Dáil debates

Wednesday, 5 December 2007

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar is eol don Teachta, tá stádas mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh ag an nGaeilge ó thús na bliana seo. Tá mo Roinn ag obair i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, le Foras na Gaeilge agus le páirtithe iomchuí eile le cinntiú go mbeidh dóthain daoine oilte ar fáil ag institiúidí an Aontais Eorpaigh chun freastal ar a gcuid riachtanais ó thaobh na Gaeilge de.

I measc na gcéimeanna atá tógtha chun na críche sin, tá Foras na Gaeilge, ar iarratas uaimse, tar éis córas creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge a fhorbairt. Tá an caighdeán cuí bainte amach anois ag 98 iarrthóir agus tá sonraí iomlána an phainéil ar fáil ar shuíomh idirlín an Fhorais, www.forasnagaeilge.ie. Is cinnte go bhfuil an córas seo an-tábhachtach ó thaobh aistritheoirí Gaeilge a chur ar fáil don Aontas Eorpach.

Chomh maith leis sin, tá ciste ar leith bunaithe agam chun maoiniú a chur ar fáil do shainchúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge d'fhonn líon na gcéimithe le scileanna sonracha Gaeilge i réimsí ar leith a mhéadú. I measc na gcúrsaí atá á maoiniú ón gciste agus atá tosaithe nó le tosú amach anseo, tá cúrsaí dírithe ar ateangairí, ar aistritheoirí agus ar theangairí-dlíodóirí.

Maidir leis an athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil, tuigtear dom go bhfuil an obair seo idir lámha ag Foras na Gaeilge cheana féin.

Maidir leis an tagairt a rinne an Teachta don Choimisinéir Teangacha san Eoraip, tuigtear dom go bhfuil sé sásta go bhfuil comhoibriú maith idir na Ranna cuí anseo in Éirinn agus institiúidí an Aontais Eorpaigh ó thaobh chur chun cinn na Gaeilge ar leibhéal Eorpach de. Cinnte, tá dúshlán fós romhainn, go háirithe ó thaobh theangairí-dlíodóirí de, ach tá beartais praiticiúla idir lámha ag mo Roinn chun dul i ngleic leo. Sa chomthéacs sin, ba mhaith liom aitheantas ar leith a thabhairt d'Ostaí an Rí as an gcomhoibriú uathu ar an ngné tábhachtach seo den cheist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.