Dáil debates

Wednesday, 30 November 2005

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ar an gcéad dul síos, níl bun ná barr leis na staitisticí atá á n-úsáid ag an Teachta, ar go leor cúiseanna. Mar shampla, i 1990 ní raibh ach 1% de phobal na tíre aonteangach. Is é an rud atá fíorspéisiúil faoi sin ná gur figiúr an-íseal é. Ag an am sin, an té a bhí dátheangach sa ghlúin seo, bhí a ghasúir aonteangach sa Bhéarla sa ghlúin dar gcionn. Mar sin, d'éirigh thar cinn. Má dhéantar stáidéar ar ghluaiseacht na Gaeilge, feictear gur éirigh thar cinn le gluaiseacht na Gaeilge.

Maidir le líon na gcainteoirí sa nGaeltacht, rinne m'athair féin suirbhé an-chuimsitheach ar an nGaeltacht i 1955, agus ba é an figiúr a fuair seisean ná 30,000 duine a raibh Gaeilge acu. Is é an figiúr a bhfuil an Teachta ag tagairt dó ná 250,000. Ní raibh aon Ghaeltacht ann nuair a bunaíodh an Stát, agus ní fhéadfaí bheith ag caint ar cé mhéad cainteoirí Gaeilge a bhí ann sa Ghaeltacht. Bhí an Teachta ag caint ar líon na gcainteoirí sa tír. Tagraíonn sé sin do na daoine, ar nós na ceiste a chuir an Teachta maidir le cé mhéad daoine a raibh Gaeilge acu. Más sin an slat tomhais a úsáidtear, táimid tar éis dul ón bhfigiúr a luaigh an Teachta, 250,000, go os cionn 1 milliún duine a deir anois go bhfuil Gaeilge acu. Ní raibh a leithéid de cheist agus cé mhéad a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil á cur.

Mar sin, ní féidir comparáid a dhéanamh leis na staitisticí sin. Níl bun ná barr leis. Má chuirtear ceist taobh istigh de limistéir oifigiúla na Gaeltachta cé mhéad daoine a bhfuil Gaeilge acu, tá an figiúr i bhfad níos airde ná an ceann a luaigh an Teachta. Mar sin, níl bun ná barr leis an gceist. Tá sé deacair freagra a thabhairt ar cheist nach bhfuil bun ná barr léi ó thaobh na staitisticí de. Má theastaíonn ón Teachta, cuirfidh mé na staitisticí cruinne chuige. Bheimis in ann an cheist a phlé ansin. Tá méadú ollmhór tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn, bunaithe céim ar chéim ar an gceist a cuireadh, is é sin, an bhfuil Gaeilge agat nó nach bhfuil. Sin an cheist a chuirtí fadó. Go deimhin féin, sin an cheist a chuirtí go dtí le dhá dhaonáireamh anuas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.