Dáil debates

Wednesday, 13 December 2006

Priority Questions

Ionad Oideachais Gaeilge.

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 39: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an raibh comhráite idir é féin agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir le hionad oideachais Gaeilge i mBaile Bhuirne, Corcaigh; cad é an dul chun cinn atá déanta go dtí seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43303/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a chuir mé in iúl don Teachta cheana, bhí cruinnithe agus plé agam leis an tAire Oideachais agus Eolaíochta ar ócáidí éagsúla maidir leis an gceist atá luaite ag an Teachta. Bhí an cás mar ábhar plé freisin ag cruinnithe éagsúla idir oifigigh mo Roinne agus oifigigh na Roinne Oideachais agus Eolaíochta. Chomh maith leis sin, d'fhreastail oifigigh de chuid mo Roinne ar shraith chruinnithe sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta i rith an tsamhraidh, tráth ar pléadh an cheist leis an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge. Tuigim go bhfuil an cás fós faoi bhreithniú. Ar ndóigh, mar atá curtha in iúl agam don Teachta cheana, cé go bhfuil mo Roinn gníomhach sa phróiseas plé atá ar siúl, is ceist í seo a bhaineann go príomha leis an Aire Oideachais agus Eolaíochta.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Níl fhéadfainn a rá gur freagra sásúil í an fhreagra sin, nuair a chuimhnímid go bhfuil beagnach sé bliana, ar a laghad, caite ó thug an Aire Oideachais agus Eolaíochta ag an am cuairt ar an iar-Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne. Bhí traidisiúin fada den léann trí Ghaeilge sa choláiste, a bhí mar choláiste ullmhúcháin le blianta fada. Nuair a iompaigh an t-iar-Aire an chéad fhód, dúirt sé gur ionad náisiúnta Gaeilge a bhí ann. Níl dul chun cinn ar bith déanta sé bliana ina dhiadh sin, áfach, seachas comhráite idir an Roinn, oifigigh agus Údarás na Gaeltachta. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire. An aontaíonn sé go bhfuil géarghá le hionad den chineál seo? Tá a fhios againn uilig na deacrachtaí atá ann anois, chomh fada agus a bhaineann siad le hoideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil. Níl na deacrachtaí ag na daltaí ach le múinteoirí a fháil leo ag a bhfuil cumas na hábhair uilig a theagasc trí Ghaeilge. Tá deacrachtaí sna Gaeltachtaí féin mar nach bhfuil múinteoirí ann ag a bhfuil an Ghaeilge ó dhúchas agus tá scoileanna ann le múinteoirí nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga acu. Níl mé á rá nach bhfuil sé sin ceart ach tá na deacrachtaí sin ann. Tá deacrachtaí ag na Gaelscoileanna cionn is nach bhfuil siad in ann múinteoirí a fháil le cumas na Gaeilge leis na hábhair a mhúineadh trí Ghaeilge. Ag an am céanna níl muid ag déanamh mórán dul chun cinn leis an cheist seo.

Tá géarghá le hionad den chineál seo a chur ar fáil. Cén fáth nach bhféadfadh ionad a bhunú i gCúige Uladh, fo-ionad i gceantar an Aire féin san iarthar agus an tríú ceann i gColáiste Íosagáin i mBaile an Mhuirne? B'fhearr liom é sin ná an rud atá ag dul ar aghaidh — níl rud ar bith ag tarlú. Tá muid ag plé le Gaeilge ag leibhéal na hEorpa agus Acht na dTeangacha Oifigiúla ach níl muid ábalta seirbhís bhunúsach mar seo a chur ar fáil. Níl sé sin sásúil agus ba mhaith liom go mbeadh dul chun cinn níos mó déanta ná mar atá déanta go dtí seo.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an Teachta tar éis a mhéar a chur air ar bhealach. Ní thiocfaidh dul chun cinn ar chor ar bith faoi na riachtanais atá ann. Ní thiocfainn leis an Teachta, áfach, ar chor ar bith nach bhfuil tada déanta. Tá, mar shampla, na campaí samhraidh, scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, scéim na gcúntóirí teanga agus an méid atá caite ar an oideachas tríú leibhéil sa Ghaeilge.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Ach caidé faoin tionscnamh áirithe seo?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá fo-ionad ollscoile, tionscnamh ard-scileanna Gaeilge agus an rud céanna á dhéanamh ag an údarás atá tar éis airgid a infheistiú in oideachas sa nGaeilge. Mar sin, tá na cúig bliana atá imithe tharainn thar a bheith rathúil ó thaobh infheistithe ag mo Roinn agus an t-údarás i dtionscnaimh a bhaineann le cúrsaí oideachais trí Ghaeilge agus tacaíocht a thabhairt don chóras scolaíochta.

Tá an ceart ag an Teachta, áfach, go bhfuil bearnaí móra ann. Glacaim leis an dtríú rud a dúirt sé, go bhfuil gá leis na heasnaimh sin a líonadh ach nach gá go gcuirfidh gach cuidiú dóibh i mBaile Mhuirne. Luaigh an Teachta féin an t-iarthar agus an tuaisceart agus tá sé sin le plé.

Mar sin, is mór is fiú an foirgneamh a bheith ann agus bainfear úsáid as an fhoirgneamh i mBaile Mhuirne. Ach céard a chuirfear ann? Caithfimid é sin a shocrú fós. Is fearr i gcónaí breathnú ar an riachtanas agus tá na riachtanais ar fad a luaigh an Teachta ann. Aithním féin agus an tAire Oideachais agus Eolaíochta é sin. An cheist atá ann ná cén áit is fearr freastal ar na riachtanais sin. Sin an áit ar cheart dúinn roghnú. Más Baile an Mhuirne é, bíodh sin agus más rogha áiteacha, bíodh sin. Sin mar a fheicim an rud ag dul ar aghaidh agus ní aontaím ar chor ar bith nach bhfuil tada déanta ó thaobh infheistíochta i gcúrsaí oideachais.

Nuair a ceannaíodh Baile an Mhuirne an chéad uair, bhí cead an Aire ag teastáil agus scríobh mé míniú an-chuimsitheach ar an gcomhad gur chosnaigh sé thart faoi £500,000 agus ceannach straitéiseach a bhí i gceist. Creidim, agus úsáid bainte as an láthair cheana féin le haghaidh cur leis an eastát tionsclaíochta, go bhfeicfear amach anseo gur ceannach thar a bheith straitéiseach a bhí ann agus go dtiocfaidh forbairt air agus go mbainfear an-toradh go deo as an infheistíocht. Fuair muid ar luach an-mhaith é fosta.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An aontódh an tAire nuair a tharla seo i mBaile an Mhuirne go dúirt an tAire ansin go mbeadh an t-ionad faoi lán-tseoil lár na bliana dar gcionn — 2001? Is rúndiamhair é nár tharla aon rud ó sin. Tugadh geallúint sollúnta, más féidir le polaiteoir í sin a thabhairt, go mbeadh an áit ansin i 2001 ach níor tharla aon rud ó shin. Níor mhaith liom é a chur i leith an Aire é féin nó an Aire a bhí ann ach an oiread ach tá go leor daoine a déarfadh nach raibh ann seo uilig ach political stroke. An aontódh an tAire leis sin?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ba é tús an scéil ná go ndúradh liom go raibh an áit seo ar fáil agus chreid mé agus é teorannach leis an eastát tionsclaíochta sula raibh aon chaint faoi áit oideachais a chur ann go mba cheart don údarás é a cheannach. Níl aon athrú intinne orm faoi sin.

Má tá an ceart agam, thart faoi 40 acra atá um an fhoirgneamh díreach i lár an bhaile. Tá sé teorannach leis an eastát tionsclaíochta atá ag Údarás na Gaeltachta cheana féin. Níl a fhios agam céard is fiú an áit inniu ach by dad is fiú go leor í.

Agus an cheist faoin gceannach ag dul ar aghaidh, tháinig moladh ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta go mbreathnófaí go fabhrach ar chuid den áit a úsáid mar ionad oideachais. Bhí mise go mór i bhfabhar. Tá an méid a dúirt an tAire bunaithe ar eolas ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Is cosúil gur ina dhiaidh sin gur tháinig ceisteanna aníos agus gur thosaigh daoine ag cur ceisteanna agus tháinig athrú ar an scéal. Mar a thuigim é seo, agus is rud inmheánach don Roinn Oideachais agus Eolaíochta é, tosaíodh athmhachnamh agus níl cinneadh deireanach tógtha fós. Níl aon smacht ag mo Roinnse go díreach ar na pointí seo ach glacaim leis, i measc na gceisteanna a tháinig chun cinn, tá ceisteanna a chuir an tAire féin — ar cheart go mbeadh lár-ionad amháin don tír ar fad nó ar cheart go mbeadh péire nó trí cinn? Ar cheart breathnú ar na ceisteanna níos leithne a d'ardaigh an Teachta?

Tá súil agam go n-éireoidh linn teacht go deireadh an scéil seo agus go mbreathnóimid air níos leithne ná an rud áirithe amháin a bhí i gceist an chéad uair mar tá an saol athraithe go mór idir an dá linn. Mar a dúirt an Teachta, ceann de na riachtanais is mó ná ceist sholáthar múinteoirí le togha Gaeilge. Is dúshlán iontach cúng dúinn uilig é le togha Gaeilge le dul mhúineadh i nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, ceist i bhfad níos leithne ná mar a bhí i gceist leis an ionad sin. Ionad náisiúnta oideachais trí Ghaeilge a bhí i gceist, cineál super-teacher centre. Ní fhreagródh a leithéid an cheist phráinneach mhór eile atá ag tarraingt anuas. Thiocfainn leis an Teachta faoi sin.