Dáil debates
Wednesday, 8 February 2006
Polasaí Díláraithe.
3:00 pm
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an freagra céanna a thabhairt aríst. Sílim go raibh dúbláil i gceist anseo agus go raibh mé féin mar chúis leis mar gur ionann iad Ceisteanna Uimh. 107 agus 110. Ní rachaidh mé siar ar an mhéid a bhí le rá agam nuair a bhí an tAire ag tabhairt freagra ar Cheist Uimh. 107.
Is dócha gurb é an t-aon ghné den dílárú nach ndearna mé féin nó an tAire tagairt dó ná an dílárú go Dún na nGall, is é sin, Foras na Gaeilge. An bhfuil aon dul chun cinn déanta ó thóg mé an cheist sa Dáil? Is dócha go bhfuil an tAire ag fanacht le tuairiscí agus mar sin de. B'fhéidir go bhféadfadh sé stádas rudaí i láthair na huaire a mhíniú. Tuigim nach mbeidh deacracht mhór ar bith le foirgneamh oiriúnach agus fóirsteanach a chur ar fáil i nGaoth Dobhair a bheidh chomh saor agus inchurtha le foirgneamh ar bith atá ar fáil i gceantar ar bith eile sa tír. B'fhéidir go mbeadh an tAire ábalta a rá conas atá rudaí i láthair na huaire, chomh fada agus a bhaineann sé le Foras na Gaeilge.
No comments