Dáil debates

Wednesday, 26 October 2005

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Thiocfainn leis an Teachta. Tá ceist curtha aige atá thar a bheith stuama agus ciallmhar. Caithfimid réimse leathan fostaíochta a chruthú, agus má bhreathnaímid ar aon chathair atá ag fás, feicfimid go mbíonn réimse leathan fostaíochta ar fáil. Maidir leis an treo a bhfuil rudaí ag dul go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, tá níos mó jabanna bunaithe ar sheirbhísí, tógáil agus rudaí mar sin chuile háit, agus tá níos lú jabanna bunaithe ar fheirmeoireacht agus déantúsaíocht. Sin treo nach féidir leis an nGaeltacht éalú uaidh, agus mar sin, tá gá le jabanna seirbhíse de chuile chineál, na cinn teanga-bhunaithe san áireamh.

Agus é sin ráite agam, tá gá freisin le jabanna a chruthú sna hearnálacha eile. Tá gá jabanna a chruthú ar bhealach ar bith ar féidir é sin a dhéanamh. Tá sé spéisiúil a bhreathnú ar an chéad 1,071 jab dár cuireadh ar fáil anuraidh. Bhí 61 jab, nó 6%, ag baint leis na hacmhainní nádúrtha. Tá sé sin aisteach go leor. Tá mé féin an-bháúil leis. Bhí 303 jab ag baint le bia, agus, go deimhin féin, tá mo Roinn féin ag obair go díreach ar mhaithe le forbairt tuaithe ar chúrsaí bia. Tá deis iontach ann, ós rud é go bhfuil bunábhar iontach maith ann. Cruthaíodh 86 jab i ndéantús eile, agus 21 jab in éadach agus teicstíl, nó 2%. Bheifí ag súil leis sin, mar tá sé deacair iad sin a chruthú anois. Cruthaíodh 82 jab san innealtóireacht, nó 8% de na jabanna, agus 518 jab i seirbhísí. Ní bheadh an figiúr sin do sheirbhísí gan choinne, leis an bhfás atá ar fhostaíocht seirbhíse chuile háit — teile-ionaid agus mar sin de nach déantúsaíocht iad. Bhí cruthaíocht jabanna i nGaoth Dobhair ar an mbealach sin.

Mar sin, feicfidh an Teachta go bhfuil leath na jabanna anois cruthaithe as seirbhísí agus an leath eile cruthaithe as déantúsaíocht, innealtóireacht, bia agus mar sin de — leath agus leath. Is é an remit atá ag an údarás ná jabanna a chruthú. Mar a tharla, i láthair na huaire, tá deiseanna an-mhaithe ann freisin ó thaobh jabanna teanga-bhunaithe de, agus beidh a leithéid ann ar ball i nGaoth Dobhair nuair a fhosclóidh an t-ionad ollscoile agus is buntáiste mór é sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.