Dáil debates

Wednesday, 29 June 2005

Priority Questions.

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

3:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Question 15: To ask the Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta aige ó thaobh chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22578/05]

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a dúirt mé go minic cheana, táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta ar bhonn chéimiúil. Táim sásta freisin go n-éireoidh leis na comhlachtaí poiblí na dualgais reachtúla a thitfidh orthu go céimiúil faoin Acht a chomhlíonadh agus go deimhin go nglacfaidh said leis an dúshlán le meon dearfach agus sa spiorad ceart. Ar ndóigh, beidh gach scéim dréachtaithe ag na comhlachtaí poiblí i gcomhthéacs agus ar bhonn na n-acmhainní, idir airgead agus foireann, atá acu nó a bheidh ar fáil dóibh le linn thréimhse na scéime. Ní féidir gach rud a bhaint amach thar oíche agus, mar a dúirt mé ón dtús, is í an aidhm atá agam ná go mbeidh feabhsúcháin á mbaint amach, thar thréimhse roinnt scéimeanna b'fhéidir, ar leibhéal agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a bhíonn á gcur ar fáil trí Ghaeilge, de réir éilimh.

An méid sin ráite, is gnó do na comhlachtaí poiblí féin, ar ndóigh, a chinntiú go gcomhlíonfar na dualgais a thitfidh orthu faoin Acht seo sa chaoi chéanna agus a chomhlíontar dualgais faoi aon reachtaíocht eile.

Seo a leanas roinnt de na príomh-chéimeanna atá tógtha go dáta maidir le cur i bhfeidhm an Achta. Rinne mé ordú tosach feidhme ar 19 Eanáir 2004 a thugann feidhm don chuid is mó d'fhorálacha an Achta le héifeacht ón lá sin agus ó 1 Bealtaine 2004 i gcás Alt 10.

Bunaíodh, ag tús na bliana 2004, Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla agus ar 23 Feabhra 2004, cheap Uachtarán na hÉireann an tUas Seán Ó Cuirreáin mar chéad Choimisinéir Teanga. Tá foireann agus soláthar airgid cuí curtha ar fáil ag mo Roinnse leis an oifig a bhunú agus a riaradh. Tá an oifig lonnaithe sa Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe.

Foilsíodh ar 30 Meán Fómhair 2004 an leagan daingnithe de na treoirlínte a ullmhaíodh faoi Alt 12 den Acht chun cabhrú le comhlachtaí poiblí dréacht-scéim a ullmhú faoi Alt 11 den Acht. Tá scéim mo Roinne féin faoin Acht don tréimhse 2004-07 foilsithe freisin ó 30 Meán Fómhair 2004 agus tá sí ar fáil anois mar eiseamlár do chomhlachtaí poiblí eile.

D'fhógair mé ar an lá céanna ainmneacha an chéad 25 chomhlacht poiblí a bhfuil iarrtha i scríbhinn agam orthu dréacht-scéim a ullmhú, i gcomhréir leis na dtreoirlínte sin. I measc na gcomhlachtaí sin tá Ranna, údaráis áitiúla, boird sláinte agus institiúidí 3ú leibhéil. Tá na dreacht-scéimeamma sin á scrúdú ag oifigigh mo Roinne le tamall anuas agus tá áthas orm a chur in iúl go bhfuil cuid mhaith de na dréacht-scéimeanna sin daingnithe agam anois. Táim dóchasach go mbeidh na scéimeanna don 25 comhlacht poiblí ar fad daingnithe agam roimh dheireadh an tsamhraidh.

Tá roghnú an chéad ghrúpa eile de chomhlachtaí poiblí, a mbeidh mé ag iarraidh orthu dréacht-scéim a ullmhú, idir lámha agam agus tá i gceist agam fógra faoi sin a dhéanamh go han-luath.

Tá mo Roinnse ag obair, i gcomhar le hOifig an Dréachtóra Parlaiminte, ar dhréacht de na rialacháin a dhéanfar faoi Alt 9(1) den Acht. Cé nach feidir liom dáta cinnte a lua, táim dóchasach go mbeidh ar mo chumas na rialacháin sin a dhéanamh go luath.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an fhreagra sin. Go dtí seo, áfach, níl ach 25 comhlacht poiblí agus Roinn i gceist. Céard atá le rá aige faoin bhfigiúr a luaigh a chomhghleacaí, an tAire Sóisialta agus Gnóthaí Teaghlaigh, an Teachta Brennan, go gcosnódh sé€500,000 forálacha an Achta a chur i bhfeidhm sa Roinn sin? Cad atá le rá aige faoin urlabhraí de chuid Aer Lingus a dúirt nach bhfuil siad sásta leis an Acht, ós rud é go mbeidh siad in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha nach mbeidh forálacha an Achta ag baint leo? Céard faoin meastachán sealadach a cuireadh isteach anuraidh go gcosnódh sé€8 milliún do na comhairlí contae agus cathrach forálacha an Achta a chur i bhfeidhm?

Tá a fhios ag an Aire go bhfuil mé á cháineadh féin agus ag cáineadh na Roinne le fada ós rud é nach ndearnadh aon mheastachán ceart ar na costais forálacha an Achta a chur i bhfeidhm go hiomlán. Déarfaidh mé an rud seo leis, áfach. Bhíomar ag caint inniu mar gheall ar an nGaeltacht i mbaol. Is é an rud atá ag goilliúint orm ná go bhfuil seans ann go mbeidh cáipéisí nach léifidh éinne á n-aistriú go Gaoluinn. Deir daoine go ndéanfar an rud céanna leis an mBéarla — go mbíonn cáipéisí Béarla ann nach léann éinne agus nach aon stró é an rud céanna a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Ní aon fhreagra é sin. Is ceart na cáipéisí Béarla nach léitear a chur ar ceal freisin. Sin an rud is tábhachtaí.

I ndeireadh na dála, áfach, tá an chuma ar an scéal go gcosnóidh sé cuid mhaith airgid forálacha an Achta a chur i bhfeidhm go hiomlán do thart ar 642 comhlacht poiblí agus Roinn. Céard faoi Aer Lingus, Bus Éireann agus Bus Átha Cliath, áfach? Tá siadsan in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha agus ní bheidh na forálacha seo ag baint leo sin. Sin rud ar cheart don Aire díriú air freisin. Nach bhfuil sé in am anois meastachán a dhéanamh ar cé mhéad a chosnóidh sé go díreach don Stát agus do na comhlachtaí poiblí an tAcht seo a chur i bhfeidhm? Níl mórán airgid ag aon Roinn, agus go mórmhór ag na húdaráis áitiúla — airgead a bheadh á chaitheamh ar rudaí nach bhfuil aon fhiúntas ag baint leo i ndáiríre. Beidh neart cáipéisí ann agus an-easpa leitheoirí.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Maidir le hAer Lingus, mar is eol don Teachta, tá soláthar san Acht le haghaidh an ruda a d'ardaigh sé. Má tá dualgas ar chomhlacht Stáit atá in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha, tá soláthar faoin Acht leis an bpáirc a choinneáil cothrom. Chonaic mé tagairt sa bpáipéar——

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

An ndéanfaidh an tAire é sin?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Má bhíonn gá leis, cinnte. Níl a fhios agam cén fáth go raibh Aer Lingus ag tagairt dó sin. Bhí sé ag caint ar fhógraíocht, agus níl aon rialachán déanta agam faoi fhógraíocht, agus níl aon mhaith do dhaoine bheith ag caint ar rud nach bhfuil ann.

Maidir leis an rud a dúirt an Teachta faoin Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, tá€500,000 curtha ar leataobh aici sna Meastacháin le haghaidh fheidhmiú an Achta. Deir sé sin dhá rud. Ar an gcéad dul síos, deir sé go soiléir nach raibh seirbhís cheart trí Ghaeilge á cur ar fáil ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh go dtí seo.

Molaim í as ucht a gcearta a thabhairt do lucht na Gaeilge. Má chosnaíonn sé an sciar sin den bhuiséad, bíodh sé mar atá. Tá súil agam nach bhfuil mé mícheart sa bhfigiúr. Tá a fhios agam go bhfuil sé luaite anseo áit éigin, ach níl mé in ann mo lámh a leagan air. Más buan mo chuimhne, tá an Teachta ag caint ar an séú cuid de 1% de bhuiséad riaracháin na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Tá sé sin níos lú ná 0.2% den bhuiséad riaracháin. Seo an dearcadh atá agam air. Má tá costais ag baint leis na dualgais dlíthiúla a chomhlíonadh, sábhálfaidh sé sin 0.2% áit éigin eile. Níl sé substaintiúil. Níl sé ábhartha i gcomhthéacs bhuiséid iomláin.

Níl costas dá laghad ar na heagraíochtaí Stáit a bhí ag cur a gcearta ar fáil do lucht na Gaeilge. Mar shampla, níl aon chostas ar fiú caint air do mo Roinn féin. Bhí muid ag déanamdh gach rud dá bhfuil sa bplean. Níl sé ag cur aon chostais breise orainn. Níl aon chostas, mar shampla, ar Údarás na Gaeltachta cloí leis an Acht Teanga, mar bhí sé ag feidhmiú i gceart. Is beag costas atá ar Oifig an Ombudsman mar bhí sí ag déanamh na rudaí atá riachtanach de réir an Achta. Mar sin, má tá comhlachtaí áirithe a bhfuil costais orthu, sin le rá nach bhfuil seirbhísí á gcur ar fáil acu. Tá dreamanna eile nach bhfuil aon chostas ag baint leo mar bhí an tseirbhís agus ceart á dtabhairt don dream a úsáideann Gaeilge sa tír seo. Is fadhb do chuile chomhlacht é taobh istigh dá chuid acmhainní tosú a fheidhmiú taobh istigh den dlí.

Cuirim mar seo é. Tá an-chaint ar mhíchumas. Beidh costas ar sholáthar a chur ar fáil do dhreamanna míchumais. Titfidh sé sin amháin ar an dream nach raibh cothrom ceart á dhéanamh acu do dhaoine le míchumais go dtí seo. Ní thitfidh aon chostas ar an dream a bhí ag cur seirbhís cheart ar fáil. Má tá costais ar dhreamanna áirithe, is mar go raibh easpa seirbhíse agus mar gur theip go hiomlán is go huile ar na treoirlínte deonacha a chuir an Teachta Michael D. Higgins ar aghaidh nuair a bhí sé ina Aire agus é féin ag maíomh gur réitigh sé sin fadhbanna seirbhíse trí Ghaeilge. Is léir gur theip air. Má tá costas anois air, is mar gur theip ar na treoirlínte deonacha a raibh an oiread sin gaisce á dhéanamh astu.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tá mé ag éisteacht leis an Aire, ach i ndeireadh na dála, tá ceist bhunúsach ann. Cad go díreach a chosnóidh cur i bhfeidhm an Achta ina iomlán? Cé mhéad a chosnóidh sé don Státchiste agus don phobal? Ba chóir meastachán ceart — chomh ceart agus is féidir — a dhéanamh. Nár cheart féachaint ar cén úsáid ar féidir a bhaint as an airgead ar son na Gaeilge? Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an Ghaeltacht i mbaol, agus sin an phríobhfhadhb atá ag an Rialtas seo. Nil me sásta ar chor ar bith go bhfuil an tAire seo sásta tabhairt faoin fhadhb sin, an ceann is práinní dá bhfuil ann. B'fhearr leis bheith ag déileáil le rudaí atá teibí agus a bhaineann le cúrsaí acadúla, b'fhéidir.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an tAcht Teanga thar a bheith tábhachtach do phobal na Gaeltachta. Den chéad uair ariamh, beidh siad in ann——

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Ar chuir an tAire an cheist orthu?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá mé i mo chónaí sa nGaeltacht.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Ar chuir sé an cheist orthu?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá mise i mo chónaí sa nGaeltacht.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Tá a fhios agam, ach ar chuir sé an cheist orthu?

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cé air?

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Ar mhuintir na Gaeltachta. An bhfuil an tAcht seo ag teastáil uathu? Níor chuir sé an cheist sin orthu.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cuirim mar seo é. Na h-urlabhraithe——

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

An measann an tAire go bhfuil an freagra aige? Tá mise á rá go gcuirfeadh sé ionadh ar an Aire dá gcuirfeadh sé an cheist ar mhuintir na Gaeltachta.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Níl a fhios agam cén chaoi a gcuirfí an cheist sin seachas i reifreann, ach na daoine——

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Is é an Teachta an tAire. Faigh an tslí.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Bíonn na hurlabhraithe pobail sa nGaeltacht á rá go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge. An bhfuil an Teachta á rá liom go bhfuil sé ceart nó mícheart gur féidir le duine ón nGaeltacht ar mhaith leis cáin bhóthair a chur ar a charr dul isteach in oifig phoiblí agus seirbhís a fháil ón duine atá taobh thiar den gcúntar i nGaeilge nó i mBéarla?

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Iarr orthu.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil an ceart sin acu?

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Iarr orthu an bhfuil sé ag teastáil uathu.

Séamus Pattison (Carlow-Kilkenny, Labour)
Link to this: Individually | In context

Caithfimid dul ar aghaidh anois.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Tá an Teachta á rá liom nár cheart go mbeadh sé de cheart——

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Ní aontaím leis an Aire.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar dhuine Gaeltachta amháin, tá mise in ann rá leis an Teachta go bhfuil sé ag teastáil uaimse.

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Duine amháin.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

An bhfuil an ceart sin agam mar shaoránach an Stáit seo seirbhís a fháil mar dhuine atá ina chónaí sa nGaeltacht trí mheán na Gaeilge má theastaíonn sé uaim cáin a chur ar mo charr agus dul isteach san oifig chánach i nGaillimh agus déileáil leis an gcigire cánach? An bhfuil an ceart nó nach bhfuil an ceart agam an gnó sin a dhéanamh i nGaeilge? Sin an cheist a gcaithfidh Páirtí an Lucht Oibre a fhreagairt. Glacaim leis go bhfuil an Teachta á rá nach bhfuil an ceart sin agam. Tá mé an-bhuíoch den fhreagra sin. Tá siad oscailte faoi dheireadh. Creidimse, agus creidim go gcreideann formhór an phobail, go mba cheart go mbeadh ceart ag duine ón nGaeltacht bunseirbhísí— agus táimid ag caint ar líon an-teoranta seirbhísí— a fháil trí mheán na Gaeilge ón Státchóras. Is léir nach gcreideann an Teachta é sin. Tá an-áthas orm anois go bhfuil a fhios agam cá seasann Páirtí an Lucht Oibre ar an gceist seo, agus tá mé——

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Ceapann an tAire é sin. Níor chuir sé an cheist. Ná bíodh sé á rá go bhfuil mise——

Séamus Pattison (Carlow-Kilkenny, Labour)
Link to this: Individually | In context

Ceist Uimh. 16 don Aire Stáit.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Mar a deirim, seachas reifreann, níl aon bhealach ann seachas an bealach a chuir mé na ceisteanna. Ó na ceisteanna a chuir mise ar phobal na Gaeltachta, tá an buncheart sin uathu. Má chreideann an Teachta a mhalairt, níl aon bhealach lena fháil amach ach reifreann a chur ar bun, agus níl aon soláthar do reifreann mar sin i gcás mar seo. Ní fhaca mé aon Aire ariamh a chuir reifreann ar bun maidir le ceist polasaí den chineál seo. Ón eolas atá agam——

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)
Link to this: Individually | In context

Níl a fhios ag an Aire. Níor fhreagair sé an cheist.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context

Cá bhfios an dteastaíonn aon reachtaíocht uainne? Bheadh reifreann seafóideach.