Dáil debates

Wednesday, 13 December 2006

 

Ionad Oideachais Gaeilge.

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ba é tús an scéil ná go ndúradh liom go raibh an áit seo ar fáil agus chreid mé agus é teorannach leis an eastát tionsclaíochta sula raibh aon chaint faoi áit oideachais a chur ann go mba cheart don údarás é a cheannach. Níl aon athrú intinne orm faoi sin.

Má tá an ceart agam, thart faoi 40 acra atá um an fhoirgneamh díreach i lár an bhaile. Tá sé teorannach leis an eastát tionsclaíochta atá ag Údarás na Gaeltachta cheana féin. Níl a fhios agam céard is fiú an áit inniu ach by dad is fiú go leor í.

Agus an cheist faoin gceannach ag dul ar aghaidh, tháinig moladh ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta go mbreathnófaí go fabhrach ar chuid den áit a úsáid mar ionad oideachais. Bhí mise go mór i bhfabhar. Tá an méid a dúirt an tAire bunaithe ar eolas ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Is cosúil gur ina dhiaidh sin gur tháinig ceisteanna aníos agus gur thosaigh daoine ag cur ceisteanna agus tháinig athrú ar an scéal. Mar a thuigim é seo, agus is rud inmheánach don Roinn Oideachais agus Eolaíochta é, tosaíodh athmhachnamh agus níl cinneadh deireanach tógtha fós. Níl aon smacht ag mo Roinnse go díreach ar na pointí seo ach glacaim leis, i measc na gceisteanna a tháinig chun cinn, tá ceisteanna a chuir an tAire féin — ar cheart go mbeadh lár-ionad amháin don tír ar fad nó ar cheart go mbeadh péire nó trí cinn? Ar cheart breathnú ar na ceisteanna níos leithne a d'ardaigh an Teachta?

Tá súil agam go n-éireoidh linn teacht go deireadh an scéil seo agus go mbreathnóimid air níos leithne ná an rud áirithe amháin a bhí i gceist an chéad uair mar tá an saol athraithe go mór idir an dá linn. Mar a dúirt an Teachta, ceann de na riachtanais is mó ná ceist sholáthar múinteoirí le togha Gaeilge. Is dúshlán iontach cúng dúinn uilig é le togha Gaeilge le dul mhúineadh i nGaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta, ceist i bhfad níos leithne ná mar a bhí i gceist leis an ionad sin. Ionad náisiúnta oideachais trí Ghaeilge a bhí i gceist, cineál super-teacher centre. Ní fhreagródh a leithéid an cheist phráinneach mhór eile atá ag tarraingt anuas. Thiocfainn leis an Teachta faoi sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.