Dáil debates

Wednesday, 30 November 2005

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Sílim féin go bhfuil feabhas leanúnach á chur ag an Údarás ar an gcaoi a ndéanann sé a chuid gnóithe. Tá go leor ama infheistithe ag an Údarás féin agus ag feidhmeannaigh de chuid mo Ranna ag plé leis an Údarás, ní amháin, go deimhin, leis an Údarás ach leis na heagraíochtaí ar fad atá faoi chúram na Ranna, le déanamh cinnte go bhfuil na caighdeáin is fearr á sroichint ó thaobh rialaithe corparáidigh de. Ní bheinn chomh dána agus a rá nachn-éireoidh fadhb go deo aríst. Mar a dúirt an fear, tá súil agam nach n-éireoidh, ach cá bhfios, mar is daoine daonna iad ag deireadh an lae atá i mbun eagraíochta ar bith? Sílim féin, áfach, chomh fada agus is féidir go praiticiúil, go bhfuil córais thar a bheith éifeachtacha curtha in áit ag an Údarás.

Thar aon rud éile, tá dhá rud tábhachtach. I gcás an ruda a raibh caint air, is dearmad bona fide a bhí ann. B'fhéidir go mba cheart go mbeadh córas ní b'fhearr ann ag an am, ach is é dearmad a bhí ann. An dara rud ná, níl duine ar bith ar an saol nach ndéanann dearmad, ach má dhéantar dearmad, cad a dhéantar le déanamh cinnte nach ndéanfar an dearmad céanna aríst? Sílim go bhfuil an tÚdarás tar éis foghlaim ón ndearmad sin. Is é an tuiscint atá agam ar an scéal ná gur beag an baol atá ann ar chor ar bith go bhféadfadh a leithéid de rud éirí aríst.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.