Dáil debates

Wednesday, 30 November 2005

1:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 51: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil tuarascáil d'aon sórt faighte aige ón staidéar teangeolaíoch a bhí dírithe ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar cuireadh tús leis i mí Aibreáin 2004 chun athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta. [37010/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar is eol don Teachta, tá an staidéar teangeolaíoch a luann sé— a bronnadh ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Má Nuad — faoi lánseol i láthair na huaire.

Tá an staidéar, a thosaigh i mí Aibreáin 2004, dírithe ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta.

Faoi mar a bhí aontaithe leis na comhairleoirí, tá trí thuarascáil eatramhach faighte ag mo Roinn go nuige seo mar chuid den obair atá ar bun trí chéile. Cuireann na tuarascálacha seo mo Roinnse ar an eolas maidir le dul chun cinn an togra go ginearálta. Níl i gceist ag an bpointe ama seo na tuarascálacha sin a fhoilsiú. Mar a mhínigh mé cheana, beidh na roghanna éagsúla tíreolaíochta agus déimeagrafaíocha, a mheastar a bheith oiriúnach mar bhunús chun na limistéir oifigiúla Ghaeltachta a shainiú, á scrúdú mar chuid den staidéar. Tá mé ag súil leis go mbeidh an staidéar críochnaithe faoi mhí Mheán Fómhair 2006 ar a dhéanaí. Ní dhéanfar aon chinneadh maidir le hathruithe ar na limistéir Ghaeltachta go dtí go mbeidh torthaí agus moltaí an staidéir meáite go cúramach ag mo Roinn agus pé moltaí ábhartha is gá a bheith curtha faoi bhráid an Rialtais in am tráth.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Nach n-aontaíonn an tAire liom gur cuireadh an staidéar seo ar bun chun éalú ón gcúram aistriú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Gaeltachta le linn shaol an Rialtais seo? Nach bhfuil a fhios aige go bhfuil sé bhunscoil Ghaeltachta ina dháilcheantar féin nach bhfuil ag múineadh go hiomlán trí Ghaeilge? Nach raibh an dóthain ama aige go dtí seo agus dóthain eolais le fáil aige sa Roinn chun tabhairt faoi na fadhbanna atá ag baint leis an nGaolainn sa Ghaeltacht? Nach cleas é seo chun éalú ó thabhairt faoi fhadhbanna a bhaineann leis na limistéir Ghaeltachta ina dháilcheantar féin?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Caithfidh an Teachta a bheith cúramach nach é an Ghaeltacht bheag aige féin a chaillfidh as——

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Níl aon scoil sa Ghaeltacht sin nach bhfuil ag múineadh go hiomlán trí Ghaolinn.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá scoileanna i mBaile Átha Cliath ag múineadh go hiomlán trí Ghaeilge agus ní i nGaeltachtaí iad, ach sin scéal eile.

An rud a mhol Coimisiún na Gaeltachta ar dtús ná go ndéanfaí staidéir den chineáil seo. Is ait an rud é. Má ghlacann duine le moltaí an Choimisiún tá thiar air nó uirthi. Muna ghlacann duine leo, tá thiar air nó uirthi. Mhol an Coimisiún féin go gcuirfí staidéir mar seo ar bun. Bhí iontas orm féin go dtógfadh sé an fhaid seo. Bhí fhios agam go maith go mbeadh a leithéid de Theachta ag rá an rud atá sé ag rá. Rinne mé iarracht le féachaint an bhféadfaí an méid ama a thógfaidh sé seo a laghdú, agus dúradh nach bhféadfaí. Mar sin, tá an jab á dhéanamh go críochnúil. Tá sé aisteach go leor, nuair a tháinig mé isteach sa Roinn, go raibh moladh ann don iar-Aire, an Teachta Micheál Ó hUiginn, stáidéar mar seo a dhéanamh. Ní raibh aon chinneadh déanta aige siúd ar chor ar bith, fiú tosnú ar an stáidéar. Ní déarfaidh mé níos mó.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tharla sé sin ocht mbliana ó shin, nó níos mó. Nach n-aontaíonn an tAire liom sa mhéid seo? Nuair a cuireadh an Stát seo ar bun, bhí 250,000 duine sa Ghaeltacht a raibh an Ghaoluinn mar ghnáth-teanga laethúil acu. Mar atá an scéal inniu, níl ach 20,000 duine sa Ghaeltacht a bhfuil an Ghaoluinn mar ghnáth-teanga laethúil acu. Nach bhfuil gach dealramh ar an scéal go bhfuil cúrsaí ag dul go mór in olc? Mar is gnáth, is beag an rud atá á dhéanamh ag an Aire faoi sin. Le taobh an stáidéir seo, tá Fóram na Gaeilge, ach níl aon rud ar fáil ón bhfóram go fóill, de réir mar is eol dom. Níl aon rud foilsithe, agus ní fheicim aon rud. Ní tharlaíonn rud ar bith seachas stáidéar i ndiaidh stáidéir gan tada a dhéanamh. Bheadh na fadhbanna soiléir dá mbeadh an tAire ar aigne tabhairt fúthu agus stádas agus neart na Gaeilge sa Ghaeltacht a láidriú. Ba cheart dó tabhairt faoi cheist phráinneach limistéir oifigiúla na Gaeltachta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ar an gcéad dul síos, níl bun ná barr leis na staitisticí atá á n-úsáid ag an Teachta, ar go leor cúiseanna. Mar shampla, i 1990 ní raibh ach 1% de phobal na tíre aonteangach. Is é an rud atá fíorspéisiúil faoi sin ná gur figiúr an-íseal é. Ag an am sin, an té a bhí dátheangach sa ghlúin seo, bhí a ghasúir aonteangach sa Bhéarla sa ghlúin dar gcionn. Mar sin, d'éirigh thar cinn. Má dhéantar stáidéar ar ghluaiseacht na Gaeilge, feictear gur éirigh thar cinn le gluaiseacht na Gaeilge.

Maidir le líon na gcainteoirí sa nGaeltacht, rinne m'athair féin suirbhé an-chuimsitheach ar an nGaeltacht i 1955, agus ba é an figiúr a fuair seisean ná 30,000 duine a raibh Gaeilge acu. Is é an figiúr a bhfuil an Teachta ag tagairt dó ná 250,000. Ní raibh aon Ghaeltacht ann nuair a bunaíodh an Stát, agus ní fhéadfaí bheith ag caint ar cé mhéad cainteoirí Gaeilge a bhí ann sa Ghaeltacht. Bhí an Teachta ag caint ar líon na gcainteoirí sa tír. Tagraíonn sé sin do na daoine, ar nós na ceiste a chuir an Teachta maidir le cé mhéad daoine a raibh Gaeilge acu. Más sin an slat tomhais a úsáidtear, táimid tar éis dul ón bhfigiúr a luaigh an Teachta, 250,000, go os cionn 1 milliún duine a deir anois go bhfuil Gaeilge acu. Ní raibh a leithéid de cheist agus cé mhéad a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil á cur.

Mar sin, ní féidir comparáid a dhéanamh leis na staitisticí sin. Níl bun ná barr leis. Má chuirtear ceist taobh istigh de limistéir oifigiúla na Gaeltachta cé mhéad daoine a bhfuil Gaeilge acu, tá an figiúr i bhfad níos airde ná an ceann a luaigh an Teachta. Mar sin, níl bun ná barr leis an gceist. Tá sé deacair freagra a thabhairt ar cheist nach bhfuil bun ná barr léi ó thaobh na staitisticí de. Má theastaíonn ón Teachta, cuirfidh mé na staitisticí cruinne chuige. Bheimis in ann an cheist a phlé ansin. Tá méadú ollmhór tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn, bunaithe céim ar chéim ar an gceist a cuireadh, is é sin, an bhfuil Gaeilge agat nó nach bhfuil. Sin an cheist a chuirtí fadó. Go deimhin féin, sin an cheist a chuirtí go dtí le dhá dhaonáireamh anuas.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

An n-aontaíonn an tAire go bhfuil sé bhunscoil Ghaeltachta ina dháilcheantar féin nach mbíonn ag múineadh ina iomláine as Gaoluinn? Nach n-aontódh sé liom go gcaithfear rud éigin a dhéanamh faoi sin go luath agus go láidir? Cad atá á dhéanamh aige faoi sin? Níl mé chun dul isteach níos mó ar rudaí teicniúla ag an am seo faoi na figiúir, ach más rud é go ndeireann an tAire nach raibh 250,000 cainteoir Gaeilge sna ceantair ina raibh na Gaeltachtaí ina dhiaidh sin, tá sé ag dul timpeall ar an gceist go fírinneach cé mhéad cainteoirí dúchasacha a bhí sna háiteanna sin a bhíodh ag úsáid na Gaoluinne mar ghnáthmheán cumarsáide in aghaidh an lae. An nglacann an tAire leis go bhfuil na scoileanna sin ina dháilchéantar féin, agus an bhfuil sé imníoch faoi sin? Más rud é go bhfuil sé imníoch, céard go díreach atá sé chun a dhéanamh chun an scéal sin a leigheas? Muna mbíonn na páistí ag foghlaim Gaeilge ina iomláine sna bunscoileanna, cá bhfuil muid ag dul?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Glacaim leis go hiomlán go bhfuil an ceart ag an Teachta go bhfuil bunscoileanna i nGaeltacht na Gaillimhe nach bhfuil ag múineadh trí Ghaeilge. Níl aon amhras orm faoi sin. Ní thuigim cén chaoi a n-athródh sé an stád chun feabhais toiseacht a tharraingt línte ar léarscáil gan réamhstaidéar a dhéanamh. Is é an Teachta an chéad duine a déarfadh liom réamhstaidéar a dhéanamh sula dtosóinn a tharraingt línte ar léarscáil.

Go deimhin féin, caithfidh mé a rá, nuair a théimse go Gaeltacht Phort Láirge, go bhfuil cuid den Ghaeltacht sin ina bhfuil sé deacair mórán Gaeilge a fháil. Is ceist eile é an chun leas na Gaeltachta sin an chuid sin a chaitheamh amach. Chonaic mé cur síos an-spéisiúil den mhéid a dúirt——

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Ní dúirt mise aon rud faoi áiteanna a chaitheamh amach. Ba cheart don Aire cloí leis an gceist a chuir mé faoina dháilcheantar féin agus na sé scoil úd. An bhfuil sé chun tada a dhéanamh fúthu?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An rud atá ar bun ná go bhful an grúpa sin ag déanamh staidéar teangeolaíoch.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Beidh sé ag déanamh staidéar go brách na breithe. Is é an obair atá ag teastáil uainn ná——

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá rud an-chosúil ag teastáil leis an méid a bhí ar bun ag comhghleacaí an Teachta sular tháinig mé isteach sa Roinn.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Bhí sé sin ocht mbliana ó shin. Seo an lá inniu. An bhfuil an tAire chun aon rud a dhéanamh?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Táimse ag déanamh rudaí.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Cad é?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bhí seisean ag breathnú ar rudaí. Ní dhearna seisean an staidéar ariamh.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Is é rudaí a dhéanamh atá uainn.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá mé ag caint ar rudaí a dhéanamh. D'achtaigh muid an tAcht teanga. Chuir muid an Ghaeilge isteach mar theanga oifigiúil oibre san Eoraip. Chuir muid scéim na gcúntóirí Gaeilge agus scéim na gcampaí samhraidh ar bun. Rinne muid athbheochan iomlán ar scéim na bhfeabhsúchán Gaeltachta, a bhí rite síos le tamall de bhlianta.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil aon tairbhe bainte astu?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an iliomad rud déanta againn ar son na teanga. Agus is é an t-aon rud atá á mholadh dúinn anois ná go gcuirfí deireadh léi sna scoileanna.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Nár thug an comhghleacaí áirithe sin TG4 isteach?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Caithfidh mé é sin a thabhairt dó, agus níor sheas mise suas ariamh sa Teach seo á rá nach ndearna sé an rud sin, agus thug mé míle moladh dó taobh istigh den Teach seo an rud sin a dhéanamh, agus tugaim moladh dó arís inniu.