Dáil debates

Tuesday, 24 April 2007

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Beidh an-áthas orm é sin a dhéanamh.

Is eolas úsáideach é seo. Ón mbliain 1997, tá €1.3 milliún caite ar na hoileáin bheaga. Níl mé ag comháireamh Oileán Thoraí ná Árainn Mhór san fhigiúr sin. Chomh maith leis sin, tá €401,000 ceadaithe ach nach bhfuil obair déanta air. Tugann sé sin an figiúr go €1.7 milliún. Bheinn ag súil go rachadh Comhairle Contae Dhún na nGall ar aghaidh leis an obair atá ceadaithe. Maidir le cé Inis Bó Finne, tá tairiscint faighte ag an gcomhairle contae, agus tá sé molta go nglacfaí leis an bpraghas de €481,556. Tá sé curtha in iúl ag oifigigh na Roinne do Chomhairle Contae Dhún na nGall go bhfuiltear sásta breathnú go báúil ar an iarratas sin ar dheontas 75% a chur ar fáil — sin an gnáthrud a chuirtear ar fáil. Is cosúil gurb é an fhadhb atá ann ná nach bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall sásta an 25% eile a chur ar fáil is nach bhfuil sé aici. Mura bhfuil, is ionann é sin is nach mbeidh sé ar chumas na Roinne an deontas a cheadú.

Maidir le haerstráice Oileán Thoraí, teastaíonn ceannach éigeantach. Rinneadh go leor oibre le gach duine de na húinéirí talún. Bhí cruinniú ann le gairid leis an méara agus bainisteoir an chontae, agus d'iarr muid go speisialta ar an mbainisteoir contae dul ar aghaidh agus an obair pháipéir ar fad a dhéanamh ar an gceannach éigeantach. Íocfaidh mo Roinn as ach ní mór don chomhairle condae an obair a dhéanamh. Gheall sé dom go ndéanfadh sé iarracht tús a chur leis an obair sin agus nach gcuirfí ar an méar fhada í.

Aontaím leis an Teachta, agus tá díomá orm nach bhfuil an t-aerstráice tógtha mar teastaíonn sé go géar agus ní bheidh aon rath ar Oileán Thoraí gan é. Bhí cruinniú an-tairbheach agam le muintir Oileán Thoraí Dé Sathairn seo caite, ag cruinniú Chomhdháil Oileáin na hÉireann in Inis Meáin na Gaillimhe. Phléigh muid na ceisteanna ar fad ag baint le hOileán Thoraí, agus tá súil agam go mbeimid in ann bogadh ar aghaidh ar cheisteanna a d'ardaigh siad liom, an t-aerstráice san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.