Dáil debates

Wednesday, 13 December 2006

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Is cinnte gur beagán dul chun cinn atá déanta maidir leis an cheist seo, nuair a chuimhnímid go bhfuil trí bliana caite ó fógraíodh an clár díláraithe sa Teach. Ní bhaineann na fadhbanna seo le Foras na Gaeilge amháin. Sílim go bhfuil moill de shórt éigin i ngach Roinn a bhí le dul go dtí ceantair áirithe ar fud na tuaithe. Tuigim go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta chomh fada is a bhaineann sé le dílárú an Roinn Gnótháí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go dtí Cnoc Mhuire. Mar sin féin, bhí Foras na Gaeilge luaite le dul go dtí an Ghaeltacht ó thuaidh. Tá an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh le dul go dtí baile Dhún na nGall agus Bun Cranncha, ach níl aon dul chun cinn déanta. Is ábhar buartha dúinn uilig é sin. Dúirt an tAire go bhfuil sé ag súil le tuairisc ó Fhoras na Gaeilge go luath sa bhliain úr. Tá súil agam go dtiocfaidh sé sin. Idir an dá linn, an féidir leis insint dúinn an bhfuil ionad nó áit socraithe nó aimsithe go fóill? Cá mbeidh na daoine seo lonnaithe nuair a bheidh siad díláraithe ó thuaidh? Cén dul chun cinn atá déanta maidir le hoifigí, srl., a chur ar fáil dóibh? Nuair a rachaidh siad ó thuaidh, an féidir linn glacadh leis go mbeidh siad ina gcónaí go háitiúil? Sílim go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeidh daoine mar sin — le Gaeilge agus le postanna atá teanga-láraithe agus teanga-bhunaithe — ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta. An mbeidh aon rialacha, treoirlínte nó cuspóir mar sin i gceist? Tuigimid an mhaitheas atá á déanamh agus an díograis atá á taispeáint don Ghaeilge i nDáilcheantar an Aire. Tá Údarás na Gaeltachta, TG4, an Roinn agus an coimisinéir lonnaithe ann. Cuireann sé sin díograis leis an teanga. Nuair a théann daoine mar sin go dtí an Ghaeltacht, tá sé an-tábhachtach go bhfuil siad lonnaithe ansin. An bhfuil ionad déanta amach? Cén uair atá an tAire ag súil go mbeidh daoine ag dul ansin? An mbeidh siad lonnaithe sa cheantar nó an mbeidh aon treoir faoi sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.