Dáil debates

Wednesday, 13 December 2006

Priority Questions

Clár Díláraithe.

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 36: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cad é an dul chun cinn atá déanta maidir le dílárú Fhoras na Gaeilge go Gaoth Dobhair, an bhfuil aon dáta socraithe don aistriú agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42992/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a thug mé le fios mar fhreagra ar cheisteanna sa Teach seo cheana, tá iarrtha ar bhord Fhoras na Gaeilge moltaí sonracha a dhéanamh maidir leis na céimeanna a bheidh i gceist chun 30 post a lonnú i nGaoth Dobhair, chomh maith leis na rannóga agus na feidhmeanna a bheidh lonnaithe ann. Cé go raibh súil agam na moltaí a bheith faighte roimhe seo, tuigim anois go mbeidh siad ar fáil go luath san athbhliain. Ar ndóigh, ní bheidh dáta le sonrú don aistriú go dtí go mbeidh na moltaí scrúdaithe agus aontaithe ag an gComhairle Aireachta Thuaidh-Theas.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Is cinnte gur beagán dul chun cinn atá déanta maidir leis an cheist seo, nuair a chuimhnímid go bhfuil trí bliana caite ó fógraíodh an clár díláraithe sa Teach. Ní bhaineann na fadhbanna seo le Foras na Gaeilge amháin. Sílim go bhfuil moill de shórt éigin i ngach Roinn a bhí le dul go dtí ceantair áirithe ar fud na tuaithe. Tuigim go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta chomh fada is a bhaineann sé le dílárú an Roinn Gnótháí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go dtí Cnoc Mhuire. Mar sin féin, bhí Foras na Gaeilge luaite le dul go dtí an Ghaeltacht ó thuaidh. Tá an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh le dul go dtí baile Dhún na nGall agus Bun Cranncha, ach níl aon dul chun cinn déanta. Is ábhar buartha dúinn uilig é sin. Dúirt an tAire go bhfuil sé ag súil le tuairisc ó Fhoras na Gaeilge go luath sa bhliain úr. Tá súil agam go dtiocfaidh sé sin. Idir an dá linn, an féidir leis insint dúinn an bhfuil ionad nó áit socraithe nó aimsithe go fóill? Cá mbeidh na daoine seo lonnaithe nuair a bheidh siad díláraithe ó thuaidh? Cén dul chun cinn atá déanta maidir le hoifigí, srl., a chur ar fáil dóibh? Nuair a rachaidh siad ó thuaidh, an féidir linn glacadh leis go mbeidh siad ina gcónaí go háitiúil? Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeidh daoine mar sin — le Gaeilge agus le postanna atá teanga-láraithe agus teanga-bhunaithe — ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta. An mbeidh aon rialacha, treoirlínte nó cuspóir mar sin i gceist? Tuigimid an mhaitheas atá á déanamh agus an díograis atá á taispeáint don Ghaeilge i nDáilcheantar an Aire. Tá Údarás na Gaeltachta, TG4, an Roinn agus an coimisinéir lonnaithe ann. Cuireann sé sin díograis leis an teanga. Nuair a théann daoine mar sin go dtí an Ghaeltacht, tá sé an-tábhachtach go bhfuil siad lonnaithe ansin. An bhfuil ionad déanta amach? Cén uair atá an tAire ag súil go mbeidh daoine ag dul ansin? An mbeidh siad lonnaithe sa cheantar nó an mbeidh aon treoir faoi sin?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá súil agam nach fíor don Teachta nach bhfuil aon rud déanta ag Foras na Gaeilge faoi seo. Tá an cás thar a bheith soiléir. Tá mé ag fanacht ar phlean gnó. Beidh na rudaí éagsúla maidir le foirgnimh, srl., sonraithe ansin. Ar dhá chúis, níor cheart go mbeadh sé seo ródheacair. Tá 65 postanna ceadaithe don fhoras, ach níl ach 44 daoine ag obair sa bhforas faoi láthair. Tá 21 post fós le líonadh. B'fhéidir go bhfuil cuid acu siúd sa Tuaisceart — caithfimid é sin a thógáil san áireamh. Is tús maith a bheidh ann má líontar na postanna sin. Tá ceann de na heastáit tionsclaíochta nó heastáit gnó ar cheann de na háiseanna is fearr atá ann. Tá dul chun cinn iontach déanta ag Údarás na Gaeltachta le gairid leis an eastát áirithe. De réir mar a thuigim an méid atá i gceist, beidh saoráidí den scoth ar fáil don phobal a bheidh ag obair ann, chomh maith le muintir Ghaoth Dobhair go ginearálta, ar an eastát. Mar sin, níor cheart go mbeadh aon fhadhb ann teacht ar láthair thar a bheith feiliúnach. Mar is eol don Teach, d'éirigh le Ollscoil na Gaillimhe dul i gcomhairle leis an údarás chun áit thar a bheith foirfe agus feiliúnach a fháil ar an eastát. Tá mé cinnte go mbeidh an t-údarás sásta a leithéad a dhéanamh arís don fhoras. Tá sé curtha in iúl agam trí oifigigh na Roinne agus an fhorais go bhfuil mé ag súil go bhfaighidh mé an plean gnó san athbhliain. Mar a luaigh an Teachta, níor éirigh linn é seo a dhéanamh laistigh de thrí bliana. Tá díomá orm faoi sin. Go ginearálta, i dtaobh mo Roinne féin, tá níos mó ná 20 duine lonnaithe cheana féin ar an gClochán ag Pobal. Tá beagnach leath den mhéid atá le dul go Cnoc Mhuire lonnaithe i dTobar an Choire. Sílim go bhfuil post nó dhó as an dílárú le líonadh sna Forbacha. Is é an dílárú seo an t-aon cheann nár tharla dul chun cinn suntasach leis. Tá sé curtha in iúl don fhoras ag oifigigh mo Roinne ar mo shon go bhfuilimid ag súil go mbeidh dul chun cinn le seo go fíor-luath.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An féidir leis an Aire a rá, mar gur eagraíocht tras-Teorann é seo, an raibh aon comhráite aige lena chomhghleacaithe nó lena mhacsamhail ó Thuaidh? An bhfuil na deacrachtaí ag an leibhéal sin réitithe? An bhfuil deacrachtaí ann go fóill?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl aon deacrachtaí ann. Bhí comhráite le bheith ar bun. Bhí siad sin ann. Nuair a bhí an obair ar fad déanta, bhí cruinniú agam le David Hanson MP, a bhí mar aire stáit ag feidhmiú sa gcuid sin d'oifig Thuisceart Éireann ag an am áirithe sin. Nuair a bhuaileamar le chéile i mí Márta na bliana seo caite, rinne mé cinneadh foirmiúil i leith na ceiste seo. Níl aon bhaint aige sin leis an scéal. Iarradh ar an bhforas ag an am sin plean gnó a réiteach agus a chur faoi bhráid an dá Roinn. Tá mé ag fanacht ar an bplean gnó ó mhí Márta seo caite. Chun a bheith fírinneach, tá an-díomá orm nach mbeidh sé faighte agam roimh an Nollaig. Tá sé sin á rá go hoscailte agam.