Dáil debates

Wednesday, 26 October 2005

1:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Is cúis sásaimh dom go raibh bliain mhaith i dtéarmaí fostaíochta ag Údarás na Gaeltachta le linn 2004, tar éis na ndeacrachtaí a bhain leis na blianta 2002 agus 2003.

Bhí 7,507 duine i bhfostaíocht lán-aimseartha agus 4,470 duine i bhfostaíocht shéasúrach agus pháirt-aimseartha i dtionscail ar thug an t-údarás cúnamh dóibh le linn 2004, méaduithe de 2% agus 6%, faoi seach, ar an mbliain roimhe. Cruthaíodh 1,071 post nua lán-aimseartha, sin é méadú de 2% ar an mbliain roimhe. Bhí glan-mhéadú de 161 post lán-aimseartha ann don bhliain.

Tháinig méadú ar an bhfostaíocht i bhformhór na n-earnálacha i 2004 trí infheistíocht a aimsiú do sheirbhísí nua-aimseartha agus laghdú ar líon na bpost a cailleadh. Mar a tharla i 2003, is i réimse na seirbhísí agus tionscal an bhia a bhí na méaduithe is mó, sin é 48% agus 28%, faoi seach.

Ag cur san áireamh an iomaíocht ghéar san earnáil déantúsaíochta le blianta beaga anuas, tá straitéis an údaráis le tamall dírithe ar fhostóirí seirbhís-bhunaithe, ar nós fhorbairtí neamh-thrádála gnó, a mhealladh chun na Gaeltachta amach as cathracha, chomh maith le forbairt a dhéanamh ar lár-ionaid mheán agus ar ionaid teagmhála do chustaiméirí. Anuas air seo, tá an t-údarás ag obair go gníomhach chun tairbhe a bhaint as na deiseanna fostaíochta a bhaineann le hacmhainní mara agus le hacmhainní nádúrtha eile mar aon leis an eacnamaíocht shóisialta, na healaíona, turasóireacht chultúrtha agus teanga, soláthar d'oideachas tríú leibhéal agus gnóthaí teanga-bhunaithe.

Tuigim go bhfuil suirbhé na bliana 2005 ar siúl ag an údarás faoi láthair agus go mbeidh na torthaí sin ar fáil roimh dheireadh na bliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.