Dáil debates
Wednesday, 13 December 2006
Ionad Oideachais Gaeilge.
1:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Níl fhéadfainn a rá gur freagra sásúil í an fhreagra sin, nuair a chuimhnímid go bhfuil beagnach sé bliana, ar a laghad, caite ó thug an Aire Oideachais agus Eolaíochta ag an am cuairt ar an iar-Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne. Bhí traidisiúin fada den léann trí Ghaeilge sa choláiste, a bhí mar choláiste ullmhúcháin le blianta fada. Nuair a iompaigh an t-iar-Aire an chéad fhód, dúirt sé gur ionad náisiúnta Gaeilge a bhí ann. Níl dul chun cinn ar bith déanta sé bliana ina dhiadh sin, áfach, seachas comhráite idir an Roinn, oifigigh agus Údarás na Gaeltachta. Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire. An aontaíonn sé go bhfuil géarghá le hionad den chineál seo? Tá a fhios againn uilig na deacrachtaí atá ann anois, chomh fada agus a bhaineann siad le hoideachas trí Ghaeilge a chur ar fáil. Níl na deacrachtaí ag na daltaí ach le múinteoirí a fháil leo ag a bhfuil cumas na hábhair uilig a theagasc trí Ghaeilge. Tá deacrachtaí sna Gaeltachtaí féin mar nach bhfuil múinteoirí ann ag a bhfuil an Ghaeilge ó dhúchas agus tá scoileanna ann le múinteoirí nach bhfuil an Ghaeilge mar theanga acu. Níl mé á rá nach bhfuil sé sin ceart ach tá na deacrachtaí sin ann. Tá deacrachtaí ag na Gaelscoileanna cionn is nach bhfuil siad in ann múinteoirí a fháil le cumas na Gaeilge leis na hábhair a mhúineadh trí Ghaeilge. Ag an am céanna níl muid ag déanamh mórán dul chun cinn leis an cheist seo.
Tá géarghá le hionad den chineál seo a chur ar fáil. Cén fáth nach bhféadfadh ionad a bhunú i gCúige Uladh, fo-ionad i gceantar an Aire féin san iarthar agus an tríú ceann i gColáiste Íosagáin i mBaile an Mhuirne? B'fhearr liom é sin ná an rud atá ag dul ar aghaidh — níl rud ar bith ag tarlú. Tá muid ag plé le Gaeilge ag leibhéal na hEorpa agus Acht na dTeangacha Oifigiúla ach níl muid ábalta seirbhís bhunúsach mar seo a chur ar fáil. Níl sé sin sásúil agus ba mhaith liom go mbeadh dul chun cinn níos mó déanta ná mar atá déanta go dtí seo.
No comments