Dáil debates

Tuesday, 6 October 2009

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Gabhaim buíochas den Aire maidir leis an méid eolais atá tugtha aige, go bhfuil €87,000 ceadaithe le haghaidh 15 cinn de na bóithre áise.

Rinneadh damáiste mór de bharr na dtuilte agus tá sé beagnach ceithre mhíó tharla sin. Bhí an tAire agus an Tánaiste agus mé féin ansin cúpla lá ina dhiaidh sin agus bhí lúcháir orainn go raibh deis ag an Aire a fheiceáil cé chomh holc agus a bhí cúrsaí. Dé bharr chuairt an Aire, cuireadh 125 iarratas isteach chuig an Roinn agus ní raibh ag muintir na háite ach seachtain chun sin a dhéanamh. Rinneadh dóchar do thalamh na ndaoine seo, do na bóithre agus do na droichid. Tá 15 ceadaithe anois ach tá 110 eile nach bhfuil ceadaithe go fóill. An bhfuil sé i gceist ag an Aire agus ag an Roinn aon rud a dhéanamh faoin 110 iarratas nach bhfuil ceadaithe go fóill?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.