanfaidh mé féin an chuid eile den obair.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

The community welfare officer. Má tá cruatán ar dhaoine mar gheall ar rud mar seo, dúradh sa chaipéis a scaipeadh ag an am gurb shin an dream ar cheart dul chuige, agus go bhféadfadh sé breathnú ar exceptional needs payment.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cé atá chun an talamh a ghlanadh agus na clocha a thabhairt as? Cé a dhéanfaidh sin?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cuirfidh mé cóip de na nótaí a bhí sa doiciméad ag an am chuig an Teachta.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Le do thoil.