Dáil debates

Wednesday, 5 December 2007

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

An aontaíonn an tAire go bhfuil an coimisiún iltheangach sa Chomhaontas Eorpach an-imníoch faoin easpa réamhullmhúcháin a bhí déanta againn nuair a aithníodh an Ghaeilge mar theanga oifigiúl san Eoraip? Ceann de na gearáin a rinne sé, ná go bhfuil graiméar na Gaeilge as chló agus as dáta agus go bhfuil institiúdí éagsúla ag cur a chuid gramadaí féin ar fáil agus go bhfuil seo ag cur daoine ag leibhéal na hEorpa ar strae. Cén uair a chuirfear graiméar Gaeilge cruinn, ceart agus nua-aimseartha ar fáil? B'fhéidir gur féidir linn a bheith ag déileáil le canúintí sa tír seo, ach is léir nach féidir a bheith ag déileáil le canúintí ag leibhéal na hEorpa.

As the Commissioner said, the entire lack of an Irish grammar, interpreters, etc., is undermining the use of Irish at European level. He did not say that without good reason.

Tá an tAire i ndiaidh snas a chur ar an ábhar, ach ní shílim go bhfuil an cheist freagartha aige. Cén uair a bheidh graiméar úr Gaeilge ar fáil agus cén uair a bheidh go leor aistritheoirí agus lucht teangan ar fáil leis an obair thábhachtach a dhéanamh? We all bent over backwards to have Irish recognised at European level. However, we do not have the personnel or an Irish grammar in place. Is Irish joke atá ann.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.