Dáil debates
Wednesday, 8 February 2006
Other Questions.
Polasaí Díláraithe.
3:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Question 110: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an dtabharfaidh sé cuntas ar an dul chun cinn atá déanta ina Roinn maidir le polasaí díláraithe an Rialtais agus cén uair atá súil aige go mbeidh an polasaí curtha i gcrích. [4403/06]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá sé beartaithe go mbeidh aistriú mo Roinne-se go hAerfort Chnoc Mhuire críochnaithe faoi dheireadh 2007. Tá sé ar intinn againn suas le 70 ball foirne a athlonnú roimh an phríomhaistriú, ag brath, inter alia, ar chóiríocht fheiliúnach shealadach a bheith ar fáil sa cheantar máguaird. Tá Oifig na nOibreacha Poiblí faoi láthair ag iarraidh cóiríocht chuí a aimsiú, agus tá súil agam go dtarlóidh an t-aistriú tosaigh seo ó lár na bliana 2006.
Faoi láthair, tá 26 duine d'fhoireann mo Roinne sásta aistriú go hAerfort Chnoc Mhuire. Tá breis foirne ag aistriú ó Ranna eile chun dílárú. Chomh maith leis sin, tá líon mór iarratasóirí atá díláraithe cheana ag iarraidh aistriú go dtí mo Roinnse. Leis an bhfoireann sin, agus leis na céimeanna iomchuíó thaobh acmhainní daonna agus láimhseáil riosca de a bheith glactha, creidim go mbeidh a dhóthain iarratasóirí ann chun na postanna go léir a líonadh don aistriú tosaigh agus, ina dhiaidh sin, don aistriú chuig an gceanncheathrú buan i gCnoc Mhuire.
Tá suíomh roghnaithe don cheanncheathrú buan sin, agus tá conradh sínithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun an suíomh a cheannacht. Fógraíodh comórtas le déanaí do dhearadh agus do thógáil an fhoirgnimh. Tá súil agam go dtosóidh an obair ar an suíomh sa cheathrú dheiridh den bhliain reatha. Tá sé beartaithe go mbeidh críoch leis an obair uilig is gá ar an fhoirgneamh in am d'aistriú na foirne uile go hAerfort Chnoc Mhuire faoi dheireadh 2007.
Maidir leis an aistriú chuig Na Forbacha, tá seacht bpost as an 13 post atá i gceist líonta cheana féin, agus táim ag súil leis go mbeidh fuílleach na bpost líonta ar an láthair sin faoi dheireadh na bliana.
Chun tacaíocht a thabhairt don phróiseas seo uile, tá plean forfheidhmithe um dhílárú ullmhaithe ag mo Roinnse ag leagan amach na gcéimeanna chun aistrithe áitheasacha a chinntiú. Leanann an plean na treoirlínte atá leagtha síos ag an ghrúpa um fhorfheidhmiú díláraithe. Tá an plean á chur i gcrích i gcomhairle le bainisteoirí agus foireann araon, agus i gcomhréir leis na socruithe lárnacha atáá ndéanamh maidir le haistrithe foirne agus nithe gaolmhara eile.
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an freagra céanna a thabhairt aríst. Sílim go raibh dúbláil i gceist anseo agus go raibh mé féin mar chúis leis mar gur ionann iad Ceisteanna Uimh. 107 agus 110. Ní rachaidh mé siar ar an mhéid a bhí le rá agam nuair a bhí an tAire ag tabhairt freagra ar Cheist Uimh. 107.
Is dócha gurb é an t-aon ghné den dílárú nach ndearna mé féin nó an tAire tagairt dó ná an dílárú go Dún na nGall, is é sin, Foras na Gaeilge. An bhfuil aon dul chun cinn déanta ó thóg mé an cheist sa Dáil? Is dócha go bhfuil an tAire ag fanacht le tuairiscí agus mar sin de. B'fhéidir go bhféadfadh sé stádas rudaí i láthair na huaire a mhíniú. Tuigim nach mbeidh deacracht mhór ar bith le foirgneamh oiriúnach agus fóirsteanach a chur ar fáil i nGaoth Dobhair a bheidh chomh saor agus inchurtha le foirgneamh ar bith atá ar fáil i gceantar ar bith eile sa tír. B'fhéidir go mbeadh an tAire ábalta a rá conas atá rudaí i láthair na huaire, chomh fada agus a bhaineann sé le Foras na Gaeilge.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Díreach sula labhróidh mé ar an bhForas, b'fhéidir go dtabharfainn píosa eolais nár thug mé roimhe seo. Tá 26 duine sa Roinn cheana féin atá sásta agus réidh le bogadh go Cnoc Mhuire.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá 26 duine sásta a bhogadh go Cnoc Mhuire. Bhog 70 duine i mbliana. Cheana féin, tá na daoine sin á lonnú sa Roinn le bheith réidh le bogadh, is é sin le rá, tá meaitseáil ar bun le go mbeidh na daoine atá ag teacht isteach sa Roinn nó atá istigh cheana féin sna háiteacha a bheidh ag bogadh go luath. Mar sin, déanfaidh sé sin an jab níos éascaí. Maidir le ceist Fhoras na Gaeilge, tá an plean faighte sa Roinn. Tá stáidéar á dhéanamh air, agus tá an roinn ó Thuaidh ag déanamh an rud céanna. Tá mé thar a bheith muiníneach ag éirí as an bplean sin go mbeidh muid in ann bogadh ar aghaidh. Tá an ceart ag an Teachta. Thiocfainn leis go hiomlán. Tá acmhainní maithe ag an Stát cheana féin i bhfoirm cinn de na heastáit ghnó is breátha sa tír san eastát tionsclaíochta i nGaoth Dobhair. Sin ceann de na fáthanna a roghnaigh mé an suíomh áirithe sin le haghaidh na dílárnaithe an chéad uair. Beimid in ann bogadh air seo mar ní bheidh na fadhbanna céanna i gceist ó thaobh aimsiú suíomh agus a bheadh i gceist i gceantracha eile. Tá mise ag tnúth leis an bplean seo a fheiceáil agus a scagadh agus ansin go n-éireoidh linn é a fheidhmiú. Níl sé léite agam fós ach déanfaidh mé sin go luath agus bogfaimid ar aghaidh. Caithfidh an bheirt Airí a bhogadh in éineacht ó Thuaidh agus Theas.
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
Ar chuir an foras féin an plean seo ar fáil don Roinn?
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context
Tá sé curtha ar fáil ag bord an fhorais.
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context
An bhfuil sé ar fáil don Roinn anseo agus don Roinn ó Thuaidh?