Dáil debates

Wednesday, 4 March 2009

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ní raibh an Teachta ag ardfheis Fhianna Fáil ag an deireadh seachtaine. Dá mba rud é go raibh sé ann, bheadh sé ar an eolas go bhfuil muid ag treabhadh ar aghaidh leis an obair seo. A mhalairt ar fad don mhéid atá ráite ag an Teachta atá fíor.

Tá sé iomlán cruinn a rá go raibh súil againn go mbeadh sé seo déanta roimh deireadh na bliana. Nuair a thosaigh muid ag plé na ceiste agus ag snaidhmeadh an plean 20 bliain agus an aisfhreagra ar na moltaí a d'éirigh sa tuarascáil teangeolaíochta, tháinig ceisteanna móra chun cinn. Thosaigh muid ag breathnú as an nua ar go leor rudaí ar glacadh leo i saol na Gaeilge ó bhunaíodh an Stát. Tá an próiseas seo ag tógáil cuid mhaith ama. Tá, mar adúirt mé, dréacht cháipéis againn agus tá muid ag obair ar sin, ach teastaíonn uaim go ndéanfaidh muid jab foirfe.

Cuireann an mhéid atá le rá, maidir le an mbeidh plean ann, an dtarlóidh sé agus mar sin de, i gcuimhne dom an t-am a raibh muid ag réiteach Acht na dTeangacha Oifigiúla. D'fhéadfainn go leor gearrtháin nuachtáin a thaispeáint don Teachta inar dúradh go raibh an Rialtas tar éis sin a chur ina leataobh agus nach dtarlódh sé go brách agus nach raibh ann ach caint. Ach, ar ndóigh, mar is eol don Teachta, tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla ann.

Beidh an straitéis ann. Tá go leor oibre ar bun. Tá chuile cúnamh, tacaíocht agus ugach á tabhairt ag an Taoiseach di agus spéis phearsanta aige inti, ach tá muid ag iarraidh go ndéanfaidh muid jab ceart agus cuimsitheach uirthi.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.