Dáil debates

Thursday, 29 January 2009

 

An Clár Forbartha Áitiúil.

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

An rud atá ar bun agam, tá sé ar bun agam féin. Ní raibh an chúirt athbhreithnithe seo, an rud a dtugtar an bord snip air go minic, in aice liom fós. Ní shin leithscéal domsa gan an leas is fearr a bhaint as an tairgead atá ar fáil. Rud eile, an bhfuil éinne, go fadtéarmach, in ann mhíniú dom, ó tharla gur eagraíocht é Meitheal Forbartha na Gaeltachta a bhfuil ballraíocht tofa sa mhórmhór ar an mbord, cén fáth go dteastaíonn dhá eagraíocht phobal sa Ghaeltacht? Más é go bhfuil comhdhéanamh difriúl ar an mbord, táim in ann an dlí a athrú agus comhpháirtíocht a dhéanamh leis an údarás. Níl éinne ag míniú dom cén fáth go bhfuil gá le dhá eagraíocht, díreach an pointe a rinne an Teachta Ring ar ball. Cén fáth go bhfuil an dá eagraíocht ann, le daoine a chur ó phost go piléar? Mar sin, creidim gur cheart dúinn an plé a bheith againn agus gan an iomarca éisteachta a thabhairt do dhreamanna a bhfuil, mar a deirtear, vested interests acu sna poist, mar go bhfuil siad ag obair sna heagraíochtaí seo. An leas an phobail é sin? Níl mise cinnte.

Tá suim €49.6 billiún sonraithe sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013 ar mhaithe le cuimsitheacht shóisialta, ar a n-áirítear thart ar €417 milliún don Chlár Forbartha Áitiúil do Chuimsitheacht Shóisialta. Soláthar €57.44 milliún a bhí ar fáil don Chlár sin i Vóta mo Roinne i 2008.

Tá socruithe idirthréimhseach i bhfeidhm do 2009 chun a chumasú do na struchtúir nua chomhtháite agus na páirtnéireachtaí uirbeacha a gceantar feidhme a leathnú agus a gcuid gníomhaíochtaí a neadú síos. Tá athbhreithniú luach ar airgead déanta ar an gClár agus tá i gceist agam feidhm a bhaint as torthaí an athbhreithnithe sin, mar aon le hionchur polasaí eile, chun cruth an Chláir don todhchaí a rianú. Beifear i dteagmháil i dtráth cuí leis na struchtúir nua chomhtháite agus na páirtnéireachtaí uirbeacha i gcomhthéacs Chláir athbhreithnithe.

Tá laghdú déanta ar an airgead riaracháin don Chlár do 2009, de bharr béime níos mó a bheith á chur ar sheirbhísí túslíne i gcomparáid le tacaíochtaí idirghabhálacha nó coimhdeacha.

Ar ndóigh, is eagraíochtaí príobháideacha iad na comhlachtaí aonaracha atá ag seachadadh an Chláir agus tá sé cuí go ndíreodh siad ar a gcuid costas foirne agus riaracháin féin, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. Bheifí ag súil leis, mar sin, go bhféachfadh comhlachtaí aonaracha, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil dóibh, ar a gcuid foirne a choimeád d'fhonn a chinntiú go leanfar le tosaíocht a thabhairt do sheirbhísí túslíne agus, dá réir sin, go scrúdófar na bealaí ar fad chun na coigiltí atá riachtanach sna buiséid riaracháin a bhaint amach.

Sa chomhthéacs seo, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne-se breathnú, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta, ar bhealaí chun leanúint leis an leibhéal céanna seirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeltachta tríd an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní, idir foirne agus airgead, atá ar fáil don dá eagraíocht. Tuigtear dom go bhfuil an próiseas athbhreithnithe seo curtha ar bun ag mo Roinnse cheana féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.