Dáil debates

Wednesday, 30 November 2005

Priority Questions.

Údarás na Gaeltachta.

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 47: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfianaise a raibh le rá ag feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo caite nuair a d'fhreastail siad ar an gCoiste um Chuntais Phoiblí, cad iad na bearta atá á nglacadh chun a chinntiú nach mbeidh deontais á gceadú do thionscnamh taobh amuigh den Ghaeltacht agus go mbeidh soiléireacht iomlán i bhfeidhm nuair a bhíonn maoin an Údaráis ar díol. [36961/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Ar an gcéad dul síos, ní mór dom a mheabhrú don Teachta go bhfuil cumhacht reachtúil ag bord Údarás na Gaeltachta maidir le deontais a cheadú agus maoin a dhíol, laistigh den chreatlach reachtúil faoina bhfeidhmíonn sé agus i gcomhréir le treoirlínte agus rialacháin náisiúnta agus Eorpacha. Is í an aidhm atá ag mo Roinnse chomh fada agus a bhaineann sé le cásanna den chineál seo ná a chinntiú go bhfuil na prionsabail agus na treoracha cuí maidir le rialú corparáideach curtha i bhfeidhm agus á leanúint go sásúil.

Ag tagairt don cheist shonrach a d'ardaigh an Teachta maidir leis na céimeanna atá á nglacadh chun a chinntiú nach mbeidh deontais á gceadú do thionscnaimh taobh amuigh den Ghaeltacht, tá sé curtha in iúl dom ag an Údarás go bhfuil céimeanna cuí tógtha chun a mhacasamhail d'atarlú a sheachaint. I measc na gcéimeanna sin, áirítear meamram inmheánach a eisíodh i 2002 a threisigh tábhacht na ceiste i gcoitinne agus a leag síos treoracha chun déileáil le cásanna amhrasacha; sonraí na mbailte fearainn agus na mbóithre áitiúla a bheith ar fáil ar léarscáileanna go hinmheánach, chomh maith le cóipeanna d'fhóiliónna a bheith ar fáil ar líne agus tríd an rannóg dlí; agus uasghrádú ar lámhleabhar na foirne maidir le riaradh deontas.

Maidir le soiléireacht iomlán a bheith i bhfeidhm nuair a bhíonn maoin an Údaráis ar díol, tá béim nach beag curtha ag mo Roinn ar an méid sin. Tá tagairt déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, ina fhorlíonadh lena thuarascáil i dtaca le cuntas iniúchta an Údaráis don bhliain 2004, do litir den 21 Iúil 2004 ó mo Roinn chuig an Údarás. Tá mé sásta a chur in iúl go raibh comhphlé tairbheach idir mo Roinn agus an tÚdarás ar ghnéithe éagsúla de rialú corparáideach thar thréimhse agus go bhfuil uasdátú déanta ar threoirlínte an Údaráis dá réir.

Ar ndóigh, mar atá treisithe i gcomhfhreagras ón Údarás féin, tá sé mar aidhm ag an eagraíocht, idir bhord agus fheidhmeannas, cloí le scoth-chleachtais chomhaimseartha i gcónaí, de réir mar a bhíonn na cleachtais sin ag forbairt go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Chuige sin, leanfaidh an tÚdarás den nós athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a chleachtais i gcomhar le agus faoi threoir ó mo Roinnse, de réir mar is cuí.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Tá mé buíoch den Aire as an fhreagra sin. An n-aontódh an tAire liom gur eagraíocht an-tábhachtach é Údarás na Gaeltachta chomh fada agus a bhaineann sé le muintir na Gaeltachta agus na Gaeilge? Tá sé thar a bheith tábhachtach, cosúil le heagras Stáit ar bith a bhíonn ag plé le hairgead poiblí, cé acu an bhfuil sé ag tabhairt amach deontas nó ag díol maoine, nach mbeadh amhras ar dhuine ar bith nó orainne sa Teach seo fán dóigh a dtéann sé fána ghnóithe. De réir cosúlachta, bhí deacrachtaí ag an Údarás san am a chuaigh thart. De réir a ndúirt an tAire ansin, níor cloíodh leis na rialalacha corparáideacha chomh daingean agus ba chóir. An bhfuil an tAire sásta anois cad é a chothaigh na deacrachtaí sin? An bhfuil sé sásta nach n-éireoidh deacrachtaí ar bith mar sin feasta, ar mhaithe leis an Údarás féin agus an Ghaeltacht?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Sílim féin go bhfuil feabhas leanúnach á chur ag an Údarás ar an gcaoi a ndéanann sé a chuid gnóithe. Tá go leor ama infheistithe ag an Údarás féin agus ag feidhmeannaigh de chuid mo Ranna ag plé leis an Údarás, ní amháin, go deimhin, leis an Údarás ach leis na heagraíochtaí ar fad atá faoi chúram na Ranna, le déanamh cinnte go bhfuil na caighdeáin is fearr á sroichint ó thaobh rialaithe corparáidigh de. Ní bheinn chomh dána agus a rá nachn-éireoidh fadhb go deo aríst. Mar a dúirt an fear, tá súil agam nach n-éireoidh, ach cá bhfios, mar is daoine daonna iad ag deireadh an lae atá i mbun eagraíochta ar bith? Sílim féin, áfach, chomh fada agus is féidir go praiticiúil, go bhfuil córais thar a bheith éifeachtacha curtha in áit ag an Údarás.

Thar aon rud éile, tá dhá rud tábhachtach. I gcás an ruda a raibh caint air, is dearmad bona fide a bhí ann. B'fhéidir go mba cheart go mbeadh córas ní b'fhearr ann ag an am, ach is é dearmad a bhí ann. An dara rud ná, níl duine ar bith ar an saol nach ndéanann dearmad, ach má dhéantar dearmad, cad a dhéantar le déanamh cinnte nach ndéanfar an dearmad céanna aríst? Sílim go bhfuil an tÚdarás tar éis foghlaim ón ndearmad sin. Is é an tuiscint atá agam ar an scéal ná gur beag an baol atá ann ar chor ar bith go bhféadfadh a leithéid de rud éirí aríst.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Chomh fada agus a bhaineann sé le díol maoine, is ceist é seo a éireoidh aríst agus aríst eile mar go bhfuil an tÚdarás ag díol na maoine atá aige i ngach ceantar Gaeltachta le cúpla bliain, agus dírím isteach ar chás amháin a bhfuil an tAire agus muid uilig eolach air, nuair a chaill sé breis agus €300,000 ar scéim amháin a raibh díol maoine i gceist. Bíonn sé chomh gnóitheach sin ag díol a chuid mhaoine go gcaithfear gach iarracht a dhéanamh go bhfaigheadh sé an luach is airde air. Bíonn muintir na Gaeltachta ag brath ar an airgead sin. Beidh fostaíocht agus cóiríocht eile á gcur ar fáil.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Aontaím go hiomlán leis an Teachta. Mar is eol dó, tá an tÚdarás ag déanamh athchúrsála ar mhaoin, is é sin, nuair a dhíolann an tÚdarás maoin, fanann an t-airgead leis, agus déanann sé é a athinfheistiú sa nGaeltacht. Tá an polasaí sin tar éis an-tairbhe a dhéanamh ó thaobh bhreis infheistíochta de sa nGaeltacht. Chomh maith leis sin, an té a cheannaíonn maoin nó monarcha de chuid an Údaráis, is mó seans i bhfad go bhfanfaidh sé, mar tá sé tar éis infheistíocht i bhfad níos mó a dhéanamh.

Tá feabhas curtha ag an Údarás ar a gcaoi a ndéanann sé an jab áirithe sin. Tá an ceart ag an Teachta go bhfuil dualgas ar an Údarás, taobh istigh de na haidhmeanna atá aige, an luach is fearr a fháil ar mhaoin ar bith a dhíoltar. Ar ndóigh, caithfidh sé sin a bheith i gcomhréir leis an sprioc atá ag an Údarás fostaíocht tháirgiúil a chruthú sa nGaeltacht. Ag teacht leis sin, níl aon amhras faoi sin ach go gcaithfidh sé modhanna oibre a chleachtadh le déanamh cinnte go bhfaigheadh sé an luach is fearr ó thaobh na Gaeltachta as sealúchas ar bith a dhíolann sé.

Tharla fadhb, agus tá a fhios againn uilig faoi sin. Bhí mo Roinn ag plé leis faoin gceist. Mar is eol don Teachta, bhí orthu tarraingt siar as an gcéad díol agus tiontú ar ais. Tá a fhios agam, áfach, go bhfuil na nósanna feabhsaithe ó shin, agus arís ar ais, tá mé thar a bheith muiníneach nach dtarlódh a leithéid d'eachtra arís.