Dáil debates

Wednesday, 29 June 2005

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Má bhíonn gá leis, cinnte. Níl a fhios agam cén fáth go raibh Aer Lingus ag tagairt dó sin. Bhí sé ag caint ar fhógraíocht, agus níl aon rialachán déanta agam faoi fhógraíocht, agus níl aon mhaith do dhaoine bheith ag caint ar rud nach bhfuil ann.

Maidir leis an rud a dúirt an Teachta faoin Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, tá€500,000 curtha ar leataobh aici sna Meastacháin le haghaidh fheidhmiú an Achta. Deir sé sin dhá rud. Ar an gcéad dul síos, deir sé go soiléir nach raibh seirbhís cheart trí Ghaeilge á cur ar fáil ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh go dtí seo.

Molaim í as ucht a gcearta a thabhairt do lucht na Gaeilge. Má chosnaíonn sé an sciar sin den bhuiséad, bíodh sé mar atá. Tá súil agam nach bhfuil mé mícheart sa bhfigiúr. Tá a fhios agam go bhfuil sé luaite anseo áit éigin, ach níl mé in ann mo lámh a leagan air. Más buan mo chuimhne, tá an Teachta ag caint ar an séú cuid de 1% de bhuiséad riaracháin na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh. Tá sé sin níos lú ná 0.2% den bhuiséad riaracháin. Seo an dearcadh atá agam air. Má tá costais ag baint leis na dualgais dlíthiúla a chomhlíonadh, sábhálfaidh sé sin 0.2% áit éigin eile. Níl sé substaintiúil. Níl sé ábhartha i gcomhthéacs bhuiséid iomláin.

Níl costas dá laghad ar na heagraíochtaí Stáit a bhí ag cur a gcearta ar fáil do lucht na Gaeilge. Mar shampla, níl aon chostas ar fiú caint air do mo Roinn féin. Bhí muid ag déanamdh gach rud dá bhfuil sa bplean. Níl sé ag cur aon chostais breise orainn. Níl aon chostas, mar shampla, ar Údarás na Gaeltachta cloí leis an Acht Teanga, mar bhí sé ag feidhmiú i gceart. Is beag costas atá ar Oifig an Ombudsman mar bhí sí ag déanamh na rudaí atá riachtanach de réir an Achta. Mar sin, má tá comhlachtaí áirithe a bhfuil costais orthu, sin le rá nach bhfuil seirbhísí á gcur ar fáil acu. Tá dreamanna eile nach bhfuil aon chostas ag baint leo mar bhí an tseirbhís agus ceart á dtabhairt don dream a úsáideann Gaeilge sa tír seo. Is fadhb do chuile chomhlacht é taobh istigh dá chuid acmhainní tosú a fheidhmiú taobh istigh den dlí.

Cuirim mar seo é. Tá an-chaint ar mhíchumas. Beidh costas ar sholáthar a chur ar fáil do dhreamanna míchumais. Titfidh sé sin amháin ar an dream nach raibh cothrom ceart á dhéanamh acu do dhaoine le míchumais go dtí seo. Ní thitfidh aon chostas ar an dream a bhí ag cur seirbhís cheart ar fáil. Má tá costais ar dhreamanna áirithe, is mar go raibh easpa seirbhíse agus mar gur theip go hiomlán is go huile ar na treoirlínte deonacha a chuir an Teachta Michael D. Higgins ar aghaidh nuair a bhí sé ina Aire agus é féin ag maíomh gur réitigh sé sin fadhbanna seirbhíse trí Ghaeilge. Is léir gur theip air. Má tá costas anois air, is mar gur theip ar na treoirlínte deonacha a raibh an oiread sin gaisce á dhéanamh astu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.