Dáil debates

Wednesday, 5 December 2007

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

An chéad uair gurb' fhios domsa go raibh suim ag an Eoraip i gceist na grammadaí ná ag deireadh na bliana seo. I bhfad roimhe sin, bhí mé taréis iarraidh ar Fhoras na Gaeilge breathnú ar an gcaighdeán oifigiúil. Aontaím leis an Teachta nár breathníodh ar os na 1950í. Tuigeann an Teachta an cúlra a bhaineann leis an gcaighdeán agus an caoi ina dtógadh isteach an chéad uair é. Chreid mé go raibh gá ann athbhreathnú a dhéanamh ar sin. Mar is eol don Teachta, tá mé tar éis iarraidh ar Fhoras na Gaeilge tabhairt faoi sin, os rud é go bhfuil an fhoras ag obair leis an bhfoclóireacht agus go bhfuil an choiste téarmaíochta faoina gcúram freisin. Tá an obair sin ar bun. Bhí sé ar bun i bhfad sula dhírigh éinne an Eoraip ar an gceist. Tá gá againn fhéin le caighdeán atá suas chun dáta.

Maidir leis an gceist eile, is cuimhin liom cruinniú a bheith agam le Conradh an Gaeilge agus na eagraíochtaí eile nuair a bhíodar ag éileamh stádas oifigiúil oibre don Ghaeilge son Eoraip. Ag an am, mhínigh mé dóibh gur chreid mé go mbeadh dúshlán ollmhór ann ó thaobh cúrsaí aistriúcháin de. Dúirt na eagraíochtaí nach raibh an ceart agam ach chreid mé go raibh. Mar is eol don Teachta, bhí an-deifir ar na bpáirtithe uilig sa dTeach seo go dtiocfaí ar aghaidh le seo. Glacadh leis, buíochas le Dia, agus d'aontaigh an Eoraip leis. Tugadh amscála an-ghearr — 1 Eanáir 2007 — don rud seo a chuir i bhfeidhm. Tá dúshláin ann, ach táimid ag teacht leis na dúshláin sin. Tá go leor céimeanna tógtha le déanamh cinnte go mbeidh daoine ar fáil le freastal ar na riachtanais. I gcás an Tí seo, ní gá duit a bheith i do abhcóide nó i do aturnae chun aistriú a dhéanamh ar reachtaíocht. Tá riachtanas ag an Eoraip gur chóir do oifigigh cáilíocht a bheith acu ó thaobh an dlí de, móide bheith in ann aistriú a dhéanamh go roinnt teangacha — ní díreach Gaeilge-Béarla — chun a bheith cáilithe le obair a dhéanamh ar Achtanna nó rialacha na hEorpa. Is dúshlán breise dúinn é sin. Tá a fhios ag an Teachta cé mhéad daoine leis na cáilíochtaí sin atá sa tír seo. Tá dúshláin ann, ach tá comhoibriú iomlán de chuile chineál á thabhairt ag an Rialtas sa gceist seo. Tá comhoibriú á thabhairt ag na Rannaí Stáit agus tá sé le fáil ón Eoraip. Creidim go n-éireóidh linn na dúshláin a shárú, ach beidh de deacair. Thuig mé ón dtús go mbeadh sé deacair.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.