Dáil debates

Thursday, 9 November 2006

4:00 pm

Photo of Enda KennyEnda Kenny (Mayo, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 8: To ask the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs if the study examining the use of Irish in Gaeltacht areas has been completed; the findings of this study; the actions his Department will take on foot of this study; and if he will make a statement on the matter. [36904/06]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Work on the linguistic study to which the Deputy refers, which commenced in April 2004, has now been completed and I understand that an initial draft report has been received by my Department. This draft is now being assessed by the steering committee for the project and by officials of my Department. An analysis-assessment meeting with the authors of the report is expected to take place shortly — it might have taken place today.

As I have already outlined to the House, all the findings and proposals emerging from the study will require careful and considered examination and no decisions will be made on foot of the study until that process has been completed.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil bunús leis an imní ag an dream a rinne an scrúdúchán? Tá imní orainn go léir faoi labhairt na Gaeilge, fiú sna Gaeltachtaí féin. Tá titim mhór le feiceáil sna bunscoileanna sna Gaeltachtaí agus is rud uafásach é go bhfuil scoileanna sna ceantracha Gaeltachta ag teagasc trí Bhéarla. An bhfuil sin scrúdaithe ag an choiste seo? An bhfuil bunús leis an imní atá orainn?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá beagnach gach gné de shaol na Gaeltachta scrúdaithe. Bhí dhá réamhthuarascáil a d'fhoilsíodh tamall ó shin agus tá díriú ar cheist na hóige. Ní gá dom bhreathnú ar staidéar ar bith le teacht leis an méid atá ráite ag an Teachta, go bhfuil dúshlán romhainn i measc an aos óg. Sin ráite, tá an saol ag athrú an-sciobtha agus ní heisceacht ar bith an Ghaeltacht. Caithfimid na dúshláin sin a chur sa gcomhthéacs sin. Níl éinne sa tír ag labhairt Gaeilge mar go gcaithfidh sé Gaeilge a labhairt mar nach bhfuil Béarla aige. Go gearr-théarmach is dúshlán sin mar nuair nach bhfuil ach teanga amháin ag duine níl mórán rogha aige agus tá rogha ag daoine anois. Má éiríonn linn teacht thar an dúshlán sin agus má dhéanann daoine cinneadh go mbeidh siad dátheangach, beidh an lá linn. Níor mhaith liom rud ar bith a rá faoi céard tá sa tuarascáil, níl tada feicthe agam dí.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

An bhfoilseofar í?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Breathnóidh mé chun í a fhoilsiú nuair a bheidh sí scrúdaithe agam. Tá chuile sheans, áfach, go mbeidh sí i lámha duine éigin sula mbeidh sí agam ach ní scéal nua sin. Níl sé i gceist agam rud ar bith a choinneáil rúnda ach ba mhaith liom deis a bheith agam an rud a scrúdú agus tiocfaidh mé ar ais.

Is cuma céard a dhéanfaimid, beidh béim ar tharraingt línte sa nGaeltacht. Ní chuige sin atá muid. An príomhrud ná láidriú na Gaeltachta mar atá sí, gan bheith ag baint uaidh. An bhfuil stráitéis níos fearr leis an Ghaeilge a láidriú sa nGaeltacht? Sin an rud ba cheart dúinn bheith ag díriú air.