Dáil debates

Thursday, 29 January 2009

Priority Questions

An Clár Forbartha Áitiúil.

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 5: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na hathruithe atá i gceist aige maidir le riaradh an chláir forbartha áitiúil do chuimsitheacht shóisialta; an bhfuil na hathruithe pléite agus aontaithe leis na heagraíochtaí atá páirteach ann; an gcaillfear poist i Meitheal Forbartha na Gaeltachta, mar shampla, de bharr na n-athruithe; an bhfuil aon impleachtaí eile ann don fhostaíocht sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2856/09]

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá suim €49.6 billiún sonraithe sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013 ar mhaithe le cuimsitheacht shóisialta, ar a n-áirítear thart ar €417 milliún don chlár forbartha áitiúil do chuimsitheacht shóisialta. Soláthar €57.44 milliún a bhí ar fáil don chlár sin i Vóta mo Roinne i 2008.

Tá socruithe idirthréimhseach i bhfeidhm do 2009 chun a chumasú do na struchtúir nua chomhtháite agus na páirtnéireachtaí uirbeacha a gceantar feidhme a leathnú agus a gcuid gníomhaíochtaí a neadú síos. Tá athbhreithniú luach-ar-airgead déanta ar an gclár agus tá i gceist agam feidhm a bhaint as torthaí an athbhreithnithe sin, mar aon le hionchur polasaí eile, chun cruth an chláir don todhchaí a rianú. Beifear i dteagmháil i dtráth cuí leis na struchtúir nua chomhtháite agus na páirtnéireachtaí uirbeacha i gcomhthéacs chláir athbhreithnithe.

Tá laghdú déanta ar an airgead riaracháin don chlár do 2009, de bharr béime níos mó a bheith á chur ar sheirbhísí túslíne i gcomparáid le tacaíochtaí idirghabhálacha nó coimhdeacha.

Ar ndóigh, is eagraíochtaí príobháideacha iad na comhlachtaí aonaracha atá ag seachadadh an chláir agus tá sé cuí go ndíreodh siad ar a gcuid costas foirne agus riaracháin féin, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. Bheifí ag súil leis, mar sin, go bhféachfadh comhlachtaí aonaracha, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil dóibh, ar a gcuid foirne a choimeád d'fhonn a chinntiú go leanfar le tosaíocht a thabhairt do sheirbhísí túslíne agus, dá réir sin, go scrúdófar na bealaí ar fad chun na coigiltí atá riachtanach sna buiséid riaracháin a bhaint amach.

Sa chomhthéacs seo, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne breathnú, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta, ar bhealaí chun leanúint leis an leibhéal céanna seirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeltachta tríd an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní, idir foirne agus airgead, atá ar fáil don dá eagraíocht. Tuigtear dom go bhfuil an próiseas athbhreithnithe seo curtha ar bun ag mo Roinn cheana féin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire as an méid a bhí le rá aige. Deir sé go bhfuil an próiseas athbhreithnithe ar siúl i láthair na huaire. An fhad agus atá sé ar siúl, an aontódh sé liom — táim cinnte go n-aontóidh sé — go bhfuil imní agus éiginnteacht mhór i measc na n-eagraíochtaí a bhí páirteach insan obair thábhachtach fhorbartha seo sna ceantair Ghaeltachta le roinnt blianta anuas, eagraíochtaí mar Meitheal Forbartha na Gaeltachta?

An bhféadfadh an tAire insint dom cén uair a bheidh an clár athbhreithnithe nó an scrúdú seo curtha i gcrích? An bhféadfadh sé tuairim a thabhairt dúinn cén uair a bheidh an comhtháthú á chur i gcrích? An bhféadfadh sé insint dom cé mhéad daoine atá ag obair ar fud na Gaeltachta sna heagraíochtaí seo, mar Meitheal Forbartha na Gaeltachta? Nuair a dhéanfar an comhtháthú agus má chuirtear i bhfeidhm é de réir mar atá beartaithe ag an Aire, cad iad na himpleachtaí a bhéas aige sin do na daoine atá fostaithe san obair thábhachtach seo, go leor acu ag déanamh ionadaíochta d'eagraíochtaí deonacha agus eagraíochtaí pobail? Cé mhéad acu sin a bheidh dífhostaithe? An ndéanfar aon soláthar le breis fostaíochta nó oibre a chur ar fáil dóibh siúd?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Téann na ceisteanna sin ar ais go dtí an phlé a bhí ar bun againn ar ball i dtaobh cé dó atá na heagraíochtaí seo — do na fostaithe nó don phobal. Faoi láthair, tá beagáinín le cois 100 duine fostaithe ag Údarás na Gaeltachta agus 60, nó níos mó, fostaithe ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta, gan daoine ar scéimeanna a bheith san áireamh. Nílim ag caint ar dhaoine ar na scéimeanna sóisialta tuaithe agus mar sin de, ach ar fhostaithe atá ag obair go buan agus daoine atá ag déanamh obair riaracháin agus mar sin de. Tá 163 daoine sa mhéid sin.

Caithfear cuimhne a bheith againn freisin gur ionann ar a laghad chuile scór fostaithe i riarachán agus €1 milliún, sin má thógaimid go gcosnaíonn sé, ar an meán, €50,000 duine a fhostú, faoin am a íocaimid as oifig, teas, solas, PAYE, PRSI agus na rudaí sin ar fad. I gcuid de na heagraíochtaí bheadh sé i bhfad níos daoire. An cheist a chaithfear a fhreagairt ansin ná cé acu is fearr, go gcaitear an €1 milliún sin ag coinneáil daoine fostaithe i riaradh scéimeanna agus an dúshlán seo ar bun — mar shampla, tá dhá dhream sa Ghaeltacht ag reachtáil nó ag riaradh an scéim shóisialta tuaithe — nó arbh fhearr an €1 milliún sin a fháil agus a chaitheamh ar an talamh i measc an phobail. Sin í an cheist.

Dúirt an Teachta go bhfuil éiginnteacht ann. Níl duine ar bith, gur féidir leis a rá sna laethanta seo nach bhfuil éiginnteacht ag baint lena shaol. Tá éiginnteacht ag baint le gach aon lá i láthair na huaire agus tuigimid uilig é sin. An rud a bhí mise ag iarraidh a dhéanamh ná teacht roimh an éiginnteacht, le go mbeimis, trí staidéar cruinn a dhéanamh, féachaint conas na coigiltí a dhéanamh ar bhealach go mbeadh páirtíocht ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta sa phróiseas. An mhalairt a bheadh ar sin ná, má tá ciorruithe ann — tá an-chaint ar sin — go gcaithfinn cinnithe scioptha a thógáil agus nach mbeadh aon ionchur acu sna cinnithe sin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil aon pháirtíocht ag an bord snip leis an mholadh a dhéanfar sa deireadh? Tá ardmheas agam ar Údarás na Gaeltachta agus an obair atá á déanamh aige. Tá gearradh siar mór ar airgead an údaráis don bhliain atá amach romhainn agus níor mhaith liomsa go mbeadh sé mar straitéis ag an Aire an t-údaras a choinneáil beo ach ciorraithe, agus chun sin a dhéanamh go bhfuil sé ar intinn aige Meitheal Forbartha na Gaeltachta a mharú.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An rud atá ar bun agam, tá sé ar bun agam féin. Ní raibh an chúirt athbhreithnithe seo, an rud a dtugtar an bord snip air go minic, in aice liom fós. Ní shin leithscéal domsa gan an leas is fearr a bhaint as an tairgead atá ar fáil. Rud eile, an bhfuil éinne, go fadtéarmach, in ann mhíniú dom, ó tharla gur eagraíocht é Meitheal Forbartha na Gaeltachta a bhfuil ballraíocht tofa sa mhórmhór ar an mbord, cén fáth go dteastaíonn dhá eagraíocht phobal sa Ghaeltacht? Más é go bhfuil comhdhéanamh difriúl ar an mbord, táim in ann an dlí a athrú agus comhpháirtíocht a dhéanamh leis an údarás. Níl éinne ag míniú dom cén fáth go bhfuil gá le dhá eagraíocht, díreach an pointe a rinne an Teachta Ring ar ball. Cén fáth go bhfuil an dá eagraíocht ann, le daoine a chur ó phost go piléar? Mar sin, creidim gur cheart dúinn an plé a bheith againn agus gan an iomarca éisteachta a thabhairt do dhreamanna a bhfuil, mar a deirtear, vested interests acu sna poist, mar go bhfuil siad ag obair sna heagraíochtaí seo. An leas an phobail é sin? Níl mise cinnte.

Tá suim €49.6 billiún sonraithe sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013 ar mhaithe le cuimsitheacht shóisialta, ar a n-áirítear thart ar €417 milliún don Chlár Forbartha Áitiúil do Chuimsitheacht Shóisialta. Soláthar €57.44 milliún a bhí ar fáil don Chlár sin i Vóta mo Roinne i 2008.

Tá socruithe idirthréimhseach i bhfeidhm do 2009 chun a chumasú do na struchtúir nua chomhtháite agus na páirtnéireachtaí uirbeacha a gceantar feidhme a leathnú agus a gcuid gníomhaíochtaí a neadú síos. Tá athbhreithniú luach ar airgead déanta ar an gClár agus tá i gceist agam feidhm a bhaint as torthaí an athbhreithnithe sin, mar aon le hionchur polasaí eile, chun cruth an Chláir don todhchaí a rianú. Beifear i dteagmháil i dtráth cuí leis na struchtúir nua chomhtháite agus na páirtnéireachtaí uirbeacha i gcomhthéacs Chláir athbhreithnithe.

Tá laghdú déanta ar an airgead riaracháin don Chlár do 2009, de bharr béime níos mó a bheith á chur ar sheirbhísí túslíne i gcomparáid le tacaíochtaí idirghabhálacha nó coimhdeacha.

Ar ndóigh, is eagraíochtaí príobháideacha iad na comhlachtaí aonaracha atá ag seachadadh an Chláir agus tá sé cuí go ndíreodh siad ar a gcuid costas foirne agus riaracháin féin, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. Bheifí ag súil leis, mar sin, go bhféachfadh comhlachtaí aonaracha, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil dóibh, ar a gcuid foirne a choimeád d'fhonn a chinntiú go leanfar le tosaíocht a thabhairt do sheirbhísí túslíne agus, dá réir sin, go scrúdófar na bealaí ar fad chun na coigiltí atá riachtanach sna buiséid riaracháin a bhaint amach.

Sa chomhthéacs seo, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne-se breathnú, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta, ar bhealaí chun leanúint leis an leibhéal céanna seirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeltachta tríd an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní, idir foirne agus airgead, atá ar fáil don dá eagraíocht. Tuigtear dom go bhfuil an próiseas athbhreithnithe seo curtha ar bun ag mo Roinnse cheana féin.