Dáil debates

Wednesday, 29 June 2005

 

Acht na dTeangacha Oifigiúla.

3:00 pm

Photo of Brian O'SheaBrian O'Shea (Waterford, Labour)

Gabhaim buíochas leis an Aire as ucht an fhreagra sin. Go dtí seo, áfach, níl ach 25 comhlacht poiblí agus Roinn i gceist. Céard atá le rá aige faoin bhfigiúr a luaigh a chomhghleacaí, an tAire Sóisialta agus Gnóthaí Teaghlaigh, an Teachta Brennan, go gcosnódh sé€500,000 forálacha an Achta a chur i bhfeidhm sa Roinn sin? Cad atá le rá aige faoin urlabhraí de chuid Aer Lingus a dúirt nach bhfuil siad sásta leis an Acht, ós rud é go mbeidh siad in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha nach mbeidh forálacha an Achta ag baint leo? Céard faoin meastachán sealadach a cuireadh isteach anuraidh go gcosnódh sé€8 milliún do na comhairlí contae agus cathrach forálacha an Achta a chur i bhfeidhm?

Tá a fhios ag an Aire go bhfuil mé á cháineadh féin agus ag cáineadh na Roinne le fada ós rud é nach ndearnadh aon mheastachán ceart ar na costais forálacha an Achta a chur i bhfeidhm go hiomlán. Déarfaidh mé an rud seo leis, áfach. Bhíomar ag caint inniu mar gheall ar an nGaeltacht i mbaol. Is é an rud atá ag goilliúint orm ná go bhfuil seans ann go mbeidh cáipéisí nach léifidh éinne á n-aistriú go Gaoluinn. Deir daoine go ndéanfar an rud céanna leis an mBéarla — go mbíonn cáipéisí Béarla ann nach léann éinne agus nach aon stró é an rud céanna a dhéanamh ó thaobh na Gaeilge de. Ní aon fhreagra é sin. Is ceart na cáipéisí Béarla nach léitear a chur ar ceal freisin. Sin an rud is tábhachtaí.

I ndeireadh na dála, áfach, tá an chuma ar an scéal go gcosnóidh sé cuid mhaith airgid forálacha an Achta a chur i bhfeidhm go hiomlán do thart ar 642 comhlacht poiblí agus Roinn. Céard faoi Aer Lingus, Bus Éireann agus Bus Átha Cliath, áfach? Tá siadsan in iomaíocht le comhlachtaí príobháideacha agus ní bheidh na forálacha seo ag baint leo sin. Sin rud ar cheart don Aire díriú air freisin. Nach bhfuil sé in am anois meastachán a dhéanamh ar cé mhéad a chosnóidh sé go díreach don Stát agus do na comhlachtaí poiblí an tAcht seo a chur i bhfeidhm? Níl mórán airgid ag aon Roinn, agus go mórmhór ag na húdaráis áitiúla — airgead a bheadh á chaitheamh ar rudaí nach bhfuil aon fhiúntas ag baint leo i ndáiríre. Beidh neart cáipéisí ann agus an-easpa leitheoirí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.