Dáil debates

Thursday, 29 January 2009

 

An Clár Forbartha Áitiúil.

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá suim €49.6 billiún sonraithe sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2007-2013 ar mhaithe le cuimsitheacht shóisialta, ar a n-áirítear thart ar €417 milliún don chlár forbartha áitiúil do chuimsitheacht shóisialta. Soláthar €57.44 milliún a bhí ar fáil don chlár sin i Vóta mo Roinne i 2008.

Tá socruithe idirthréimhseach i bhfeidhm do 2009 chun a chumasú do na struchtúir nua chomhtháite agus na páirtnéireachtaí uirbeacha a gceantar feidhme a leathnú agus a gcuid gníomhaíochtaí a neadú síos. Tá athbhreithniú luach-ar-airgead déanta ar an gclár agus tá i gceist agam feidhm a bhaint as torthaí an athbhreithnithe sin, mar aon le hionchur polasaí eile, chun cruth an chláir don todhchaí a rianú. Beifear i dteagmháil i dtráth cuí leis na struchtúir nua chomhtháite agus na páirtnéireachtaí uirbeacha i gcomhthéacs chláir athbhreithnithe.

Tá laghdú déanta ar an airgead riaracháin don chlár do 2009, de bharr béime níos mó a bheith á chur ar sheirbhísí túslíne i gcomparáid le tacaíochtaí idirghabhálacha nó coimhdeacha.

Ar ndóigh, is eagraíochtaí príobháideacha iad na comhlachtaí aonaracha atá ag seachadadh an chláir agus tá sé cuí go ndíreodh siad ar a gcuid costas foirne agus riaracháin féin, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil. Bheifí ag súil leis, mar sin, go bhféachfadh comhlachtaí aonaracha, laistigh de na hacmhainní atá ar fáil dóibh, ar a gcuid foirne a choimeád d'fhonn a chinntiú go leanfar le tosaíocht a thabhairt do sheirbhísí túslíne agus, dá réir sin, go scrúdófar na bealaí ar fad chun na coigiltí atá riachtanach sna buiséid riaracháin a bhaint amach.

Sa chomhthéacs seo, tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne breathnú, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus Meitheal Forbartha na Gaeltachta, ar bhealaí chun leanúint leis an leibhéal céanna seirbhísí a sholáthar do phobal na Gaeltachta tríd an úsáid is éifeachtaí a bhaint as na hacmhainní, idir foirne agus airgead, atá ar fáil don dá eagraíocht. Tuigtear dom go bhfuil an próiseas athbhreithnithe seo curtha ar bun ag mo Roinn cheana féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.