Dáil debates
Wednesday, 17 June 2009
Polasaí don Ghaeilge.
3:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Mar is eol don Teachta, tá an Coimisinéir Teanga neamhspleách i gcomhlíonadh a chuid feidhmeanna agus ní raibh plé idir mé féin agus an coimisinéir maidir le hábhar a bhí beartaithe ag an gcoimisinéir le haghaidh a thuarascáil bhliantúil 2008. Tá dualgas reachtúil ar an gcoimisinéir, de réir alt 30 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, a thuarascáil bhliantúil a ullmhú agus a thabhairt don Aire, agus tá dualgas ar an Aire an tuarascáil sin a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
Ar bhonn níos leithne, tig liom a dhearbhú go mbíonn teagmháil rialta, mar is cuí, idir mo Roinnse agus Oifig an Choimisinéara maidir le réimse leathan ábhar a bhaineann le feidhmiú an Achta.
No comments