Dáil debates

Wednesday, 30 November 2005

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Ar an gcéad dul síos, ní mór dom a mheabhrú don Teachta go bhfuil cumhacht reachtúil ag bord Údarás na Gaeltachta maidir le deontais a cheadú agus maoin a dhíol, laistigh den chreatlach reachtúil faoina bhfeidhmíonn sé agus i gcomhréir le treoirlínte agus rialacháin náisiúnta agus Eorpacha. Is í an aidhm atá ag mo Roinnse chomh fada agus a bhaineann sé le cásanna den chineál seo ná a chinntiú go bhfuil na prionsabail agus na treoracha cuí maidir le rialú corparáideach curtha i bhfeidhm agus á leanúint go sásúil.

Ag tagairt don cheist shonrach a d'ardaigh an Teachta maidir leis na céimeanna atá á nglacadh chun a chinntiú nach mbeidh deontais á gceadú do thionscnaimh taobh amuigh den Ghaeltacht, tá sé curtha in iúl dom ag an Údarás go bhfuil céimeanna cuí tógtha chun a mhacasamhail d'atarlú a sheachaint. I measc na gcéimeanna sin, áirítear meamram inmheánach a eisíodh i 2002 a threisigh tábhacht na ceiste i gcoitinne agus a leag síos treoracha chun déileáil le cásanna amhrasacha; sonraí na mbailte fearainn agus na mbóithre áitiúla a bheith ar fáil ar léarscáileanna go hinmheánach, chomh maith le cóipeanna d'fhóiliónna a bheith ar fáil ar líne agus tríd an rannóg dlí; agus uasghrádú ar lámhleabhar na foirne maidir le riaradh deontas.

Maidir le soiléireacht iomlán a bheith i bhfeidhm nuair a bhíonn maoin an Údaráis ar díol, tá béim nach beag curtha ag mo Roinn ar an méid sin. Tá tagairt déanta ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, ina fhorlíonadh lena thuarascáil i dtaca le cuntas iniúchta an Údaráis don bhliain 2004, do litir den 21 Iúil 2004 ó mo Roinn chuig an Údarás. Tá mé sásta a chur in iúl go raibh comhphlé tairbheach idir mo Roinn agus an tÚdarás ar ghnéithe éagsúla de rialú corparáideach thar thréimhse agus go bhfuil uasdátú déanta ar threoirlínte an Údaráis dá réir.

Ar ndóigh, mar atá treisithe i gcomhfhreagras ón Údarás féin, tá sé mar aidhm ag an eagraíocht, idir bhord agus fheidhmeannas, cloí le scoth-chleachtais chomhaimseartha i gcónaí, de réir mar a bhíonn na cleachtais sin ag forbairt go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Chuige sin, leanfaidh an tÚdarás den nós athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a chleachtais i gcomhar le agus faoi threoir ó mo Roinnse, de réir mar is cuí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.