Dáil debates

Thursday, 29 January 2009

 

An Clár Forbartha Áitiúil.

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Téann na ceisteanna sin ar ais go dtí an phlé a bhí ar bun againn ar ball i dtaobh cé dó atá na heagraíochtaí seo — do na fostaithe nó don phobal. Faoi láthair, tá beagáinín le cois 100 duine fostaithe ag Údarás na Gaeltachta agus 60, nó níos mó, fostaithe ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta, gan daoine ar scéimeanna a bheith san áireamh. Nílim ag caint ar dhaoine ar na scéimeanna sóisialta tuaithe agus mar sin de, ach ar fhostaithe atá ag obair go buan agus daoine atá ag déanamh obair riaracháin agus mar sin de. Tá 163 daoine sa mhéid sin.

Caithfear cuimhne a bheith againn freisin gur ionann ar a laghad chuile scór fostaithe i riarachán agus €1 milliún, sin má thógaimid go gcosnaíonn sé, ar an meán, €50,000 duine a fhostú, faoin am a íocaimid as oifig, teas, solas, PAYE, PRSI agus na rudaí sin ar fad. I gcuid de na heagraíochtaí bheadh sé i bhfad níos daoire. An cheist a chaithfear a fhreagairt ansin ná cé acu is fearr, go gcaitear an €1 milliún sin ag coinneáil daoine fostaithe i riaradh scéimeanna agus an dúshlán seo ar bun — mar shampla, tá dhá dhream sa Ghaeltacht ag reachtáil nó ag riaradh an scéim shóisialta tuaithe — nó arbh fhearr an €1 milliún sin a fháil agus a chaitheamh ar an talamh i measc an phobail. Sin í an cheist.

Dúirt an Teachta go bhfuil éiginnteacht ann. Níl duine ar bith, gur féidir leis a rá sna laethanta seo nach bhfuil éiginnteacht ag baint lena shaol. Tá éiginnteacht ag baint le gach aon lá i láthair na huaire agus tuigimid uilig é sin. An rud a bhí mise ag iarraidh a dhéanamh ná teacht roimh an éiginnteacht, le go mbeimis, trí staidéar cruinn a dhéanamh, féachaint conas na coigiltí a dhéanamh ar bhealach go mbeadh páirtíocht ag Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta sa phróiseas. An mhalairt a bheadh ar sin ná, má tá ciorruithe ann — tá an-chaint ar sin — go gcaithfinn cinnithe scioptha a thógáil agus nach mbeadh aon ionchur acu sna cinnithe sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.