Dáil debates

Tuesday, 6 October 2009

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Fuair mo Roinnse 114 iarratas ar chúnamh deontais ag eascairt as damáiste a rinne tuilte i nGaoth Dobhair níos luaithe i mbliana.

Go dáta, tá 18 de na hiarratais sin cáilithe ag mo Roinnse faoi Scéim na mBóithre Áise. Tá deontas de €87,000 ceadaithe agam i leith 15 cinn díobh seo a bhfuil meastacháin faighte ina leith agus tuigim go gcuirfear tús leis an obair dheisiúcháin ar na bóithre seo go luath. Maidir leis an trí iarratas eile atá cáilithe, tá mo Roinn ag fanacht le meastacháin ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ar oibreacha deisiúcháin ar dhroichid ar na bóithre seo. Déanfar cinneadh maidir le deontais a cheadú sna cásanna seo ach na meastachán sin a bheith curtha ar fáil.

Tá iarratais eile a bhféadfadh a bheith cáilithe faoin scéim agus déanfar cinneadh fúthu siúd chomh luath agus is féidir.

Maidir leis na deontais atá ceadaithe, déanfar íocaíocht leis an gComhairle Contae ach deimhnithe cuí a bheith faighte go bhfuil na hoibreacha deisiúcháin déanta chun sástacht mo Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.