Dáil debates

Thursday, 9 November 2006

4:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Breathnóidh mé chun í a fhoilsiú nuair a bheidh sí scrúdaithe agam. Tá chuile sheans, áfach, go mbeidh sí i lámha duine éigin sula mbeidh sí agam ach ní scéal nua sin. Níl sé i gceist agam rud ar bith a choinneáil rúnda ach ba mhaith liom deis a bheith agam an rud a scrúdú agus tiocfaidh mé ar ais.

Is cuma céard a dhéanfaimid, beidh béim ar tharraingt línte sa nGaeltacht. Ní chuige sin atá muid. An príomhrud ná láidriú na Gaeltachta mar atá sí, gan bheith ag baint uaidh. An bhfuil stráitéis níos fearr leis an Ghaeilge a láidriú sa nGaeltacht? Sin an rud ba cheart dúinn bheith ag díriú air.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.