Dáil debates

Thursday, 9 November 2006

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá beagnach gach gné de shaol na Gaeltachta scrúdaithe. Bhí dhá réamhthuarascáil a d'fhoilsíodh tamall ó shin agus tá díriú ar cheist na hóige. Ní gá dom bhreathnú ar staidéar ar bith le teacht leis an méid atá ráite ag an Teachta, go bhfuil dúshlán romhainn i measc an aos óg. Sin ráite, tá an saol ag athrú an-sciobtha agus ní heisceacht ar bith an Ghaeltacht. Caithfimid na dúshláin sin a chur sa gcomhthéacs sin. Níl éinne sa tír ag labhairt Gaeilge mar go gcaithfidh sé Gaeilge a labhairt mar nach bhfuil Béarla aige. Go gearr-théarmach is dúshlán sin mar nuair nach bhfuil ach teanga amháin ag duine níl mórán rogha aige agus tá rogha ag daoine anois. Má éiríonn linn teacht thar an dúshlán sin agus má dhéanann daoine cinneadh go mbeidh siad dátheangach, beidh an lá linn. Níor mhaith liom rud ar bith a rá faoi céard tá sa tuarascáil, níl tada feicthe agam dí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.