Dáil debates

Wednesday, 13 December 2006

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá súil agam nach fíor don Teachta nach bhfuil aon rud déanta ag Foras na Gaeilge faoi seo. Tá an cás thar a bheith soiléir. Tá mé ag fanacht ar phlean gnó. Beidh na rudaí éagsúla maidir le foirgnimh, srl., sonraithe ansin. Ar dhá chúis, níor cheart go mbeadh sé seo ródheacair. Tá 65 postanna ceadaithe don fhoras, ach níl ach 44 daoine ag obair sa bhforas faoi láthair. Tá 21 post fós le líonadh. B'fhéidir go bhfuil cuid acu siúd sa Tuaisceart — caithfimid é sin a thógáil san áireamh. Is tús maith a bheidh ann má líontar na postanna sin. Tá ceann de na heastáit tionsclaíochta nó heastáit gnó ar cheann de na háiseanna is fearr atá ann. Tá dul chun cinn iontach déanta ag Údarás na Gaeltachta le gairid leis an eastát áirithe. De réir mar a thuigim an méid atá i gceist, beidh saoráidí den scoth ar fáil don phobal a bheidh ag obair ann, chomh maith le muintir Ghaoth Dobhair go ginearálta, ar an eastát. Mar sin, níor cheart go mbeadh aon fhadhb ann teacht ar láthair thar a bheith feiliúnach. Mar is eol don Teach, d'éirigh le Ollscoil na Gaillimhe dul i gcomhairle leis an údarás chun áit thar a bheith foirfe agus feiliúnach a fháil ar an eastát. Tá mé cinnte go mbeidh an t-údarás sásta a leithéad a dhéanamh arís don fhoras. Tá sé curtha in iúl agam trí oifigigh na Roinne agus an fhorais go bhfuil mé ag súil go bhfaighidh mé an plean gnó san athbhliain. Mar a luaigh an Teachta, níor éirigh linn é seo a dhéanamh laistigh de thrí bliana. Tá díomá orm faoi sin. Go ginearálta, i dtaobh mo Roinne féin, tá níos mó ná 20 duine lonnaithe cheana féin ar an gClochán ag Pobal. Tá beagnach leath den mhéid atá le dul go Cnoc Mhuire lonnaithe i dTobar an Choire. Sílim go bhfuil post nó dhó as an dílárú le líonadh sna Forbacha. Is é an dílárú seo an t-aon cheann nár tharla dul chun cinn suntasach leis. Tá sé curtha in iúl don fhoras ag oifigigh mo Roinne ar mo shon go bhfuilimid ag súil go mbeidh dul chun cinn le seo go fíor-luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.