Dáil debates

Wednesday, 5 December 2007

1:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 52: To ask the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs the work that has been carried out in respect of the promised 20-year strategy for the Irish language since 1997 to date in 2007; if it will be published by the end of 2008; and if he will make a statement on the matter. [32762/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

As I advised the House on a number of previous occasions in reply to related questions on this matter, and more recently during the course of statements in the House on 8 November 2007, the Government published its statement on the Irish language in December 2006. That statement provides for the development of a 20-year strategy for the Irish language, which is intended to be the foundation for practical action for supporting and promoting the language, based on a modern, integrated approach.

My Department, during the course of 2007, has been engaged in a public procurement process regarding the appointment of consultants to advise in respect of the strategy. This process is nearing completion and I expect that consultants will be appointed by the end of the year. It was envisaged at the time of the statement's publication that it would take up to two years for the strategy to be prepared. I am confident that this target will be achieved and that the strategy will be completed by December 2008.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

The answer is more or less as I feared. It is almost a year since the statement on the Irish language and there is still no absolute guarantee that the consultants will be appointed before the end of the year. The Minister stated that he expects the strategy to be completed by the end of next year.

There is a need to examine the background to this matter. There are contradictory dates on the Department's website but in June or July 2004 Fóram na Gaeilge was established and charged with advising the Minister on the strategy. On 30 December 2005, Coiste Comhairleach na Gaeilge, the advisory council set up to advise the Minister on the Gaeltacht Commission's report, and Fóram na Gaeilge were amalgamated. The Department has been dealing with the Irish language since 1997 but there is still no firm date regarding when the strategy will be produced. The Minister has come around to the view — he was not always enamoured of it — that a strategy is fundamental.

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Ceist, le do thoil.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Is the Minister in a position to provide a watertight date in respect of the publication of the 20-year strategy on the Irish language?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

December 2008 or before.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Is the Minister categorically stating that, without fail, the strategy will be completed by the last day of next year?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Yes.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

That is fine. Go raibh maith agat.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Seo an chéad dul chun cinn——

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Dúirt mé é sin bliain ó shoin.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Molaim thú.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ach milleann an gé go mall.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Go raibh maith agat. Tá an Nollaig ag teacht.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 53: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta leis an dul chun cinn atá déanta maidir le húsáid na Gaeilge san Eoraip ó tugadh aitheantas don teanga mar an 23ú teanga oifigiúil ansin; an eol dó an imní atá ar an gCoimisinéir Teangacha san Eoraip faoin easpa daoine oilte le hobair aistriúcháin a dhéanamh sa Ghaeilge, an géarghá atá á le graiméar nua Gaeilge a chur ar fáil agus cad atá á dhéanamh ag a Roinn leis na deacrachtaí seo a réiteach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32632/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá stádas mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh ag an nGaeilge ó thús na bliana seo. Tá mo Roinn ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, le Foras na Gaeilge agus le páirtithe iomchuí eile le cinntiú go mbeidh dóthain daoine oilte ar fáil ag institiúidí an Aontais Eorpaigh chun freastal ar a gcuid riachtanais ó thaobh na Gaeilge de.

I measc na gcéimeanna atá tógtha chun na críche sin, tá Foras na Gaeilge, ar iarratas uaimse, tar éis córas creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge a fhorbairt. Tá an caighdeán cuí bainte amach anois ag 98 iarrthóir agus tá sonraí iomlána an phainéil ar fáil ar shuíomh idirlín an Fhorais, www.forasnagaeilge.ie. Is cinnte go bhfuil an córas seo an-tábhachtach ó thaobh aistritheoirí Gaeilge a chur ar fáil don Aontas Eorpach.

Chomh maith leis sin, tá ciste ar leith bunaithe agam chun maoiniú a chur ar fáil do shainchúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge d'fhonn líon na gcéimithe le scileanna sonracha Gaeilge i réimsí ar leith a mhéadú. I measc na gcúrsaí atá á maoiniú ón gciste agus atá tosaithe nó le tosú amach anseo, tá cúrsaí dírithe ar ateangairí, ar aistritheoirí agus ar theangairí-dlíodóirí.

Maidir leis an athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil, tuigtear dom go bhfuil an obair seo idir lámha ag Foras na Gaeilge cheana féin.

Maidir leis an tagairt a rinne an Teachta don Choimisinéir Teangacha san Eoraip, tuigtear dom go bhfuil sé sásta go bhfuil comhoibriú maith idir na Ranna cuí anseo in Éirinn agus institiúidí an Aontais Eorpaigh ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge ar leibhéal Eorpach de. Cinnte, tá dúshlán fós romhainn, go háirithe ó thaobh theangairí-dlíodóirí de, ach tá beartais praiticiúla idir lámha ag mo Roinn chun dul i ngleic leo. Sa chomthéacs sin, ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt d'Ostaí an Rí as an gcomhoibriú uathu ar an ngné tábhachtach seo den cheist.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An aontaíonn an tAire go bhfuil an coimisiún iltheangach sa Chomhaontas Eorpach an-imníoch faoin easpa réamhullmhúcháin a bhí déanta againn nuair a aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúl san Eoraip? Ceann de na gearáin a rinne sé, ná go bhfuil graiméar na Gaeilge as chló agus as dáta agus go bhfuil institiúdí éagsúla ag cur a chuid gramadaí féin ar fáil agus go bhfuil seo ag cur daoine ag leibhéal na hEorpa ar strae. Cén uair a chuirfear graiméar Gaeilge cruinn, ceart agus nua-aimseartha ar fáil? B'fhéidir gur féidir linn a bheith ag déileáil le canúintí sa tír seo, ach is léir nach féidir a bheith ag déileáil le canúintí ag leibhéal na hEorpa.

As the Commissioner said, the entire lack of an Irish grammar, interpreters, etc., is undermining the use of Irish at European level. He did not say that without good reason.

Tá an tAire i ndiaidh snas a chur ar an ábhar, ach ní shílim go bhfuil an cheist freagartha aige. Cén uair a bheidh graiméar úr Gaeilge ar fáil agus cén uair a bheidh go leor aistritheoirí agus lucht teangan ar fáil leis an obair thábhachtach a dhéanamh? We all bent over backwards to have Irish recognised at European level. However, we do not have the personnel or an Irish grammar in place. Is Irish joke atá ann.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An chéad uair gurb' fhios domsa go raibh suim ag an Eoraip i gceist na grammadaí ná ag deireadh na bliana seo. I bhfad roimhe sin, bhí mé taréis iarraidh ar Fhoras na Gaeilge breathnú ar an gcaighdeán oifigiúil. Aontaím leis an Teachta nár breathníodh ar os na 1950í. Tuigeann an Teachta an cúlra a bhaineann leis an gcaighdeán agus an caoi ina dtógadh isteach an chéad uair é. Chreid mé go raibh gá ann athbhreathnú a dhéanamh ar sin. Mar is eol don Teachta, tá mé tar éis iarraidh ar Fhoras na Gaeilge tabhairt faoi sin, os rud é go bhfuil an fhoras ag obair leis an bhfoclóireacht agus go bhfuil an choiste téarmaíochta faoina gcúram freisin. Tá an obair sin ar bun. Bhí sé ar bun i bhfad sula dhírigh éinne an Eoraip ar an gceist. Tá gá againn fhéin le caighdeán atá suas chun dáta.

Maidir leis an gceist eile, is cuimhin liom cruinniú a bheith agam le Conradh an Gaeilge agus na eagraíochtaí eile nuair a bhíodar ag éileamh stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge son Eoraip. Ag an am, mhínigh mé dóibh gur chreid mé go mbeadh dúshlán ollmhór ann ó thaobh cúrsaí aistriúcháin de. Dúirt na eagraíochtaí nach raibh an ceart agam ach chreid mé go raibh. Mar is eol don Teachta, bhí an-deifir ar na bpáirtithe uilig sa dTeach seo go dtiocfaí ar aghaidh le seo. Glacadh leis, buíochas le Dia, agus d'aontaigh an Eoraip leis. Tugadh amscála an-ghearr — 1 Eanáir 2007 — don rud seo a chuir i bhfeidhm. Tá dúshláin ann, ach táimid ag teacht leis na dúshláin sin. Tá go leor céimeanna tógtha le déanamh cinnte go mbeidh daoine ar fáil le freastal ar na riachtanais. I gcás an Tí seo, ní gá duit a bheith i do abhcóide nó i do aturnae chun aistriú a dhéanamh ar reachtaíocht. Tá riachtanas ag an Eoraip gur chóir do oifigigh cáilíocht a bheith acu ó thaobh an dlí de, móide bheith in ann aistriú a dhéanamh go roinnt teangacha — ní díreach Gaeilge-Béarla — chun a bheith cáilithe le obair a dhéanamh ar Achtanna nó rialacha na hEorpa. Is dúshlán breise dúinn é sin. Tá a fhios ag an Teachta cé mhéad daoine leis na cáilíochtaí sin atá sa tír seo. Tá dúshláin ann, ach tá comhoibriú iomlán de chuile chineál á thabhairt ag an Rialtas sa gceist seo. Tá comhoibriú á thabhairt ag na Rannaí Stáit agus tá sé le fáil ón Eoraip. Creidim go n-éireóidh linn na dúshláin a shárú, ach beidh de deacair. Thuig mé ón dtús go mbeadh sé deacair.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cén uair an mbeidh an grammadach nua ar fáil?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ní féidir liom freagra a thabhairt ar sin. Cuirfidh mé ceist ar Fhoras na Gaeilge agus gheobhaidh mé amach cén uair a cheapann an fhoras go dtarlóidh sé. Ba chóir don Teachta bheith cinnte faoi rud amháin — ar an bpointe go bhfoilseofar dréacht grammadach nua, beimid i raic faoi. Is féidir linn a shamhlú céard a tharlóidh.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Muna féidir linn aontú, conas is féidir leis an Eoraip aontú?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tuigim. Iarraidh mé ar an fhoras.