Dáil debates
Wednesday, 17 June 2009
Polasaí don Ghaeilge.
3:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
D'aontaigh siad féin go deonach gach scéim. An tuiscint atá agamsa ná nach féidir cúlú ó aon ghealltanas a thugtar i scéim teanga. A mhalairt atá fíor sa mhéid is gur cóir don dara scéim tógaint ar an dul chun cinn atá déanta sa chéad scéim agus mar sin de. Go simplí, is é ceann de na bun prionsabail a bhaineann leis na scéimeanna teanga ná go ndéanfar dul chun cinn thar tréimhse roinnt scéimeanna maidir le raon agus caighdeán na seirbhísí atá ar fáil ó chomhlachtaí poiblí i nGaeilge, le súil agus go mbeidh gach seirbhís atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne á sholáthar trí Gaeilge amach anseo. Tá sin sonraithe sna treoirlínte reachtúla a d'eisigh mé i 2004. Ar ndóigh, eascraíonn sin as breithiúnas na Cúirte Uachtaraigh agus seasamh bunreachtúil na Gaeilge, nach féidir, go ginearálta ó thaobh na Gaeilge, a bheith ag dul siar, go gcaithfear a bheith ag dul ar aghaidh.
No comments