Dáil debates

Wednesday, 29 June 2005

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)

Mar a dúirt mé go minic cheana, táim sásta go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh ag mo Roinn maidir le cur i bhfeidhm fhorálacha an Achta ar bhonn chéimiúil. Táim sásta freisin go n-éireoidh leis na comhlachtaí poiblí na dualgais reachtúla a thitfidh orthu go céimiúil faoin Acht a chomhlíonadh agus go deimhin go nglacfaidh said leis an dúshlán le meon dearfach agus sa spiorad ceart. Ar ndóigh, beidh gach scéim dréachtaithe ag na comhlachtaí poiblí i gcomhthéacs agus ar bhonn na n-acmhainní, idir airgead agus foireann, atá acu nó a bheidh ar fáil dóibh le linn thréimhse na scéime. Ní féidir gach rud a bhaint amach thar oíche agus, mar a dúirt mé ón dtús, is í an aidhm atá agam ná go mbeidh feabhsúcháin á mbaint amach, thar thréimhse roinnt scéimeanna b'fhéidir, ar leibhéal agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a bhíonn á gcur ar fáil trí Ghaeilge, de réir éilimh.

An méid sin ráite, is gnó do na comhlachtaí poiblí féin, ar ndóigh, a chinntiú go gcomhlíonfar na dualgais a thitfidh orthu faoin Acht seo sa chaoi chéanna agus a chomhlíontar dualgais faoi aon reachtaíocht eile.

Seo a leanas roinnt de na príomh-chéimeanna atá tógtha go dáta maidir le cur i bhfeidhm an Achta. Rinne mé ordú tosach feidhme ar 19 Eanáir 2004 a thugann feidhm don chuid is mó d'fhorálacha an Achta le héifeacht ón lá sin agus ó 1 Bealtaine 2004 i gcás Alt 10.

Bunaíodh, ag tús na bliana 2004, Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla agus ar 23 Feabhra 2004, cheap Uachtarán na hÉireann an tUas Seán Ó Cuirreáin mar chéad Choimisinéir Teanga. Tá foireann agus soláthar airgid cuí curtha ar fáil ag mo Roinnse leis an oifig a bhunú agus a riaradh. Tá an oifig lonnaithe sa Spidéal i nGaeltacht na Gaillimhe.

Foilsíodh ar 30 Meán Fómhair 2004 an leagan daingnithe de na treoirlínte a ullmhaíodh faoi Alt 12 den Acht chun cabhrú le comhlachtaí poiblí dréacht-scéim a ullmhú faoi Alt 11 den Acht. Tá scéim mo Roinne féin faoin Acht don tréimhse 2004-07 foilsithe freisin ó 30 Meán Fómhair 2004 agus tá sí ar fáil anois mar eiseamlár do chomhlachtaí poiblí eile.

D'fhógair mé ar an lá céanna ainmneacha an chéad 25 chomhlacht poiblí a bhfuil iarrtha i scríbhinn agam orthu dréacht-scéim a ullmhú, i gcomhréir leis na dtreoirlínte sin. I measc na gcomhlachtaí sin tá Ranna, údaráis áitiúla, boird sláinte agus institiúidí 3ú leibhéil. Tá na dreacht-scéimeamma sin á scrúdú ag oifigigh mo Roinne le tamall anuas agus tá áthas orm a chur in iúl go bhfuil cuid mhaith de na dréacht-scéimeanna sin daingnithe agam anois. Táim dóchasach go mbeidh na scéimeanna don 25 comhlacht poiblí ar fad daingnithe agam roimh dheireadh an tsamhraidh.

Tá roghnú an chéad ghrúpa eile de chomhlachtaí poiblí, a mbeidh mé ag iarraidh orthu dréacht-scéim a ullmhú, idir lámha agam agus tá i gceist agam fógra faoi sin a dhéanamh go han-luath.

Tá mo Roinnse ag obair, i gcomhar le hOifig an Dréachtóra Parlaiminte, ar dhréacht de na rialacháin a dhéanfar faoi Alt 9(1) den Acht. Cé nach feidir liom dáta cinnte a lua, táim dóchasach go mbeidh ar mo chumas na rialacháin sin a dhéanamh go luath.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.