Dáil debates

Wednesday, 4 March 2009

Priority Questions

Straitéis don Ghaeilge.

1:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 38: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cathain a chuirfidh sé an dréacht-straitéis 20 bliain agus a chuid moltaí maidir leis an straitéis faoi bhráid an Rialtais; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8979/09]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá obair ar siúl faoi láthair maidir le straitéis 20 bliain don Ghaeilge a fhorbairt, bunaithe ar ráiteas polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. I rith na bliana seo caite, tá mo Roinnse, i gcomhar le Fiontar DCU, na comhairleoirí neamhspleácha atá ag cuidiú chun an straitéis a chur le chéile, tar éis tabhairt faoi phróiseas leathan de chomhairliúchán poiblí, ar a n-áirítear cruinnithe poiblí agus suirbhé ar-líne maidir leis na heilimintí éagsúla a bheidh sa straitéis. Bunaithe ar na moltaí agus an aiseolas a tháinig ón bpobal i rith an phróisis sin, foilsíodh plé-pháipéar maidir leis na gnéithe éagsúla a mheastar a bheidh sa straitéis. Tugadh faoi sraith eile de chruinnithe poiblí chun deis a thabhairt do dhaoine a dtuairimí a thabhairt faoin doiciméad sin.

Chomh maith leis an gcomhairliúchan poiblí, chuaigh Fiontar DCU i gcomhairle leis na príomh-gheallsealbhóirí san earnáil phoiblí agus san earnáil deonach faoina gcuid moltaí i leith na straitéise agus thugadar le chéile i gcoiste comhairleach saineolaithe idirnáisiúnta a bhfuil taithí acu i mbeartais teangacha.

Tá doiciméad faighte agam anois agus á breithniú. Faoi mar is eol don Teachta, tá coiste Rialtais bunaithe chun scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna a bhaineann leis an Ghaeltacht agus an Ghaeilge, agus beidh an dréacht-straitéis á plé ag an gcoiste sin sula gcuirfear faoi bhráid an Rialtais í. Tá súil agam go dtarlóidh sé sin go luath.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire as ucht freagra a thabhairt dom atá an-cosúil leis an freagra a fuair mé ar 29 Eanáir. Tá sé soiléir nach bhfuil aon dul chun cinn déanta.

Ag féachaint ar conas atá cúrsaí, bhí an straitéis ann Mí na Nollag 2006, ach tá muid ag druidim anois leis an toghchán do bhord Údarás na Gaeltachta, a bheidh ar siúl i mí Aibreán na bliana seo chugainn. Níl aon rud ag tarlú, ach beidh reachtaíocht ag teastáil, cuirim i gcás nuair a bheidh an plean gníomhach críochnaithe. Céard go díreach atá ar siúl? Iarraim ar an Aire bheith macánta linn. An bhfuil an Rialtas anois ag rá leis an Aire stad a chur leis nó é a chur ar leataobh? An bhfuil an Rialtas ag iarraidh dul ar aghaidh gan ligint do rud ar bith a tharlú? Tá eagla ormsa go bhfuil an cinneadh sin déanta ag an Rialtas. Ní cinneadh foirmeálta atá i gceist agam, ach cinneadh an Ghaeilge, an plean gníomhach, agus an straitéis a chur ar leataobh agus ligint do chúrsaí Gaeilge dul chun donais mar atá ag tarlú.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní raibh an Teachta ag ardfheis Fhianna Fáil ag an deireadh seachtaine. Dá mba rud é go raibh sé ann, bheadh sé ar an eolas go bhfuil muid ag treabhadh ar aghaidh leis an obair seo. A mhalairt ar fad don mhéid atá ráite ag an Teachta atá fíor.

Tá sé iomlán cruinn a rá go raibh súil againn go mbeadh sé seo déanta roimh deireadh na bliana. Nuair a thosaigh muid ag plé na ceiste agus ag snaidhmeadh an plean 20 bliain agus an aisfhreagra ar na moltaí a d'éirigh sa tuarascáil teangeolaíochta, tháinig ceisteanna móra chun cinn. Thosaigh muid ag breathnú as an nua ar go leor rudaí ar glacadh leo i saol na Gaeilge ó bhunaíodh an Stát. Tá an próiseas seo ag tógáil cuid mhaith ama. Tá, mar adúirt mé, dréacht cháipéis againn agus tá muid ag obair ar sin, ach teastaíonn uaim go ndéanfaidh muid jab foirfe.

Cuireann an mhéid atá le rá, maidir le an mbeidh plean ann, an dtarlóidh sé agus mar sin de, i gcuimhne dom an t-am a raibh muid ag réiteach Acht na dTeangacha Oifigiúla. D'fhéadfainn go leor gearrtháin nuachtáin a thaispeáint don Teachta inar dúradh go raibh an Rialtas tar éis sin a chur ina leataobh agus nach dtarlódh sé go brách agus nach raibh ann ach caint. Ach, ar ndóigh, mar is eol don Teachta, tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla ann.

Beidh an straitéis ann. Tá go leor oibre ar bun. Tá chuile cúnamh, tacaíocht agus ugach á tabhairt ag an Taoiseach di agus spéis phearsanta aige inti, ach tá muid ag iarraidh go ndéanfaidh muid jab ceart agus cuimsitheach uirthi.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Is deacair sin a chreidiúint, mar níl rud ar bith le feiceáil againn. An mbeidh Bille um Údarás na Gaeltachta ina Acht roimh Aibreán na bliana seo chugainn, roimh na toghcháin don údarás? An rud is tábhachtaí, an mbeidh na hathruithe ar teorainneacha na Gaeltachta in áit roimh an toghchán seo? An mbeidh an plean gníomhach foilsithe roimh briseadh na Cásca nó na Nollag nó roimh deireadh na bliana? An féidir leis an Aire aon geallúint a thabhairt dúinn i dtaobh sin? Maidir leis an straitéis, cathain a bheidh sí faoi bhráid an Rialtais? An mbeidh sí foilsithe agus ar fáil dúinn go léir sa Teach roimh briseadh na Cásca nó na Nollag nó roimh deireadh na bliana? An mhéar fhada atá i gceist anseo. Tarlaíonn sin i gcónaí leis an Aire seo agus tá sin ag tarlú anois. Níl aon rud le feiceáil a dtugann muinín domsa go bhfuil aon obair fhiúntach ar siúl.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní ghlacaim leis go gcuirim rudaí ar an mhéar fhada, ach is maith liom rudaí a dhéanamh go cuimsitheach. Ag breathnú siar ar an scéal, tugadh Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach chomh sciobtha le hAcht ar bith eile, go mór mhór nuair a thógtar san áireamh gur Acht as an nua ar fad a bhí ann. Maidir leis an straitéis——

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

An polasaí maidir leis an todhchaí atá uaim.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigim é sin, ach tá an Teachta ag rá go gcuirim rudaí ar an mhéar fhada agus ní ghlacaim le sin. Mar is eol don Teachta, tá go leor eolas ar fáil ag an pobal maidir leis an próiseas seo, mar d'fhoilsigh muid an plé-cháipéis agus tá sin ar fáil. Tá na critéir ar eolas againn. Táimid ag obair ar an dréacht cháipéis i láthair na huaire agus tá go leor tuairimí breactha síos agus go leor rudaí dá scrúdú.

Tá sé éasca doiciméad a fháil 90% ceart, ach is é an 10% go minic a thógann an t-am. Dá n-iarrfadh an Teachta orm buille fé thuairim a thabhairt, ó thaobh cúrsaí ama de, faoin am go mbeadh leagan Béarla agus Gaeilge agus aistriúchán sásúil déanta agus seo a bheith ceadaithe ag an gcoiste idir-rannach agus comhaontú againn trasna an bhord, agus ag glacadh leis go bhfuil i gceist againn an rud foirfe a dhéanamh, is ag tús an tsamhraidh nó ag briseadh na Cásca a bhféadfá bheith ag súil leis an plean. An chaoi a mbeidh sé ná ní bheidh sé againn lá amháin ach beidh an iomlán críochaithe againn an lá ina dhiaidh. Tá sin níos réalaí.

Maidir leis an ráiteas, is cuimhin liom gur cuireadh siar trí seachtaine é. Aistríodh é, ach ní raibh mise sásta leis an aistriúchán mar shíl mé go raibh sé doiléir agus nach raibh sé an-inléite. Nuair a thosaigh muid ag breathnú ar an aistriúchán, d'ardaigh sin ceist faoin bunleagan agus bhí orainn dul ar ais chuige sin. Chaill muid trí seachtaine ansin ar fhoclaíocht, mar níor athraigh muid aon rud suntasach a bhí ann. Tá sé tábhachtach go mbeidh na cáipéisí seo soiléir agus scríobhtha i mBéarla agus Gaeilge atá thar a bheith intuigthe, le go mbeidh a fhios ag daoine céard go díreach atá i gceist againn. Tógann an cineál sin ruda am.