Dáil debates

Wednesday, 17 June 2009

Other Questions

Polasaí don Ghaeilge.

3:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 30: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén comhrá a bhí aige leis an gCoimisinéir Teanga maidir lena thuarascáil bhliantúil don bhliain 2008; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23838/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá an Coimisinéir Teanga neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna agus ní raibh plé idir mé féin agus an coimisinéir maidir le hábhar a bhí beartaithe ag an gcoimisinéir le haghaidh a thuarascáil bhliantúil 2008. Tá dualgas reachtúil ar an gcoimisinéir, de réir alt 30 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a thuarascáil bhliantúil a ullmhú agus a thabhairt don Aire, agus tá dualgas ar an Aire an tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.

Ar bhonn níos leithne, tig liom a dhearbhú go mbíonn teagmháil rialta, mar is cuí, idir mo Roinnse agus Oifig an Choimisinéara maidir le réimse leathan ábhar a bhaineann le feidhmiú an Achta.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom an ábhar imní a luaigh an coimisinéar ina thuarascáil a chur os comhair an Aire, is é sin nach raibh an dul chun cinn gur cóir á dhéanamh leis na scéimeanna le trí bliana anuas, nó nach bhfuil na scéimeanna nua curtha i bhfeidhm. An bhfuil fáth le sin? An bhfuil na comhlachtaí éagsúla ag éirí tuirseach den Acht nó an bhfuil an locht ar an Roinn mar nach bhfuil an tAire ag cur na hoibre sin chun cinn chomh luath agus is cóir?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An scéal atá ann ná go bhfuil an Roinn ag daingniú scéimeanna an t-am ar fad. Tá cuid mhaith oibre i gceist leis na scéimeanna seo. Maidir leis an dara scéim, fanann an chéad scéim i bhfeidhm go dtí go dtagann an dara scéim i bhfeidhm. Ceann de na rudaí a bheidh muid ag cur béime orthu sna dara scéimeanna ná go mbeidh a fhios ag an bpobal go bhfuil na seirbhísí ar fáil. Mar adúirt daoine ar ball, tá sé tábhachtach, ní amháin go mbeidh na seirbhísí ar fáil ach go mbainfear leas astu. Mar sin, is toisc na scéimeanna nua go mbeidh foráil ann maidir leis an pobal a chur ar an eolas faoi na scéimeanna atá ann. Tá mo Roinn ag leanacht leis ag daingniú céad scéimeanna agus, freisin, ag plé le dara scéimeanna.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Maidir le comhlachtaí atá ag teacht ar ais chuig an Aire anois go bhfuil trí bliana imithe ó cuireadh an scéim in áit, an bhfuil comhlacht ar bith ag iarraidh nach mbeadh na coinníollacha chomh daingean agus a bhí siad? An gceapann aon chomhlacht go bhfuil na coinníollacha ró-dhian air, go bhfuil costas ró-mhór air nó nach bhfuil aon tairfe le baint as na haistriúcháin ag na custaiméirí atá aige?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

D'aontaigh siad féin go deonach gach scéim. An tuiscint atá agamsa ná nach féidir cúlú ó aon ghealltanas a thugtar i scéim teanga. A mhalairt atá fíor sa mhéid is gur cóir don dara scéim tógaint ar an dul chun cinn atá déanta sa chéad scéim agus mar sin de. Go simplí, is é ceann de na bun prionsabail a bhaineann leis na scéimeanna teanga ná go ndéanfar dul chun cinn thar tréimhse roinnt scéimeanna maidir le raon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil ó chomhlachtaí poiblí i nGaeilge, le súil agus go mbeidh gach seirbhís atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne á sholáthar trí Gaeilge amach anseo. Tá sin sonraithe sna treoirlínte reachtúla a d'eisigh mé i 2004. Ar ndóigh, eascraíonn sin as breithiúnas na Cúirte Uachtaraigh agus seasamh bunreachtúil na Gaeilge, nach féidir, go ginearálta ó thaobh na Gaeilge, a bheith ag dul siar, go gcaithfear a bheith ag dul ar aghaidh.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cé nach bhfuil cóip den tuarascáil is deireannaí agam anseo, chomh fada agus is eol dom sílim go raibh roinnt gearáin ag an coimisinéar maidir le cur chun cinn na teanga agus le cloí leis an Acht i roinnt de na Ranna Stáit. Muna bhfuil dul amú orm, sílim go bhfuil an Roinn ar a bhfuil an tAire féin i gceannas luaite sa tuarisc chomh maith. Ar mhiste leis an Aire a thuairimí faoi sin a thabhairt?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is dóigh go dtaispeánann sé sin go soiléir go bhfuil an coimisinéar neamhspleách agus go ndéanann sé inscrúduithe. Tagann sin lena bhreithiúnas. Ghlac mo Roinn leis a bhreithiúnas sa gcás a thóg sé leis an Roinn. Bhí plé ann agus tháinig seisean ar a thuairim. Tá an rud atá i gceist aige á fheidhmiú ag an Roinn anois. Ní rud an-mhór atá ann. Rud a bhain le ceapachán a bhí ann, ach ghlac muid le toradh an inscrúduithe agus feidhmeoidh muid dá réir. Sin an fáth go bhfuil an coimisinéar ann.