Dáil debates

Wednesday, 8 February 2006

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Tá 26 duine sásta a bhogadh go Cnoc Mhuire. Bhog 70 duine i mbliana. Cheana féin, tá na daoine sin á lonnú sa Roinn le bheith réidh le bogadh, is é sin le rá, tá meaitseáil ar bun le go mbeidh na daoine atá ag teacht isteach sa Roinn nó atá istigh cheana féin sna háiteacha a bheidh ag bogadh go luath. Mar sin, déanfaidh sé sin an jab níos éascaí. Maidir le ceist Fhoras na Gaeilge, tá an plean faighte sa Roinn. Tá stáidéar á dhéanamh air, agus tá an roinn ó Thuaidh ag déanamh an rud céanna. Tá mé thar a bheith muiníneach ag éirí as an bplean sin go mbeidh muid in ann bogadh ar aghaidh. Tá an ceart ag an Teachta. Thiocfainn leis go hiomlán. Tá acmhainní maithe ag an Stát cheana féin i bhfoirm cinn de na heastáit ghnó is breátha sa tír san eastát tionsclaíochta i nGaoth Dobhair. Sin ceann de na fáthanna a roghnaigh mé an suíomh áirithe sin le haghaidh na dílárnaithe an chéad uair. Beimid in ann bogadh air seo mar ní bheidh na fadhbanna céanna i gceist ó thaobh aimsiú suíomh agus a bheadh i gceist i gceantracha eile. Tá mise ag tnúth leis an bplean seo a fheiceáil agus a scagadh agus ansin go n-éireoidh linn é a fheidhmiú. Níl sé léite agam fós ach déanfaidh mé sin go luath agus bogfaimid ar aghaidh. Caithfidh an bheirt Airí a bhogadh in éineacht ó Thuaidh agus Theas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.