Dáil debates

Wednesday, 26 October 2005

Priority Questions.

Fostaíocht Gaeltachta.

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Question 85: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhféadfadh sé cuntas a thabhairt ar na hiarrachtaí agus an dul chun cinn atá á ndéanamh ag údarás na Gaeltachta maidir le cruthú fostaíochta sa Ghaeltacht, go speisialta chomh fada is a bhaineann sé le poist teanga, poist táirgíochta agus poist atá bunaithe ar an teicneolaíocht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30958/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Is cúis sásaimh dom go raibh bliain mhaith i dtéarmaí fostaíochta ag Údarás na Gaeltachta le linn 2004, tar éis na ndeacrachtaí a bhain leis na blianta 2002 agus 2003.

Bhí 7,507 duine i bhfostaíocht lán-aimseartha agus 4,470 duine i bhfostaíocht shéasúrach agus pháirt-aimseartha i dtionscail ar thug an t-údarás cúnamh dóibh le linn 2004, méaduithe de 2% agus 6%, faoi seach, ar an mbliain roimhe. Cruthaíodh 1,071 post nua lán-aimseartha, sin é méadú de 2% ar an mbliain roimhe. Bhí glan-mhéadú de 161 post lán-aimseartha ann don bhliain.

Tháinig méadú ar an bhfostaíocht i bhformhór na n-earnálacha i 2004 trí infheistíocht a aimsiú do sheirbhísí nua-aimseartha agus laghdú ar líon na bpost a cailleadh. Mar a tharla i 2003, is i réimse na seirbhísí agus tionscal an bhia a bhí na méaduithe is mó, sin é 48% agus 28%, faoi seach.

Ag cur san áireamh an iomaíocht ghéar san earnáil déantúsaíochta le blianta beaga anuas, tá straitéis an údaráis le tamall dírithe ar fhostóirí seirbhís-bhunaithe, ar nós fhorbairtí neamh-thrádála gnó, a mhealladh chun na Gaeltachta amach as cathracha, chomh maith le forbairt a dhéanamh ar lár-ionaid mheán agus ar ionaid teagmhála do chustaiméirí. Anuas air seo, tá an t-údarás ag obair go gníomhach chun tairbhe a bhaint as na deiseanna fostaíochta a bhaineann le hacmhainní mara agus le hacmhainní nádúrtha eile mar aon leis an eacnamaíocht shóisialta, na healaíona, turasóireacht chultúrtha agus teanga, soláthar d'oideachas tríú leibhéal agus gnóthaí teanga-bhunaithe.

Tuigim go bhfuil suirbhé na bliana 2005 ar siúl ag an údarás faoi láthair agus go mbeidh na torthaí sin ar fáil roimh dheireadh na bliana.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire as an mhioneolas atá tugtha aige maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an údarás go speisialta sa bhliain 2004. Ar ndóigh, bhí blianta iontach deacra aige idir 2000 agus 2003, agus is cinnte gur cailleadh poist táirgíochta agus tionsclaíochta ar fud na nGaeltachtaí uilig. Caithfidh straitéis úr a bheith againn le rud éigin nua a chruthú in áit na bpost a cailleadh. Tá lúcháir orm go bhfuil iarracht á déanamh chuige sin i mo cheantar, go speisialta le poist teanga-lárnaithe a chruthú. Tá a fhios ag an Aire faoi sin. Tá poist a bhfuil baint acu leis an teanga san ollscoil i nGaoth Dobhair, agus is rud maith é sin.

Tá, áfach, teorainn le líon na bpost teanga-lárnaithe ar féidir a chur ar bun agus a choinneáil. Tá géarghá i gcónaí le bunfhostaíocht agus buntáirgíocht. Ní féidir linn dearmad a dhéanamh de sin. Tá sé iontach tábhachtach go ndíreofaí isteach ar phoist tionsclaíochta a thabhairt ar aghaidh chomh maith leis na poist sin atá bunaithe ar chultúr agus teanga. Is gné thábhachtach í sin, ach le heacnamaíocht fholláin a bheith againn, tá gá le tionsclaíocht agus poist táirgíochta chomh maith. Tá lúcháir orm go bhfuil muid ag díriú isteach ar na hacmhainní nádúrtha, an bia, an fheirmeoireacht agus an iascaireacht. Ba cheart don Aire béim a chur air sin i mbliana agus sna blianta amach romhainn fá choinne déanamh suas ar an easnamh phoist táirgíochta sna Gaeltachtaí i láthair na huaire.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Thiocfainn leis an Teachta. Tá ceist curtha aige atá thar a bheith stuama agus ciallmhar. Caithfimid réimse leathan fostaíochta a chruthú, agus má bhreathnaímid ar aon chathair atá ag fás, feicfimid go mbíonn réimse leathan fostaíochta ar fáil. Maidir leis an treo a bhfuil rudaí ag dul go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, tá níos mó jabanna bunaithe ar sheirbhísí, tógáil agus rudaí mar sin chuile háit, agus tá níos lú jabanna bunaithe ar fheirmeoireacht agus déantúsaíocht. Sin treo nach féidir leis an nGaeltacht éalú uaidh, agus mar sin, tá gá le jabanna seirbhíse de chuile chineál, na cinn teanga-bhunaithe san áireamh.

Agus é sin ráite agam, tá gá freisin le jabanna a chruthú sna hearnálacha eile. Tá gá jabanna a chruthú ar bhealach ar bith ar féidir é sin a dhéanamh. Tá sé spéisiúil a bhreathnú ar an chéad 1,071 jab dár cuireadh ar fáil anuraidh. Bhí 61 jab, nó 6%, ag baint leis na hacmhainní nádúrtha. Tá sé sin aisteach go leor. Tá mé féin an-bháúil leis. Bhí 303 jab ag baint le bia, agus, go deimhin féin, tá mo Roinn féin ag obair go díreach ar mhaithe le forbairt tuaithe ar chúrsaí bia. Tá deis iontach ann, ós rud é go bhfuil bunábhar iontach maith ann. Cruthaíodh 86 jab i ndéantús eile, agus 21 jab in éadach agus teicstíl, nó 2%. Bheifí ag súil leis sin, mar tá sé deacair iad sin a chruthú anois. Cruthaíodh 82 jab san innealtóireacht, nó 8% de na jabanna, agus 518 jab i seirbhísí. Ní bheadh an figiúr sin do sheirbhísí gan choinne, leis an bhfás atá ar fhostaíocht seirbhíse chuile háit — teile-ionaid agus mar sin de nach déantúsaíocht iad. Bhí cruthaíocht jabanna i nGaoth Dobhair ar an mbealach sin.

Mar sin, feicfidh an Teachta go bhfuil leath na jabanna anois cruthaithe as seirbhísí agus an leath eile cruthaithe as déantúsaíocht, innealtóireacht, bia agus mar sin de — leath agus leath. Is é an remit atá ag an údarás ná jabanna a chruthú. Mar a tharla, i láthair na huaire, tá deiseanna an-mhaithe ann freisin ó thaobh jabanna teanga-bhunaithe de, agus beidh a leithéid ann ar ball i nGaoth Dobhair nuair a fhosclóidh an t-ionad ollscoile agus is buntáiste mór é sin.

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context

Cad é go díreach polasaí an údaráis i láthair na huaire chomh fada agus a bhaineann sé le poist atá bunaithe ar sheirbhísí? Tuigim go raibh deacracht ann go dtí seo cúnamh a thabhairt do phoist agus obair den chineál sin. An é sin polasaí an údaráis san am i láthair, nó an bhfuil athrú meoin agus dearctha tagtha ar an údarás go dtugann sé cuidiú agus tacaíocht d'fhostaíocht ar nós seirbhísí?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Caithfimid bheith cúramach anseo. Ní bheadh, agus ní raibh, aon chúnamh ar fáil le haghaidh miondíola, nó retailing. Ní bhíonn aon ghá leis. Is iad na cineáil seirbhísí a bheadh i gceist ná glaoch-ionaid, mar shampla, de réir mar a thuigim, i gcomhthéacs an údaráis. Cruthaíodh poist san earnáil chlosamhairc agus mar sin de — na jabanna a thagann isteach faoin eacnamaíocht sóisialta, chomh maith le seirbhísí agus ant-oideachas tríú leibhéil. Níl sé i gceist, áfach, go dtiocfaidh an t-údarás chun cúnamh a thabhairt do sheirbhísí a bheadh ann ar aon bhealach. Níl gá níos mó sa nGaeltacht, sa ngnáthbhealach, cúnamh a thabhairt go díreach le haghaidh seirbhísí miondíola. Is cuimhin liom go rabhadar ag iarraidh cúnamh a thabhairt do ghruaigeadóirí agus mar sin de. De réir mar a thuigim, ní thugtar aon chúnamh dá leithéid a thuilleadh.