Dáil debates

Wednesday, 4 March 2009

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá obair ar siúl faoi láthair maidir le straitéis 20 bliain don Ghaeilge a fhorbairt, bunaithe ar ráiteas polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge. I rith na bliana seo caite, tá mo Roinnse, i gcomhar le Fiontar DCU, na comhairleoirí neamhspleácha atá ag cuidiú chun an straitéis a chur le chéile, tar éis tabhairt faoi phróiseas leathan de chomhairliúchán poiblí, ar a n-áirítear cruinnithe poiblí agus suirbhé ar-líne maidir leis na heilimintí éagsúla a bheidh sa straitéis. Bunaithe ar na moltaí agus an aiseolas a tháinig ón bpobal i rith an phróisis sin, foilsíodh plé-pháipéar maidir leis na gnéithe éagsúla a mheastar a bheidh sa straitéis. Tugadh faoi sraith eile de chruinnithe poiblí chun deis a thabhairt do dhaoine a dtuairimí a thabhairt faoin doiciméad sin.

Chomh maith leis an gcomhairliúchan poiblí, chuaigh Fiontar DCU i gcomhairle leis na príomh-gheallsealbhóirí san earnáil phoiblí agus san earnáil deonach faoina gcuid moltaí i leith na straitéise agus thugadar le chéile i gcoiste comhairleach saineolaithe idirnáisiúnta a bhfuil taithí acu i mbeartais teangacha.

Tá doiciméad faighte agam anois agus á breithniú. Faoi mar is eol don Teachta, tá coiste Rialtais bunaithe chun scrúdú a dhéanamh ar na saincheisteanna a bhaineann leis an Ghaeltacht agus an Ghaeilge, agus beidh an dréacht-straitéis á plé ag an gcoiste sin sula gcuirfear faoi bhráid an Rialtais í. Tá súil agam go dtarlóidh sé sin go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.