Dáil debates

Tuesday, 24 April 2007

3:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

An aontaíonn an tAire leis an obair éifeachtach atá ar siúl ag Comharchumann na nOileán Beag? Sin an scáthghrúpa a thacaíonn le Tír Chonaill agus na hoileáin go léir a bhfuil daoine ina gcónaí orthu. Luaigh an tAire cúpla ceann acu — Toraigh, Inis Bó Finne, Inis Meáin, Gabhla, Árainn Mhór, Inis Mhic an Doirn, Oileán Rua, Inis Fraoigh agus an chuid eile. Tá scéimeanna go leor ullmhaithe ag Comharchumann na nOileán Beag atá istigh leis an Aire sa Roinn.

B'fhéidir go bhféadfadh an tAire freagra a thabhairt ar chúpla ceann de mo cheisteanna. Cad é mar a sheasann an cheist chomh fada agus a bhaineann sí le cé Inis Bó Finne, atá ag titim as a chéile agus isteach san fharraige? Tá deacrachtaí agus trioblóidí móra ag muinitir na háite ag dul i dtír ansin. Caithfear tosaíocht mhór a thabhairt do ché an oileáin sin. Cad é faoin aerstráice atá ceadaithe nó beartaithe d'Oileán Thoraí? Bhí mé ar an oileán seachtain ó shin, agus tá daoine ag fanacht go fóill. Tá duine éigin ag tarraingt na gcos. Níl a fhios agam an é an tAire atá á dhéanamh nó an gcuirfidh sé an locht ar dhuine éigin eile, ach is cinnte go bhfuil muintir Thoraí ag fanacht leis an aerstráice.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire aon airgead a chur ar fáil do na scéimeanna forbartha cuimsitheacha atá i gceist d'Oileán Ghabhla? Admhaím go bhfuil uisce á chur isteach, ach tá céanna, bóithre agus soilse sábháilteachta fágtha ar lár go fóill. An bhféadfadh an tAire léargas a thabhairt dúinn ar na pointí sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.