Dáil debates

Tuesday, 24 April 2007

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 38: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhféadfadh sé a rá cad iad na hiarratais atá faighte ina Roinn ó Chomharchumann na nOileán Beag, Dún na nGall, ar oibreacha feabhsúcháin ar na hoileáin i mbliana agus cad iad na deontais atá ceadaithe go dtí seo i mbliana; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [15084/07]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá iarratais faighte ag mo Roinnse le déanaí ó Chomharchumann na nOileán Beag ar chúnamh i leith tograí ar Inis Oirthear, Oileán an Bhráighe, Inis Caorach, Gabhla, Inis Fraoigh agus Inis Mhic an Doirn. Tá sonraí faoi na hiarratais sin sa tábla ag gabháil leis an bhfreagra seo.

Tá na hiarratais seo á meas faoi láthair i gcomhthéacs an airgid a bheidh ar fáil do mo Roinnse le caitheamh ar thograí Gaeltachta agus oileánda i 2007-08 agus na n-éileamh éagsúil ar an airgead sin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ní bhfuair mé mórán eolais as an fhreagra, ach sílim go bhfuil an tAire chun é a chur timpeall níos moille tráthnóna inniu. An é sin mar atá an scéal?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá liosta fada istigh leis an bhfreagra.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An aontaíonn an tAire leis an obair éifeachtach atá ar siúl ag Comharchumann na nOileán Beag? Sin an scáthghrúpa a thacaíonn le Tír Chonaill agus na hoileáin go léir a bhfuil daoine ina gcónaí orthu. Luaigh an tAire cúpla ceann acu — Toraigh, Inis Bó Finne, Inis Meáin, Gabhla, Árainn Mhór, Inis Mhic an Doirn, Oileán Rua, Inis Fraoigh agus an chuid eile. Tá scéimeanna go leor ullmhaithe ag Comharchumann na nOileán Beag atá istigh leis an Aire sa Roinn.

B'fhéidir go bhféadfadh an tAire freagra a thabhairt ar chúpla ceann de mo cheisteanna. Cad é mar a sheasann an cheist chomh fada agus a bhaineann sí le cé Inis Bó Finne, atá ag titim as a chéile agus isteach san fharraige? Tá deacrachtaí agus trioblóidí móra ag muinitir na háite ag dul i dtír ansin. Caithfear tosaíocht mhór a thabhairt do ché an oileáin sin. Cad é faoin aerstráice atá ceadaithe nó beartaithe d'Oileán Thoraí? Bhí mé ar an oileán seachtain ó shin, agus tá daoine ag fanacht go fóill. Tá duine éigin ag tarraingt na gcos. Níl a fhios agam an é an tAire atá á dhéanamh nó an gcuirfidh sé an locht ar dhuine éigin eile, ach is cinnte go bhfuil muintir Thoraí ag fanacht leis an aerstráice.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire aon airgead a chur ar fáil do na scéimeanna forbartha cuimsitheacha atá i gceist d'Oileán Ghabhla? Admhaím go bhfuil uisce á chur isteach, ach tá céanna, bóithre agus soilse sábháilteachta fágtha ar lár go fóill. An bhféadfadh an tAire léargas a thabhairt dúinn ar na pointí sin?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Beidh an-áthas orm é sin a dhéanamh.

Is eolas úsáideach é seo. Ón mbliain 1997, tá €1.3 milliún caite ar na hoileáin bheaga. Níl mé ag comháireamh Oileán Thoraí ná Árainn Mhór san fhigiúr sin. Chomh maith leis sin, tá €401,000 ceadaithe ach nach bhfuil obair déanta air. Tugann sé sin an figiúr go €1.7 milliún. Bheinn ag súil go rachadh Comhairle Contae Dhún na nGall ar aghaidh leis an obair atá ceadaithe. Maidir le cé Inis Bó Finne, tá tairiscint faighte ag an gcomhairle contae, agus tá sé molta go nglacfaí leis an bpraghas de €481,556. Tá sé curtha in iúl ag oifigigh na Roinne do Chomhairle Contae Dhún na nGall go bhfuiltear sásta breathnú go báúil ar an iarratas sin ar dheontas 75% a chur ar fáil — sin an gnáthrud a chuirtear ar fáil. Is cosúil gurb é an fhadhb atá ann ná nach bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall sásta an 25% eile a chur ar fáil is nach bhfuil sé aici. Mura bhfuil, is ionann é sin is nach mbeidh sé ar chumas na Roinne an deontas a cheadú.

Maidir le haerstráice Oileán Thoraí, teastaíonn ceannach éigeantach. Rinneadh go leor oibre le gach duine de na húinéirí talún. Bhí cruinniú ann le gairid leis an méara agus bainisteoir an chontae, agus d'iarr muid go speisialta ar an mbainisteoir contae dul ar aghaidh agus an obair pháipéir ar fad a dhéanamh ar an gceannach éigeantach. Íocfaidh mo Roinn as ach ní mór don chomhairle condae an obair a dhéanamh. Gheall sé dom go ndéanfadh sé iarracht tús a chur leis an obair sin agus nach gcuirfí ar an méar fhada í.

Aontaím leis an Teachta, agus tá díomá orm nach bhfuil an t-aerstráice tógtha mar teastaíonn sé go géar agus ní bheidh aon rath ar Oileán Thoraí gan é. Bhí cruinniú an-tairbheach agam le muintir Oileán Thoraí Dé Sathairn seo caite, ag cruinniú Chomhdháil Oileáin na hÉireann in Inis Meáin na Gaillimhe. Phléigh muid na ceisteanna ar fad ag baint le hOileán Thoraí, agus tá súil agam go mbeimid in ann bogadh ar aghaidh ar cheisteanna a d'ardaigh siad liom, an t-aerstráice san áireamh.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An dtig leis an Aire a rá an bhfuil rud ar bith beartaithe aige don dá oileán eile a luaigh me, Inis Meáin agus Gabhla? Tá pleananna leis an dá oileán sin — chonaic mé an liosta atá istigh ag Gabhla agus tá liosta eile ag Inis Meáin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá sé sin fíor ach nach mbeadh sé níos fearr an t-airgead atá ar fáil cheana a chaitheamh? Tá €5,000 ceadaithe d'Inis Meáin agus tá muid ag fanacht ar Chomhairle Condae Thír Chonaill leis an obair a dhéanamh. Fuair Inis Caorach €75,000, Inis Mhic an Doirne €90,000 agus Uaigh €101,000. Cuirfidh mé an t-eolas ar fáil don Teachta má theastaíonn sé uaidh.

Breathnóimid go balbh ar rudaí eile a cheadú. Tá coimhlintí ann agus daoine a deir gur ceart an t-airgead a chaitheamh ar na hoileáin a bhfuil cónaí buan orthu. Tá mise i bhfabhar, nuair atá acmhainní ar fáil, seans a thabhairt do na hoileáin bheaga seo. Cothromas atá i gceist. Tá clár ann do na hoileáin agus tá sé iarrtha ar na comhairlí contae moltaí a chur ar aghaidh. Ceann de na fadhbanna i dTír Chonaill ná an chomhairle contae á rá nach bhfuil an t-airgead aici. Tá €400,000 tugtha do gach comhairle contae.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Aithníonn an t-údarás áitiúil go bhfuil an céatadán ag dul suas i gcónaí.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

I gcás bóithre, tá sé scartha ar bhunús 50:50. Tá na comhairlí contae freagrach as na bóithre agus faigheann siad airgead ón Státchiste leo. Más cé atá i gceist, faigheann an chomhairle 25% le teorainn £600,000 — níl a fhios agam cé mhéad sin i euro — ar an méid ón chomhairle contae agus i gcás áise nach áis chomhairle chontae í, íocann an Roinn 100%. As an €400,000 atá tairgthe againne don chomhairle contae, tá muid ag súil le €150,000 ón chomhairle contae fosta. Má deir an chomhairle contae, áfach, nach bhfuil pingin aici le caitheamh ar oileáin agus í freagrach as na bóithre agus céanna ar an hoileáin sin, ba bhocht an scéal é agus ní bheadh sin inghlactha domsa ná don Teachta ach oiread nach mbeadh an gnáthcheart ag na hoileánaigh teacht ar airgead ó na comhairlí contae ar nós chuile shaoránaigh eile.