Dáil debates

Wednesday, 26 October 2005

1:00 pm

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)

Gabhaim buíochas leis an Aire as an mhioneolas atá tugtha aige maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an údarás go speisialta sa bhliain 2004. Ar ndóigh, bhí blianta iontach deacra aige idir 2000 agus 2003, agus is cinnte gur cailleadh poist táirgíochta agus tionsclaíochta ar fud na nGaeltachtaí uilig. Caithfidh straitéis úr a bheith againn le rud éigin nua a chruthú in áit na bpost a cailleadh. Tá lúcháir orm go bhfuil iarracht á déanamh chuige sin i mo cheantar, go speisialta le poist teanga-lárnaithe a chruthú. Tá a fhios ag an Aire faoi sin. Tá poist a bhfuil baint acu leis an teanga san ollscoil i nGaoth Dobhair, agus is rud maith é sin.

Tá, áfach, teorainn le líon na bpost teanga-lárnaithe ar féidir a chur ar bun agus a choinneáil. Tá géarghá i gcónaí le bunfhostaíocht agus buntáirgíocht. Ní féidir linn dearmad a dhéanamh de sin. Tá sé iontach tábhachtach go ndíreofaí isteach ar phoist tionsclaíochta a thabhairt ar aghaidh chomh maith leis na poist sin atá bunaithe ar chultúr agus teanga. Is gné thábhachtach í sin, ach le heacnamaíocht fholláin a bheith againn, tá gá le tionsclaíocht agus poist táirgíochta chomh maith. Tá lúcháir orm go bhfuil muid ag díriú isteach ar na hacmhainní nádúrtha, an bia, an fheirmeoireacht agus an iascaireacht. Ba cheart don Aire béim a chur air sin i mbliana agus sna blianta amach romhainn fá choinne déanamh suas ar an easnamh phoist táirgíochta sna Gaeltachtaí i láthair na huaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.