Dáil debates

Wednesday, 8 February 2006

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá sé beartaithe go mbeidh aistriú mo Roinne-se go hAerfort Chnoc Mhuire críochnaithe faoi dheireadh 2007. Tá sé ar intinn againn suas le 70 ball foirne a athlonnú roimh an phríomhaistriú, ag brath, inter alia, ar chóiríocht fheiliúnach shealadach a bheith ar fáil sa cheantar máguaird. Tá Oifig na nOibreacha Poiblí faoi láthair ag iarraidh cóiríocht chuí a aimsiú, agus tá súil agam go dtarlóidh an t-aistriú tosaigh seo ó lár na bliana 2006.

Faoi láthair, tá 26 duine d'fhoireann mo Roinne sásta aistriú go hAerfort Chnoc Mhuire. Tá breis foirne ag aistriú ó Ranna eile chun dílárú. Chomh maith leis sin, tá líon mór iarratasóirí atá díláraithe cheana ag iarraidh aistriú go dtí mo Roinnse. Leis an bhfoireann sin, agus leis na céimeanna iomchuíó thaobh acmhainní daonna agus láimhseáil riosca de a bheith glactha, creidim go mbeidh a dhóthain iarratasóirí ann chun na postanna go léir a líonadh don aistriú tosaigh agus, ina dhiaidh sin, don aistriú chuig an gceanncheathrú buan i gCnoc Mhuire.

Tá suíomh roghnaithe don cheanncheathrú buan sin, agus tá conradh sínithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun an suíomh a cheannacht. Fógraíodh comórtas le déanaí do dhearadh agus do thógáil an fhoirgnimh. Tá súil agam go dtosóidh an obair ar an suíomh sa cheathrú dheiridh den bhliain reatha. Tá sé beartaithe go mbeidh críoch leis an obair uilig is gá ar an fhoirgneamh in am d'aistriú na foirne uile go hAerfort Chnoc Mhuire faoi dheireadh 2007.

Maidir leis an aistriú chuig Na Forbacha, tá seacht bpost as an 13 post atá i gceist líonta cheana féin, agus táim ag súil leis go mbeidh fuílleach na bpost líonta ar an láthair sin faoi dheireadh na bliana.

Chun tacaíocht a thabhairt don phróiseas seo uile, tá plean forfheidhmithe um dhílárú ullmhaithe ag mo Roinnse ag leagan amach na gcéimeanna chun aistrithe áitheasacha a chinntiú. Leanann an plean na treoirlínte atá leagtha síos ag an ghrúpa um fhorfheidhmiú díláraithe. Tá an plean á chur i gcrích i gcomhairle le bainisteoirí agus foireann araon, agus i gcomhréir leis na socruithe lárnacha atáá ndéanamh maidir le haistrithe foirne agus nithe gaolmhara eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.